GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Ar scáth a chéile a mhaireann na scríbhneoirí faoin Scéim Meantóireachta

Níl fios dom a leithéid de scéim eile in aon teanga ar an oileán seo a thacaíonn le scríbhneoirí ar an dul chéanna le Scéim Meantóireachta Fhoras na Gaeilge

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Ar scáth a chéile a mhaireann na scríbhneoirí faoin Scéim Meantóireachta

Foras na Gaeilge a ritheann agus a mhaoiníonn an Scéim Meantóireachta trí Chlár na Leabhar Gaeilge. Tugann an scéim deis do scríbhneoirí a bhfuil taithí acu (meantóirí) a gcuid comhairle a chur ar fáil do scríbhneoirí atá ag tosú i mbun cheird na scríbhneoireachta. Maireann an tréimhse mheantóireachta corradh is bliain. Íoctar táille bheag leis na meantóirí agus leis na scríbhneoirí araon. Níl fios dom a leithéid de scéim eile in aon teanga ar an oileán seo a thacaíonn le scríbhneoirí ar an dul chéanna seachas an ceann áirithe seo.

Nuair a ghlac mé le post mar chomhordaitheoir leis an Scéim Meantóireachta anuraidh, thuig mé go mbeadh an bhliain a bhí romhainn dúshlánach, nó ba léir go mbeadh Covid-19 linn go cionn tamall eile. In aimsir R.C. (Roimh Covid-19), bhí sé de nós ag meantóirí agus scríbhneoirí bualadh le chéile go rialta chun gnéithe den scríbhneoireacht a phlé, nó chun aiseolas a fháil nó a thabhairt ar an scríobh a bhí ar siúl. Nuair a thosaigh mé féin amach ar an scéim mar phrintíseach roinnt mhaith blianta ó shin, ba é Dermot Somers an t-oide a bhí agam (mar a thugtaí orainn an t-am sin).  Chas muid le chéile gach mí nó sé seachtaine agus phléamar gnéithe den scríobh cruthaitheach, agus is mór an tacaíocht agus an chomhairle a fuair mé uaidh.

Tá naoi scríbhneoir déag agus ocht meantóir déag ar an scéim don bhliain 2021-2022. Tá filí, úrscéalaithe, drámadóirí, gearrscéalaithe agus eile ar an scéim. Tá scríbhneoirí ann nach bhfuil aon rud foilsithe acu go fóill agus scríbhneoirí eile a bhfuil gradam agus aitheantas acu cheana i seánra amháin den scríobh ach atá ag forbairt saothair i seánra nua. Tá gach foireann scríbhneoirí agus meantóirí i gcumarsáid rialta agus plé á dhéanamh ar an obair atá ar siúl. Ó tháinig srianta Covid-19 isteach, ar ndóigh, is le hardáin leictreonacha atá rannpháirtithe ag teacht le chéile formhór an ama. In am an ghátair, múineann gá seift.

Roimhe seo bhí teacht le chéile den ghrúpa ar fad ann cúpla uair sa bhliain – go fisiciúil, san áit chéanna. Ní féidir a bheith ag brath ar a leithéid tarlú i mbliana le cúrsaí Covid, agus mar sin táimid ag eagrú roinnt seisiún eolais ar ghnéithe éagsúla den scríobh ar líne, dírithe ar na scríbhneoirí – gnéithe ar nós eolas praiticiúil ar chúrsaí foilsitheoireachta, ar úsáid na meán sóisialta, ar thacú lena chéile trí ghréasáin a chruthú.

Chuige sin, bímid ag comhoibriú le saineolas ó eagraíochtaí eile, Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge, agus foilsitheoirí, mar shampla. Tá súil againn an comhoibriú seo a láidriú agus a fhorbairt amach anseo. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.

Focal rabhaidh, ar ndóigh, don té atá ag smaoineamh ar iarratas a chur isteach ar an scéim an chéad gheábh eile. Is meantóireacht atá i gceist anseo, chan teagasc. Bítear ag súil le dua agus gníomhú neamhspleách ón scríbhneoir. Ní mór ullmhúchán a dhéanamh chun an chuid is mó tairbhe agus is féidir a bhaint amach as an am teoranta atá ag scríbhneoir leis an mheantóir atá acu. É sin ráite, cothaítear caidreamh, déantar beart, agus in amanna gintear briathra binne.

Meantóirí 2021-2022

Gabriel Rosenstock, Sadhbh Devlin, Jo O’Donoghue, Mícheál Ó Ruairc, Philip Cummings, Cathal Póirtéir, Máire Zepf, Ceaití Ní Bheidiúin, Tadhg Mac Dhonnagáin, Alan Titley, Meadhbh Ní Eadhra, Dairena Ní Chinnéide, Ré Ó Laighléis, Anna Heussaff, Réaltán Ní Leannáin, Áine Ní Ghlinn, Brenda Ní Shúilleabháin, Darach Mac Con Iomaire.

 

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Ar scáth a chéile a mhaireann na scríbhneoirí faoin Scéim Meantóireachta'

  • Ceisteanna oraibh

    …Agus?

    An féidir le scríbhneoirí nua cur isteach ar an scéim i mbliana? Más ea, an bhfuil suíomh éigin ann mar ar féidir leis na scríbhneoirí sin teacht ar tuilleadh eolais faoin scéim, nós imeachta chun cur isteach uirthi, mar shampla? An bhfuil spriocdháta éigin i gceist más maith leo cur isteach uirthi?

    Ba mhór an cuidiú do léitheoirí na sonraí sin a chur san alt, nárbh ea?