Glactha le moltaí uile Fhochoiste na Straitéise faoi leasú reachtaíochta

Deir Cathaoirleach an Fhochoiste go bhfuil "an-áthas" air gur ghlac an Comhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht leis na moltaí ar fad

21/4/2010 Traditional Music Archives
Labhrás Ó Murchú. Pictiúr: Photocall Ireland

Glacadh tráthnóna inniu le moltaí uile an Fhochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge maidir le cinnteidil an Bhille atá á thabhairt isteach le leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Dúirt Leas-Chathaoirleach an Fhochoiste, Labhrás Ó Murchú, go bhfuil “an-athás” air gur ghlac an Comhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht leis na moltaí.

Dúirt sé go ndearna an Fochoiste an-chuid “réamhobair” chun na leasuithe molta a chur i dtoll a chéile agus go bhfuil toradh a gcuid oibre le feiceáil anois.

Ocht leasú is fiche a moladh ar chinnteidil an Bhille atá á thabhairt isteach chun athruithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Dúirt Ó Murchú go bhfoilseofar na leasuithe molta “an-sciobtha” agus go mb’fhéidir go gcuirfear os comhair an phobail iad ar an Déardaoin bheag seo.

Tá cóip den cháipéis ina bhfuil na moltaí leagtha amach ag Tuairisc.ie agus ina measc tá go dtabharfadh gach uile eagras stáit gealltanas uaidh go mbeadh 10% dá bhaill foirne inniúil ar an nGaeilge agus ábalta déileáil leis an bpobal trí mheán na teanga sin nuair is gá.

Mhol an Fochoiste freisin go ndéanfadh an Rialtas athbhreithniú ar an gcinneadh i dtaca le marcanna bónais do Ghaeilgeoirí sa státseirbhís agus go ndéanfaidís féin gealltanas go mbainfidh siad leas as a gcuid Gaeilge nuair is gá.

Is mian leis an bhFochoiste go dtabharfadh gach eagras stáit gealltanas go bhfuil siad tiomanta dá seirbhísí go léir a chur ar fáil i nGaeilge fud fad na tíre.

B’fhearr leo nach mairfeadh scéimeanna teanga ach cúig bliana seachas seacht mbliana, faoi mar atá á mholadh de réir chinnteidil an Bhille.

Leasú eile a cuireadh chun cinn is ea go gcuirfí i bhfeidhm scéim cúitimh, atá ceadaithe cheana féin sa reachtaíocht, faoina n-íocfaí suim airgid le baill den phobal sa chás go sárófaí a gcearta teanga faoin Acht.

Ba mhian leis an bhFochoiste go mbeifí cruinn agus an leagan Gaeilge d’ainmneacha daoine á n-úsáid in aon chomhfhreagras a bhaineann le heagrais stáit.

Ba cheart d’eagrais stáit pé córas eolais agus teicneolaíochta a chur i bhfeidhm a bheidh in ann déileáil leis an méid seo, a deirtear, agus molatar go rachadh eagrais i ngleic leis an gceist seo ina gcuid ráiteas straitéise agus tuarascálacha bliantúla agus go leagfaidís síos tréimhse ama faoina sásófaí an riachtanas seo agus na céimeanna atá i gceist acu a thabhairt chun é a chur i bhfeidhm.

Fág freagra ar 'Glactha le moltaí uile Fhochoiste na Straitéise faoi leasú reachtaíochta'