Gearrscannáin á lorg ag Pictiúrlann Bheag na Gaillimhe do Sheachtain na Gaeilge

Beidh Pictiúrlann Bheag na Gaillimhe ag taispeáint gearrscannán Gaeilge sa Róisín Dubh i rith Sheachtain na Gaeilge don tríú bliain an mhí seo chugainn

camera-660090_1920

Tá Pictiúrlann Bheag na Gaillimhe ag cuardach gearrscannán do thaispeántas speisialta a bheidh ar siúl sa Róisín Dubh le linn Sheachtain na Gaeilge.

Seo í an tríú bliain ag Pictiúrlann Bheag na Gaillimhe páirt a ghlacadh san fhéile náisiúnta teanga. Beidh taispeántas na bliana seo ar siúl ar 15 Márta.

Tá lucht eagraithe na Pictiúrlainne Bige ar thóir scannán i nGaeilge atá faoi bhun deich nóiméad le taispeáint ar an oíche. Caithfidh an scannánóir a bheith i láthair ag an Róisín Dubh ar an oíche agus sásta cúpla nóiméad cainte a thabhairt uaidh a mhíneodh an scannán.

Cuirfear fáilte roimh scannáin d’aon chineál: cláir fhaisnéise agus físeáin cheoil san áireamh chomh maith le gnáthscannáin. Beidh fáilte ar leith roimh scannáin a bhfuil Éirí Amach 1916 mar théama iontu.

Roghnófar na scannáin a bheidh le taispeáint ar an oíche agus tabharfar tús áite do scannáin nua a rinneadh go speisialta d’ócáid Sheachtain na Gaeilge de chuid Phictiúrlann Bheag na Gaillimhe.

Ní mór do lucht déanta na scannán iarratas a chur isteach faoin Aoine an 11 Márta trí ríomhphost a sheoladh chuig littlecinemagalway@gmail.com.

Seo scannán a rinne Daniel Butler as Gort an Choirce agus a taispeánadh ag Pictiúrlann Bheag na Gaillimhe ag ócáid Sheachtain na Gaeilge anuraidh.

 

 

Fág freagra ar 'Gearrscannáin á lorg ag Pictiúrlann Bheag na Gaillimhe do Sheachtain na Gaeilge'