Glactha ag Coiste Oireachtais le moladh go gcaithfí trí oiread de bhuiséad an stáit ar an nGaeilge

Tá an t-ardú ar an gcéatadán de chaiteachas an stáit a dhéantar ar an teanga ar cheann de thrí mholadh i dtuarascáil nua de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta

Glactha ag Coiste Oireachtais le moladh go gcaithfí trí oiread de bhuiséad an stáit ar an nGaeilge

Tá glactha ag Coiste Oireachtais le moladh go n-ardófaí an céatadán de chaiteachas an stáit a chuirtear ar fáil don Ghaeilge go dtí 0.4% sa bhliain.

Tá an t-ardú ar an gcéatadán de chaiteachas an stáit a dhéantar ar an teanga ar cheann de thrí mholadh i dtuarascáil nua de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Tagann na moltaí sin ó Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge a raibh ionadaithe ón gCoiste Oireachtais i láthair aici.

Moltar sa tuarascáil chomh maith go gcaithfeadh RTÉ 15% dá bhuiséad ar chraoltóireacht na Gaeilge “ionas gur féidir leis i bhfad níos mó cláracha Gaeilge a chur ar an teilifís agus ar an raidió”. .” Faoi láthair, 7.5% de bhuiséad RTÉ a chaitear ar ábhar Gaeilge.

Ghlac an coiste freisin le moladh go dtacófaí le lárionaid Ghaeilge a fhorbairt ar fud na tíre.

Tá an tuarascáil curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

De réir figiúirí Chonradh na Gaeilge idir 0.13% agus 0.17% de bhuiséad an stáit a chaitear gach bliain ar scéimeanna Gaeilge agus Gaeltachta agus ar eagraíochtaí teanga amhail Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus TG4.

0.24% den bhuiséad a chaitear ar an teanga sa Tuaisceart.

D’aontaigh baill an Choiste Oireachtais le Conradh na Gaeilge gur “céatadáin shuaracha bheaga bhídeacha iad na céatadáin seo” i bhfianaise na tacaíochta a léirítear do chur chun cinn na Gaeilge i bpobalbhreitheanna éagsúla.

Maíonn Conradh na Gaeilge leis go bhfágtar gach rud faoin “duine aonair” ó thaobh na Gaeilge de agus go mbíonn an Stát “ag seachaint a dhualgas féin i leith na teanga”. Baineann “easpa cothrom na Féinne agus easpa uaillmhéine” leis an maoiniú a chuirtear ar fáil don teanga.

Éilítear i bplean infheistíochta an Chonartha go ndéanfaí os cionn €220 milliún d’infheistíocht bhreise sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht idir seo agus 2029.

Mhol Aengus Ó Snodaigh, Cathaoirleach Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta “fís” Chonradh na Gaeilge ach dúirt sé go raibh sé “beagáinín coimeádach”.

Mhol an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil Lorraine Clifford-Lee An Plean Fáis: Plean Infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht 2024 – 2029 chomh maith. Dúirt an Seanadóir gur chóir “poist mhaithe le tuarastail agus coinníollacha” a bheith ar fáil do dhaoine atá ag plé leis an bpleanáil teanga.

Bhí toscaireacht ó Choiste na Gaeilge i láthair ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge san Aonach i dTiobraid Árann níos luaithe i mbliana.

Ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge i dTeach Laighean tráthnóna, pléifear an tacaíocht a chuireann Roinn Gnóthaí Eachtracha ar fáil do chainteoirí agus eagrais Ghaeilge thar lear.

 

 

 

 

Fág freagra ar 'Glactha ag Coiste Oireachtais le moladh go gcaithfí trí oiread de bhuiséad an stáit ar an nGaeilge'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Dá gcaithfí agus airgead iomlán Tubridy uirthi is beag an mhaith a dhéanfadh sé!