Géariomaíocht romhainn i gcraobhacha sinsir na bhfear agus na mBan ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2023

Cuireadh tús ceart leis an aicsean ag Comórtas Peile na bliana seo sna Méilte inné agus 28 foireann ó chumainn fud fad na Gaeltachta ag glacadh páirte i gcomórtais na bhfear agus na mban, idir shinsir agus sóisir, i rith an deireadh seachtaine

Géariomaíocht romhainn i gcraobhacha sinsir na bhfear agus na mBan ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2023

 Cé gur deireadh seachtaine mór é sna comórtais idirchontae agus nach mór gach contae in Éirinn ag dul chun páirce, Na Méilte in Íochtar na Rosann croílár an domhain do lucht peile na Gaeltachta deireadh seachtaine na Cincíse agus Comórtas Peile na Gaeltachta 2023 á reáchtáil ag an gcumann áitiúil Naomh Muire. 

Imeoidh 28 foireann ó chumainn fud fad na Gaeltachta i 25 cluiche i gcomórtais na bhfear agus na mban, idir shinsir agus sóisir, i rith an deireadh seachtaine. 

Fágann an struchtúr nua atá ar chluichí idirchontae na bhfear gur lú seans ná riamh go bhfeicfear aon réalta idirchontae ag an gComórtas, fiú má bhaineann foireann cluiche ceannais amach, ach, mar a léirigh caighdeán na peile ag comórtas na bliana seo caite, ní fhágann sin nach mbeidh sárpheileadóirí le feiceáil sna Rosa. 

Cuirfear tús le comórtas sinsir na bhfear le cluiche idir péire de na foirne is láidre, Naomh Conaill agus Béal Átha an Ghaorthaidh. Is iad an dá fhoireann seo a shroich an cluiche ceannais bliain ó shin i Leitir Móir agus fir Mhúscraí a thug leo Corn an Aire den chéad uair riamh. Bhí deireadh seachtaine den scoth ag an tosach Ben Seartan anuraidh ach bhí na taispeántais a thug imreoirí amhail Conchúr Ó Loingsigh, Cian Ó Duinnín, Donagh Seartan agus John Ó Donnchú cinniúnach i rath Bhéal Átha an Ghaorthaidh.  

Tógfaidh sé iarracht mhór an ceann is fearr a fháil ar Naomh Conaill inniu, áfach. B’fhéidir nach bhfuil foireann na nGleanntach chomh láidir is a bhí nuair a bhuadar comórtas na sinsear in 2015 agus 2016 ach tá siad ar cheann de na foirne is fearr i nDún na nGall go fóill agus a gcumas léirithe acu i Roinn 1 de shraith an chontae agus barr an tábla acu le sé bhua as seacht gcluiche.  Tá Odhrán Doherty, a bhí ar dhuine de na himreoirí ab fhearr a bhí ag Naomh Conaill sa chomórtas anuraidh, Ciarán Thompson agus Jeaic McKelvey mar chuid d’fhoireann Dhún na nGall a bheidh ag imirt in aghaidh Dhoire amárach ach tá dóthain imreoirí cumasacha ag Naomh Conaill go fóill chun an chraobh a bhaint. 

Dhá fhoireann as Múscraí atá ag imirt i gcomórtas na bliana seo agus Cill na Martra ag tabhairt aghaidh ar Naomh Anna, Leitir Móir níos deireanaí tráthnóna. Tá gaiscí déanta ag Micheál Ó Deasúna agus muintir Uí Dhuinnín do Chill na Martra ag Comórtas Peile na Gaeltachta le blianta beaga anuas agus beidh na Corcaígh muiníneach go maith ag teacht go dtí na Méilte, gan ach dhá chluiche caillte acu as seacht gcinn i Roinn 1 na sraithe i gCorcaigh. 

Briseadh croí a bhí i ndán do Naomh Anna Leitir Móir i gcomórtas na bliana seo caite nuair a chlis orthu in aghaidh Naomh Conaill sna babhtaí leathcheannais ar Pháirc an Mháimín. Tá ag éirí go maith leo i Roinn 3B na sraithe sa bhaile agus iad sa dara háit faoi láthair. Beidh biseach ag teastáil le dul chun cinn a dhéanamh thuas i nDún na nGall ach, tá an mianach iontu mar a léirigh siad in 2021 agus Craobh Idirmheánach na Gaillimhe crochta leo acu agus d’fhan siad slán sa Chraobh Shinsir anuraidh chomh maith. 

Bhulf Tón a bhuaigh Corn an Aire an uair dheiridh a raibh an Comórtas Peile i dTír Chonaill, sna Dúnaibh in 2018, agus tabharfaidh siad iarracht mhaith eile faoi arís i mbliana. Tá Craobh Shinsir na Mí buaite acu ó shin, in 2021, agus cé go bhfuil trí chluiche as a chéile caillte acu i Roinn 1A sa bhaile, beifear ag iarraidh rudaí a chur ina gceart le deireadh seachtaine maith i dTír Chonaill. 

Thuas seal, thíos seal a bhí peileadóirí na Rinne go dtí seo sna Déise, trí chluiche buaite acu agus péire caillte i Roinn 1 na sraithe. Tá deich mbliana ann ó bhain an Rinn cluiche ceannais na sinsear amach ag an gComórtas Peile, nuair a bhí sé thíos ar a bpáirc féin in 2013, ach má éiríonn leo Bhulf Tón a shárú tráthnóna, bheadh siad muiníneach go maith go bhféadfaí an gaisce céanna a dhéanamh i mbliana. 

Ciarraí in aghaidh Mhaigh Eo a bheidh sa chluiche ceathrú ceannais deireanach i gCraobh na Sinsear agus An Ghaeltacht agus Béal an Mhuirthead ag tabhairt aghaidh ar a chéile. Tá ag éirí go han-mhaith leis an nGaeltacht i Roinn 2 i gCiarraí, iad ar bharr na sraithe i láthair na huaire, ach tá roinnt mhaith imreoirí in easnamh orthu ar a dturas ó thuaidh an deireadh seachtaine seo. Tá an fear mór láir páirce Rob Ó Sé agus an naoscaire Dara Ó Sé ag fir Chorca Dhuibhne, áfach, agus má éiríonn leo cluiche an lae inniu a bhuachan, b’fhéidir go gcuirfí glaoch ó dheas chun cúpla imreoir eile a mhealladh aneas. 

Agus Ryan O’Donoghue ag imirt do Mhaigh Eo, tá sárimreoir in easnamh ar Bhéal an Mhuirthead chomh maith. Níl ach trí chluiche sraithe imeartha ag Béal an Mhuirthead go dtí seo, ceann acu buaite agus an péire eile caillte acu i Roinn 2B, agus fágann sin go mbeifear ag súil go spreagfaidh cluichí maithe ag an deireadh seachtaine smoirt iontu a thabharfas seans dóibh. 

Ní bheidh ach ceithre fhoireann i gcraobh shinsir na mban ag an gComórtas Peile i mbliana. Ba iad Gleann Fhinne a bhuaigh an chraobh anuraidh ach is iad An Tearmann a bheidh ag déanamh ionadaíochta ar Dhún na nGall i mbliana tar éis dóibh an comórtas áitiúil a bhuachan. Ba í laoch an Tearmainn, Geraldine McLaughlin a d’aimsigh formhór na scóranna dá foireann sa chluiche ceannais sin agus beidh siad ag iarraidh cur leis na sé chraobh náisiúnta as a chéile a bhuaigh an cumann idir 2010-2015. Na Conallaigh rogha na coitiantachta do chomórtas na mban ach beidh orthu Cill Chomáin Mhaigh Eo a shárú ar dtús, foireann a bhfuil a gcumas léirithe acu ag an gComórtas Peile le blianta beaga anuas.  

Clann na nGall na Mí agus Maigh Cuilinn na Gaillimhe atá ar an taobh eile den tarraingt agus mná Mhaigh Cuilinn ag iarraidh an chraobh a bhuachan den dara huair riamh tar éis dóibh í a bhaint i mBaile Bhuirne in 2016. Shroich siad cluichí ceannais chomh maith in 2018 agus 2019 agus seans maith acu sin a dhéanamh arís i mbliana sna Méilte. 

Fág freagra ar 'Géariomaíocht romhainn i gcraobhacha sinsir na bhfear agus na mBan ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2023'