Gearóid Denvir ceaptha mar Uachtarán an Oireachtais don bhliain seo romhainn

Seirbhís dhílis dhíograiseach tugtha ag an uachtarán nua don Oireachtas leis na blianta, a deir Liam Ó Maolaodha

Gearóid Denvir ceaptha mar Uachtarán an Oireachtais don bhliain seo romhainn

Gearóid Denvir, iar-ollamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh atá roghnaithe mar Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge don bhliain seo romhainn.

Insealbhaíodh mar uachtarán é, mar chomharba ar Mhicheál Mac Aogáin, ag searmanas in Óstán Bhóthar na Trá i gcathair na Gaillimhe tráthnóna nuair a bronnadh slabhra na hoifige air. Bhí slua breá den lucht acadúil, ceoltóirí agus oifigigh ó earnáil na n-ealaíon agus an chultúir i láthair ag an ócáid, chomh maith lena mhuintir agus a chairde.

Baile Átha Cliathach é Gearóid Denvir a bhfuil cónaí air le fada i gCnoc na hAille, Indreabhán, i nGaeltacht Chonamara. Tá sé ag freastal ar an Oireachtas ó 1967 i leith agus tá suim ar leith aige sna healaíona béil. Bhí sé ina mholtóir go minic ar chomórtais éagsúla an Oireachtais, ina measc an tAgallamh Beirte, Na Lúibíní, An Scéalaíocht, An Dreas Cainte, An Sceitse agus an tAmhrán Nuachumtha.

Dúirt Gearóid Denvir gur “onóir agus pribhléid ar leith” dó a bheith ina Uachtarán ar an Oireachtas go háirithe agus an fhéile ar siúl i nGaillimh, Príomhchathair Chultúir na hEorpa, in 2020.

“Tagann pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le chéile ag an Oireachtas le ceiliúradh a dhéanamh orainn féin agus ar ár n-oidhreacht chultúrtha agus teanga. Tá go leor cuimhní geala Oireachtais againn ó fhéilte éagsúla i gcaitheamh na mblianta agus tá mé cinnte go gcuirfidh Oireachtas na Gaillimhe 2020 leis an stór sin,” a dúirt sé.

Dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, gur thug Gearóid Denvir “seirbhís dhílis dhíograiseach” don Oireachtas i gcaitheamh na mblianta le cúrsaí liteartha agus Oireachtas na Samhna go háirithe.  “Beidh sé ina ambasadóir den scoth ar son an Oireachtais i gcaitheamh na bliana amach romhainn,” a dúirt sé.

Ba é searmanas an lae inniu an chéad ócáid ag Oireachtas 2020 i nGaillimh. Beidh Oireachtas na Samhna ar siúl sa chathair ón 23 Deireadh Fómhair – 1 Samhain 2020.

Fág freagra ar 'Gearóid Denvir ceaptha mar Uachtarán an Oireachtais don bhliain seo romhainn'

  • Áine Nic Niallais

    Comhghairdeas ó chroí leat, a Ghearóid!

  • Aine Ni Fhiannusa

    Sin scéal iontach, maith thú a Ghearóid. Traoslaím leat. Go maire tú slán.

  • Brigid

    D’oibrigh mé le Gearóid i 1994- tá sé in ann daoine agus beocht na teanga a spreagadh go cumasach.