I Moscó dúinn i 1993, ba léir go raibh an saol sa Rúis ag athrú, diaidh ar ndiaidh. Bheadh an daonlathas ann, bheadh deireadh leis an mbochtanas, bheadh deireadh le ganntanas bia sna siopaí agus cinnte bheadh deireadh le ré an KGB. Bhí deireadh cheana féin le hainm na tíre – an tAontas Sóivéadach.
Rinne foireann an chláir teilifíse Cúrsaí roinnt tuairiscí as Moscó thart ar Lá ’le Pádraig.
Bhí teagmháil déanta agam le beirt bhan óg a bhí ag déanamh dul chun cinn i bhforbairt an tionscail teileachumarsáide ansin. Bhí fón ag ceann an phasáiste in Óstán an Rossiya ach ní raibh gíog as – fianaise go raibh a leithéid d’fhorbairt ag teastáil go géar.
Bhí Olltionól de na Teachtaí Parlaiminte ar siúl nuair a bhíomar ann. Lá i ndiaidh lae, bhí baill an Pháirtí go sonrach ag dul thart san óstán in ‘track suits’ lonracha – comhartha cumhachta agus rachmais ag an am.
Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur tháinig dream eile chun cinn sa Rúis agus rachmas ollmhór, doshamhlaithe acu – na ‘oligarchs’ ola agus gáis – ach ní chreidfeá sin i 1993. Ní raibh muide ag smaoineamh ar chúrsaí polaitíochta ar chor ar bith – rinneamar míreanna ar an ábhar thuas, ar rannóg na Gaeilge san Ollscoil agus ceann gearr ar an bparáid Lá ‘le Padraig i lár Mhoscó.
Ag an am, bhí siopa ‘saor ó dhleacht’ oscailte ag Aer Rianta sa gcathair agus rinneadar urraíocht ar an bparáid.
Ag féachaint siar air ar shuíomh chartlann RTÉ, chuir an mhír sin ag gáire mé.
Is léir nach raibh tionchar Macnas i nGaillimh gaibhte i gcionn ar stíl ná ar leagan amach na paráide thall. Cúpla seanleoraí agus fear gléasta in éide Naomh Pádraig, banna ceoil Ard Aidhin agus cúpla rud fánach eile. Sin a raibh ann. Ach cheap mise go raibh mé i lár an aonaigh agus go raibh an saol Rúiseach ag ceiliúradh.
Leis an bhfírinne a inseacht, ag breathnú siar air anois, ba léir nach raibh barúil na ngrást acu céard a bhí ag titim amach ar Shráid Novy Arbat.
Tháinig an chuairt sin chun cuimhne dom nuair a léigh mé le gairid go raibh an spiaire George Blake tar éis bháis. Cheap mise go raibh sé básaithe le fada an lá. Bhí sé 98 bliain d’aois agus é ag cur faoi i Moscó ó d’éalaigh sé anonn i 1966. Chiallaigh sin go raibh sé beo i Moscó agus muide thall.
Bhí mé sa Spidéal i 1966 nuair a tháinig an scéal amach faoi éalú George Blake ar nuacht an raidió. Ach ba mhó suim a bhí á chur san Éireannach a thug cúnamh dó éalú as Wormwood Scrubs – Seán Bourke, as Luimneach ó dhúchas.
Chuir Seán Bourke aithne ar Blake, a bhí i dtús a théarma 42 bliain sa bpríosún, nuair a bhí sé féin ‘istigh’ ar chúis a bhain le gadaíocht.
Nuair a scaoileadh Bourke saor, d’éirigh leis raidió ‘dhá-bhealach’ a thabhairt do Bhlake sa bpríosún. Bhí an plean an-simplí ina dhiaidh sin.
Oíche amháin, nuair a bhí an scannán seachtainiúil á thaispeáint, bhris Blake fuinneog sa phasáiste agus amach leis go clós an phríosúin. Chaith Bourke dréimire, a bhí curtha le chéile as rópa agus bioráin chniotála, trasna an bhalla agus ‘away’ le George Blake. Tháinig beirt chomrádaithe eile ón bpríosún i gcabhair air agus chuidigh siad leis dul chomh fada le Oirthear na Gearmáine agus isteach san Aontas Sóivéadach.
Rinne na húdaráis i Sasana iarrachtaí éagsúla Seán Bourke a eiseachadadh ón tír seo go dtí an Bhreatain. Dhiúltaigh an breitheamh toisc gur measadh gur coir ‘pholaitiúil’ a bhí ann. Thriail Bourke aistriú go dtí an tAontas Sóivéadach ach ní raibh aon ghoile aige don saol ansin agus d’fhill sé ar Luimneach.
Ní raibh an rogha sin ag George Blake.
Bhí sé san Aontas Sóivéadach anois – tír agus córas polaitiúil a mheall é ón uair a léigh sé Das Capital le Karl Marx agus é ina phríosúnach in Pyongyang, sa Chóiré le linn an Dara Cogadh Domhanda.
An uair sin, chuir Ambasáid na Sóivéadach sa Chóiré beart trí leabhar chuig na príosúnaigh ach ba sa Rúisis a bhí péire díobh scríofa. Thuig Blake an Rúisis (bhí sé ina spiaire do Shasana ag an am) agus bhí Rúisis freisin ag Vyvyan Holt, Consal na Breataine in Seoul a bhí ina phríosúnach ann freisin. Léigh siad na leabhair agus phléigh siad an t-ábhar agus i ngan fhios don fhear as Sasana, bhí Blake ag foghlaim agus ag cur an-suim sa bhfealsúnacht Chumannach. Fear an-mheabhrach a bhí i mBlake – rinne sé staidéar freisin ar an gCórán in Araibis agus phléigh an t-ábhar lena chomhphríosúnaigh.
Chomh luath agus a d’fhág sé an príosún sa Chóiré i ndeireadh an chogaidh, d’fhill sé ar a jab mar ghníomhaire leis na Briotanaigh ach an uair seo, bhí sé ag obair faoi cheilt don Aontas Sóivéadach. Lean sé ar aghaidh go dtí 1961 nuair a sceitheadh a rún agus gabhadh é.
Nuair a bhí saol Blake á scrúdú ina dhiaidh sin uilig, measadh go raibh sé ciontach i marú ar a laghad 42 gníomhaire de chuid na Breataine ar fud an domhain – cuid díobh a d’oibrigh go dlúth le Blake féin.
Ansin i 1966 agus gan ach seachtain dá shaol nua i Moscó curtha dó ag Blake, thuig sé nár oir an saol ansin dó. Ní raibh sé blas cosúil leis an saol a bhí cruthaithe aige ina shamhlaíocht agus é ag obair ar son na tíre sin. Bhí a bhean agus a chlann mhac tréigthe aige i Sasana agus níor chas sé lena chlann mhac arís go dtí am éigin sna hochtóidí nuair a tugadh cead dóibh cuairt a thabhairt air. Phós sé Rúiseach mná agus bhí mac eile aige thall.
D’fhill Seán Bourke ar Luimneach agus bhí cáil air ar feadh tamaill, mar an ‘duine a scaoil George Blake’. Ach thosaigh sé ag ól agus de réir a chéile, chuaigh a shaol ar strae ar fad. Bhí sé ag cur faoi i gcarbhán i gCill Chaoi ar deireadh.
Bhí leabhar foilsithe aige a raibh an-ráchairt air, The Springing of George Blake, agus é ráite faoi go raibh sé i mbun pinn ar leabhar eile faoin seal a chaith sé i Wormwood Scrubs.
Nuair a thit sé as a sheasamh ar an tsráid mí Eanáir 1982, níorbh aon iontas d’éinne gurb é an t-alcól ba chionsiocair lena bhás.
Ach nuair a bhí na heachtraí sin ar fad ligthe i ndearmad agus saol na spiadóireachta imithe as na nuachtáin, cuireadh aguisín beag leis an scéal.
Tháinig spiaire mór le rá Oleg Kalunin, as an Rúis anonn go dtí an ‘taobh eile’ agus thosaigh ag sceitheadh rún. Dúirt sé go raibh a fhios aige cé a chuir an tÉireannach Seán Bourke den saol, agus dúirt sé gur tugadh nimh dó, ar ordú Aleksandr Sakharovsky ón KGB.
Agus ba chosúil, nuair a cuartaíodh carbhán Bourke i gCill Chaoi, nach raibh tásc ná tuairisc ar an lámhscríbhinn a raibh sé ag obair air.
Is dócha gur ceapadh ag an am gur ‘finscéal’ a bhí i scéal na nimhe – ach tá taithí againn anois ar scéalta Navalny agus Sergei agus Yulia Scripal. Cé a dhiúltódh don tuairim sin anois?
Agus cé a ghlacfadh le cuireadh chuig mórshiúl trí lár Mhoscó anois?
Seosamh Ó Beirgin
An bhfuil sé fíor (mar a deir Ní Nuadháin) nár oir saol an Aontais Sóivéadaigh le George Blake? Cheap mé gurbh é a mhalairt a bhí fíor. Ar ndóigh, ní raibh an dara rogha aige.
Mairéad Ní Nuadháin
A Sheosaimh, de réir an leabhair’The Happy Traitor,’ scéal George Blake leis an údar Simon Kuper, fuair Blake amach tar éis seachtain san Aontas nach aon Parrthas a bhí ann. Chuir Kuper agallamh air ach gheall sé nach bhfoilseodh sé é go dtí tar éis a bháis. MNíN