Gleoiteoga ag féile idirnáisiúnta mhuirí sa mBriotáin

Bhí an Lon Dubh, an Loveen agus an Nóra Bheag ar báid a bhí páirteach sa bhFéile Idirnáisiúnta Mhuirí atá ar bun i mBrest na Briotáine faoi láthair

Gleoiteoga ag féile idirnáisiúnta mhuirí sa mBriotáin

Tá trí cinn de ghleoiteoga a bhfuil breis is 300 bliain curtha díobh acu ar an bhfarraige, chomh maith le curach dhá sheas, páirteach sa bhFéile Idirnáisiúnta Mhuirí atá ar bun i mBrest na Briotáine faoi láthair.

Is é Club Seoltóireachta Húicéirí na Gaillimhe a thug na báid go dtí an Fhrainc agus tá suas le 40 ball den chlub ag freastal ar an bhféile ar cuireadh tús léi Dé hAoine seo caite agus a mhairfeas go Céadaoin na seachtaine seo.

Ag labhairt dó ar an gclár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta le gairid, dúirt Cóilín Ó hIarnáin ón gclub go mbeadh scéalta fada le n-inseacht ag na gleoiteoga atá páirteach sa bhféile – an Lon Dubh, an Loveen agus an Nóra Bheag – dá mbeadh ar a gcumas sin a dhéanamh.

Measann an saor bád Ó hIarnáin – a tógadh i Roisín na Mainiach i gCarna agus a bhí ina bhall d’fhoirne iomartha a bhuaigh rásaí curach go leor i gcaitheamh na mblianta – gur sa mbliain 1910 nó 1912 a tógadh an Lon Dubh i dTír an Fhia sna hOileáin i gConamara.

Saor bád darbh ainm Pat Pheait Ó Gríofa a thóg í. Chuaigh Ó Gríofa go Meiriceá agus é ina fhear óg agus ba ann a chaith sé an chuid eile dá shaol, dar le Ó hIarnáin. Bhí úinéirí éagsúla ag an Lon Dubh anuas tríd na blianta, a dúirt sé.

Is mar bhád iomartha do mhuintir Uí Chonaire i dTír an Fhia a tógadh an bád ar a dtugtar an Loveen atá anois istigh ag an bPóirse Caoch i nGaillimh. 100 bliain ó shin agus bhíodh sí in úsáid acu don iascaireacht agus chun climíní feamainne a tharraingt ar cheann téide.

Bhí roinnt úinéirí eile aici i gcaitheamh na mblianta, beirt as Ros Muc ina measc. B’in iad Micheál Mac Donnchadha agus Val Clarke. D’fheistigh Val Clarke inneall inti ag deireadh na 1970idí, ach ba é Páraic Hanniffy, as Mearaí in Órán Mór, an ceathrú duine a raibh an bád aige agus ba é a chuir crann seoil inti agus a d’fheistigh í mar ghleoiteog sna 1980idí.

 

Sorcha Mairéad a thug Hanniffy uirthi in onóir a bheirt iníonacha.

An tráth úd, bhíodh Cóilín Ó hIarnáin ina scipéir uirthi agus í san iomaíocht ag geallta éagsúla i gConamara.

Ba é Nicholas (Nicky) Dolan, as Cladach na Gaillimhe, a bhaist an Loveen ar an ngleoiteog i ndiaidh dó í a cheannach in 2009. Nuair a bhásaigh Nicholas Dolan in 2011, bhronn a mháthair Molly an Loveen ar Ghasóga Mara Chalafort na Gaillimhe.

Rinneadh athchóiriú iomlán ar an Loveen ina dhiaidh sin agus cuireadh í i bhfarraige arís in 2021. Chaith an ghleoiteog seo tamall thar lear cheana nuair a bhí sí páirteach in imeacht idirnáisiúnta a bhí ag na Gasóga Mara san Ísiltír in 2022.

Is le Cóilín Ó hIarnáin féin an Nóra Bheag, an tríú gleoiteog atá ar taispeáint ag an bhféile mhuirí sa mBriotáin. Sa mbliain chinniúnach 1916 a thóg an saor bád Seán Ó Domhnaill í i nGaillimh do sheanathair Chóilín agus ba mar bhád iascaireachta a shaothraigh sí ar feadh na mblianta. Rinne Cóilín athchóiriú iomlán uirthi i 1974.

Bhí an Nóra Bheag í féin thar lear cheana nuair a cuireadh í ar taispeáint in Abu Dhabi in Eanáir na bliana 2014 agus Rás Volvo timpeall an domhain ar bun.

Tá breis is 1,000 bád as chuile chearn den chruinne tagtha go féile mhuirí na Briotáine a bunaíodh i 1992 agus an t-ochtú féile á reáchtáil i mbliana, féile a bunaíodh i 1992. Chomh maith leis na báid thraidisiúnta, tá longa taiscéalaíocha, luaimh phléisiúir, báid rásaíochta agus eile le feiceáil i mBrest agus tá imeachtaí go leor ar bun le linn na féile.

Is in onóir a mháthar Nóra a thug Cóilín Ó hIarnáin Nóra Bheag ar a ghleoiteog. Ag iascach gliomach agus muiríní a shaothraigh gleoiteog muintir Uí Iarnáin san am a caitheadh. B’in í an bád a thóg an teaghlach, a dúirt máthair Chóilín fúithi i 1974.

“Níl aon obair ag na báid seo níos mó,” a dúirt Cóilín Ó hIarnáin agus é ag labhairt ar Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo caite, “seachas a bheith páirteach i rásaí agus i bhféilte.”

Is léir go bhfuil a saol ar scor tuillte ag na báid ársa chéanna.

Fág freagra ar 'Gleoiteoga ag féile idirnáisiúnta mhuirí sa mBriotáin'