GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Cruinniú na nÓg 2024

Bhí os cionn 70 ceardlann agus imeacht cruthaitheachta a chomhordú agus a chláreagrú ar fud Chontae Chiarraí do leanaí agus daoine óga idir aon bhliain d’aois agus 18 mbliana d’aois.

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Cruinniú na nÓg 2024

Toisc chomh maith is a bhí féile na bliana seo caite, cuireadh Cruinniú na nÓg 2024 ar siúl Dé Sathairn, an 15 Meitheamh. Rinne Éire Ildánach, i gcomhar le hOifig Ealaíon Chomhairle Contae Chiarraí, os cionn 70 ceardlann agus imeacht cruthaitheachta a chomhordú agus a chláreagrú ar fud Chontae Chiarraí do leanaí agus daoine óga idir aon bhliain d’aois agus 18 mbliana d’aois.

Le breis is 70 imeacht ar siúl, bhí rud éigin ann don uile aoisghrúpa agus don uile spéis chruthaitheach, lena n-áirítear: ETIEM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht, Ealaíona agus Matamaitic), ealaín agus machnamh, ceolamharclannaíocht, damhsa, priontaíocht agus scríbhneoireacht chruthaitheach.

Chruinnigh lucht spéise na hamharclainne in Amharclann Naomh Eoin, Lios Tuathail, le haghaidh taispeántas speisialta de The Curious Incident of the Dog in the Night-Time le hAmharclann na nÓg, Ciarraí. Cuireadh The Puzzle Mural: We’re Not Complete Without You ar siúl in Amharclann Naomh Eoin freisin. Leis an bpíosa ar leith sin, músclaíodh feasacht i ndáil leis an tábhacht a bhaineann le hionchuimsiú agus éagsúlacht, ag tarraingt béim air go bhfuil áit ann don uile dhuine agus gur cheart dúinn glacadh go fonnmhar le difríochtaí a chéile.

 Pictiúr: Brid Ní Luasadh

Cuireadh go leor imeachtaí ar siúl i Leabharlanna Chiarraí, lena n-áirítear na ceardlanna scileanna taispeántais sorcais a raibh an-rath orthu le ISACS (Líonra Ealaíon Sráide, Sorcais agus Mórthaibhsithe na hÉireann) agus léamh an scéil ‘Little Lion Girl’ leis an údar Olivia Hope. Tar éis an léimh, tugadh cuireadh do thuismitheoirí agus do leanaí a saothar ealaíne céadfach féin a raibh an leon mar théama ann a chruthú.

I gCorca Dhuibhne, cuireadh Ealaín do Gach Éinne ar siúl i ndánlann Tigh Áine. Tá an dánlann suite ar Cheann Sléibhe, ar ceantar ardscéimhe é. Ag an gceardlann, nach raibh aon spás fágtha inti, spreag Áine, an t-ealaíontóir agus éascaitheoir, an chéad ghlúin eile d’ealaíontóirí óga chun muinín nua a aimsiú sa chumas ealaíonta atá iontu. Tar éis an imeachta, is éard a dúirt sí go bródúil: “Tá ealaíontóir istigh i ngach éinne.”

Ar ais i nDaingean Uí Chúis, ba é an Díseart an t-ionad uathúil le haghaidh ceardlann oragámaí agus amhránaíochta bunaithe ar théama na Farraige. Thug Ben Dearnley cuireadh do leanaí i rith an lae a bheith cruthaitheach agus a sárshaothar ealaíne gloine dhaite féin a chruthú faoi anáil Harry Clarke.

  Pictiúr: Brid Ní Luasadh

Rinne Emma Carmody, Oifig Rannpháirtíochta Éire Ildánach do Phobail Ildánacha a chomhordaigh clár na n-imeachtaí, cur síos ar an eispéireas i mbeagán focal:

“Ní fhéadfaimis a bheith níos sásta leis an líon daoine a tháinig amach do Chruinniú na nÓg i mbliana. Fuaireamar aiseolas thar a bheith dearfach ó thuismitheoirí agus ó leanaí, agus bhí spraoi ag gach duine a ghlac páirt ann. Tháinig taitneamh agus díograis na leanaí i leith na n-imeachtaí agus na gceardlann go mór chun cinn. Táimid ag súil le Cruinniú na nÓg an bhliain seo chugainn cheana féin, agus dar ndóigh, ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis na healaíontóirí, na héascaitheoirí agus na heagraithe go léir a d’oibrigh gan sos gan scíth chun an lá seo a thabhairt chun críche.”

Bhí go leor daoine i láthair ar an lá agus líonadh na spáis do chuid mhaith de na himeachtaí i bhfad roimh ré. Rinneadh gach iarracht le réimse leathan gníomhaíochtaí cruthaitheachta a chlúdach, agus tugadh deis do leanaí an chruthaitheacht atá iontu a ligean amach.

Ba iad an Oifig Ealaíon agus Oifig Éire Ildánach Chiarraí i gComhairle Contae Chiarraí a chomhordaigh clár Chiarraí. Maoinítear é le tacaíocht ó Éire Ildánach tríd an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Is éard a dúirt Kate Kennelly, Comhordaitheoir Éire Ildánach Chiarraí agus Oifigeach Ealaíon i gComhairle Contae Chiarraí, ná:

“Bhí rud ar leith ann don uile dhuine, agus bí ríméad ar theaghlaigh agus ar dhaoine óga fáil a bheith acu ar imeachtaí ardchaighdeáin saor in aisce ina gceantar féin. B’ionann Ríocht Chiarraí agus Ríocht na Cruthaitheachta an deireadh seachtaine seo.”

 Pictiúr: Noel Sweeney

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Cruinniú na nÓg 2024'