GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Athfhógairt – Oifigeach Forbartha Gnó á lorg ag Comhlacht Forbartha na nDéise

Beidh an té a cheapfar sa phost freagrach as gnó trádála a chothú, táirgí nua a fhorbairt, agus cúrsaí díolacháin a bhainistiú.

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Athfhógairt – Oifigeach Forbartha Gnó á lorg ag Comhlacht Forbartha na nDéise

Tá post mar Oifigeach Forbartha Gnó á thairiscint ag Comhlucht Forbartha na nDéise (CFnaD).

Post ar chonradh dhá bhliain atá á thairiscint agus d’fhéadfadh go gcuirfí leis an tréimhse sin. Beidh an tOifigeach Forbartha Gnó freagrach as deiseanna trádála éagsúla a aimsiú, plean gnó a ullmhú, agus gníomhaíochtaí trádála a fhorbairt faoi scáth an Chomhlacht Forbartha.

Deir Bainisteoir Chomhlucht Forbartha na nDéise, Críostóir Ó Faoláin: “Post nua agus réimse oibre nua don gComhlucht atá i gceist. Beidh deis ag an té a cheapfar a cuid féin a dhéanamh den ról. Duine fuinniúil, cumasach a bhfuil suim aige/aici i gcúrsaí gnó, margaíochta, agus forbairt táirgí a theastaíonn don bpost seo.”

Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine leis an taithí agus/nó na cáilíochtaí seo a leanas: Gaeilge mhaith, tuiscint agus taithí ar chúrsaí gnó agus margaíochta, scileanna maithe eagrúcháin agus ríomhaireachta, agus lán-cheadúnas tiomána.

Beidh an duine a cheapfar lonnaithe in oifigí an Chomhlachta sa Rinn agus sa tSean-Phobal. Obair mar chuid d’fhoireann an Chomhlachta atá i gceist, in éindí leis an mBainisteoir Forbartha, an Pleanálaí Teanga, agus an Áisitheoir Teaghlaigh agus Óige. Post lánaimseartha é seo le huaireanta solúbtha.

Tá sonraí an phoist le fáil ar www.deise.ie/post

Seoltar iarratas mar aon le Curriculum Vitae trí r-phost amháin, roimh Déardaoin, 22 Iúil chuig: cfdeise@gmail.com

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Athfhógairt – Oifigeach Forbartha Gnó á lorg ag Comhlacht Forbartha na nDéise'