FÍSEÁN: Blaiseadh de ghearrscannán dátheangach le Linda Bhreathnach a bheidh ag Fleadh Scannán na Gaillimhe

Os cionn 500 iarratas a fuair Fleadh Scannán na Gaillimhe dá sraith gearrscannán agus roghnaíodh 14 acu le taispeáint ag an bhféile, ina measc 'Adulting' leis an aisteoir Gaeltachta, Linda Bhreathnach

Linda Breathnach

Beidh gearrscannán nua dátheangach leis an aisteoir agus an scríbhneoir Linda Bhreathnach, as Ros Muc, á thaispeáint den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe an tseachtain seo chugainn.

Is í Breatnach a scríobh agus a stiúir an gearrscannán Adulting, agus is í atá sa phríomhról ‘Jane’ freisin. Bhí Justin Davey ina chomhstiúrthóir air.

Insítear scéal Jane, bean óg atá tagtha abhaile go Conamara tar éis dá caidreamh grá thar lear cliseadh. Déantar iarracht sa scannán dul i ngleic le “ceist mhór an lae inniu” – cén chaoi a dtugtar faoi shaol an duine fásta?

“Bhí mé ag iarraidh stíl nua scannáin a dhéanamh ó dhearcadh mná as Iarthar na hÉireann. Bhí mé ag iarraidh rud éigin a dhéanamh a labhraíonn le mo ghlúinse agus a imíonn ón íomhá sheanchaite den Iarthar agus den saol amuigh faoin tuath,” a dúirt Breathnach.

Rinneadh an scannánú ar fad don ghearrscannán i gCathair na Gaillimhe agus i gConamara agus is i mBéarla agus i nGaeilge atá an scrip. Ar an gcliar tá Linda Bhreathnach féin, a bhain cáil amach ar dtús ar Ros na Rún agus a bhí le feiceáil i leithéidí Corp agus Anam ar TG4, Carrie Crowley, a bhíonn le feiceáil ar Fair City ar RTÉ One, Seán T. Ó Meallaigh, a raibh príomhpháirt aige i An Klondike, sraith a bhuaigh gradam IFTA don chlár is fearr i mbliana, agus Pádraic Breathnach, a bhíonn le feiceáil ar Jack Taylor ar TV3.

Beidh Adulting á thaispeáint ag Fleadh Scannán na Gaillimhe mar chuid den tsraith ‘Short Film at the Fleadh’ a thugann ardán do ghearrscannáin. Cuireadh os cionn 500 iarratas isteach ar an tsraith sin agus roghnaíodh 14 acu le taispeáint ag an bhféile. Taispeánfar Adulting mar chuid den chnuasach scannán ‘New Irish Short Film 2’ Déardaoin an 7  Iúil in Amharclann na Cathrach i gcathair na Gaillimhe. 

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Blaiseadh de ghearrscannán dátheangach le Linda Bhreathnach a bheidh ag Fleadh Scannán na Gaillimhe'

  • Seán Ó Deoráin

    “Ag mediatate-áil”, a dhiabhal, haha!!