‘Géarghá’ le bunú institiúid taighde don Ghaeilge le dul i ngleic le laghdú ar líon na gcainteoirí

Deir sochtheangeolaí aitheanta gur ‘ag briseadh síos’ atá cumas tuismitheoirí an Ghaeilge a thabhairt ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile

‘Géarghá’ le bunú institiúid taighde don Ghaeilge le dul i ngleic le laghdú ar líon na gcainteoirí

Deir sochtheangeolaí aitheanta go bhfuil “géarghá” le hinstitiúid náisiúnta taighde a bhunú le dul i ngleic leis an laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais.

Dúirt Seosamh Mac Donnacha gur botún mór a bhí ann fáil réidh le hInstitiúid Teangeolaíochta Éireann agus gur theastaigh a leithéid athuair le taighde “leanúnach” a dhéanamh faoi chúrsaí teanga sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.

Dúirt Seosamh Mac Donnacha, duine d’údair An Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, le Tuairisc go dteastaíonn “infheistíocht shuntasach” i dteaghlaigh le dul i ngleic leis an laghdú atá tagtha ar líon na gcainteoirí óga Gaeilge sa Ghaeltacht, laghdú arb iad na figiúirí nua daonáirimh an fhianaise is déanaí dó.

Maidir leis an phleanáil teanga, dúirt Mac Donnacha gur “acmhainn an-tábhachtach” iad an grúpa daoine – thart ar 6,000 duine sa Ghaeltacht agus 123,000 duine sa stát  –  a thug le fios i nDaonáireamh 2022 go bhfuil Gaeilge an-mhaith acu ach nach labhraíonn siad gach lá í.

“Is acmhainn an-tábhachtach iad na daoine sin a bhfuil Gaeilge mhaith acu ach ar chúiseanna éagsúla nach bhfuil deiseanna ar fáil dóibh an Ghaeilge a úsáid go rialta nó go laethúil agus is gá breathnú ar an ngrúpa sin mar acmhainn eile atá ar fáil don phleanáil teanga in Éirinn.

“An grúpa is tábhachtaí ó thaobh na pleanála teanga de ná na daoine óga, na daoine atá i ndeireadh na ndéaga agus sna fichidí agus is fiú breathnú go háirithe an féidir iad a spreagadh le rogha a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge mar theanga atá siad ag dul a úsáid,” ar sé.

Dúirt Mac Donnacha, atá ina Chomhordaitheoir Acadúil in Ollscoil na Gaillimhe, go dteastaíonn breis “tacaíochtaí” ó dhaoine a thug le fios gur cainteoirí laethúla iad lena chinntiú go leanfaidh siad orthu ag labhairt na teanga.

“Má tá an Ghaeilge le maireachtáil mar theanga phobail, is é an chéad sprioc a chaithfeas a bheith againn i gcónaí ná tús áite a thabhairt do na riachtanais atá ag na daoine atá ag labhairt na Gaeilge go laethúil i gcomhthéacsanna éagsúla.

“An rud atá i gceist agam leis na tacaíochtaí sin ná go mbeadh na tacaíochtaí céanna ar fáil trí Ghaeilge is atá ar fáil trí Bhéarla do na daoine atá ag labhairt Béarla go laethúil”

“Anois má chuireann tú ceist orm céard iad na tacaíochtaí sin, bheinnse ag caint ar thacaíochtaí cosúil le, b’fhéidir, tacaíochtaí do thuismitheoirí atá ag tógáil a gclann le Gaeilge, bheinn ag caint ar oideachas bunscoile agus iar-bhunscoile, bheinn ag rá gur chóir go mbeadh soláthar leathan cúrsaí céimse agus iarchéime ar fáil trí mheán na Gaeilge, bheinn ag rá gur chóir go mbeadh deiseanna fostaíochta ar fáil i suíomhanna agus i láithreacha oibre arb í an Ghaeilge an teanga oibre,” ar sé.

Deir Mac Donnacha nach leor ann féin sprioc an rialtais gur cainteoirí Gaeilge a bheadh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi 2030. Mhol sé go ndéanfaí athbhreithniú ar an sprioc sin agus go gcinnteofaí go mbeadh na cainteoirí Gaeilge i gcomhlachtaí poiblí móra ag obair i rannóga ina mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre.

Mhol sé chomh maith go ndéanfaí athbhreithniú ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

“I ndáiríre, go hiondúil bheifeá ag déanamh athnuachan ar straitéis thar thréimhse chuile chúig nó seacht mbliana agus sa chomhthéacs sin tá gá le hathbhreithniú ar an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge sa chaoi nuair a bheas an tréimhse 20 bliain thuas go mbeidh straitéis níos nua againn agus go mbeidh straitéis níos fearr againn,” ar sé.

Bhí go leor conspóide faoi chaint a rinne Mac Donnacha tamall de bhlianta ó shin nuair a dúirt sé go mbeadh drogall air a mholadh d’aon duine clann a thógáil le Gaeilge i mar gheall ar an easpa tacaíochta a bheadh ar fáil dóibh ón Stát.

An tuairim chéanna atá aige i gcónaí “faraor”, a deir sé.

“Má shocraíonn tuismitheoirí a gclann a thógáil le Gaeilge agus mura bhfuil an tacaíocht cheart ar fáil dóibh len iad a chumasú leis sin a dhéanamh, ní éireoidh leo é a dhéanamh.

“Déarfainnse i gcónaí, má tá mise mar thuismitheoir chun mo chlann a thógáil le Gaeilge, tá mé á dhéanamh sin mar go mothaím go bhfuil dualgas orm é sin a dhéanamh agus go dtacaíonn an stát leis an dualgas sin, ach is í an cheist a bhíonn agam i gcónaí ná an bhfuil an stát ag comhlíonadh a gcuid den dualgas sin.

“Sé sin an bhfuil an stát ag cur na dtacaíochtaí cuí ar fáil domsa mar thuismitheoir atá ag tógáil mo chlann le Gaeilge a chuirfeas ar mo chumas é sin a dhéanamh go héifeachtach?” ar sé.

Léiriú é a laghad páistí – 10% de pháistí réamhscoile na Gaeltachta – ar thug a gcuid tuismitheoirí le fios sa daonáireamh go bhfuil Gaeilge ‘an-mhaith’ acu, ar na dúshláin atá roimh thuismitheoirí atá ag tógáil clann le Gaeilge, dar le Mac Donnacha.

“Is dóigh liom go dtacaíonn an 10% leis an anailís a tháinig chun cinn sa staidéar ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a léirigh go raibh difear suntasach idir an céatadán tuismitheoirí a bhí ag labhairt na Gaeilge agus an céatadán daoine óga a bhí ag labhairt na Gaeilge.

“Léiríonn sé sin go bhfuil an ceangal sin, sé sin an cumas atá ag tuismitheoirí an Ghaeilge a thabhairt ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile, go bhfuil sé sin ag briseadh síos agus gurb é an toradh atá air sin ná go bhfuil an céatadán daoine óga a bhfuil Gaeilge mhaith acu go bhfuil sé i bhfad níos ísle anois ná mar a bhí sna glúnta a chuaigh thart agus tá sé sin ag dul a’ leanúint ar aghaidh mura n-éiríonn linn infheistíocht shuntasach a dhéanamh i dteaghlaigh agus i ndaoine óga,” ar sé.

Dúirt Mac Donnacha go bhfuil “géarghá” le “taighde leanúnach” a dhéanamh ar cheisteanna faoi labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.

“Is ceann de na laigí atá ann nach bhfuil aon institiúid taighde ag an stát le taighde leanúnach a dhéanamh ar chúrsaí teanga sa nGaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht. Sa gcomhthéacs sin sílim gur botún mór a bhí ann deireadh a chur hInstitiúid Teangeolaíochta Éirinn,” ar sé.

“Tá gá le taighde leanúnach lasmuigh den daonáireamh ar na ceisteanna seo agus tá géarghá anois, dar liom, go ndéanfadh an rialtas cinneadh gur chóir Institiúid Teangeolaíochta nua a bhunú le tabhairt faoi na ceisteanna seo ar bhun leanúnach.”

Fág freagra ar '‘Géarghá’ le bunú institiúid taighde don Ghaeilge le dul i ngleic le laghdú ar líon na gcainteoirí'

  • Seosamh Mac Ionntachtaihj

    Tá géarghá le hathbhunu na hInstiuide ar a dtugtar Institiúid Teangeolaíochta Éireann le dlí chun go mbeidh taighdeoirí in ann taighde níos nua ar scéal na Gaeilge i measc an dream a bhfuil iarrachtaí a ndéanamh acu an Ghaeilge a thabhairt dá muintir mar aonad teanga i ngach uile chontae in Éirinn san aois seo is san aois atá le teacht bunaithe ar taithí na mbliana 2020
    is ar treochtaí a bhaineann le sealbhú teanga i sochaí na hEireann laistigh den Ghaeltacht is lasmuigh den Ghaeltacht le leathchéad bliana anuas. Tá sé thar am an Stát a athghaelu agus anailís nua a dhéanamh ar na bealaí is fearr le todhchaí na Gaeilge a chinntiú ar leibhéal an teaghlaigh i dtósach ón iarracht deireadh a chur le drochbheartas agus tús a chur le hathbhreithniú ar shainmhiniu na Gaeilge mar aicme.

  • Colm

    Tuismitheoirí na Gaeltachta, An Polasaí don Oideachas Gaeltachta, Na hEagraíochtaí Ghaeilge ar fad, LPTs…..na milliúin infheistithe ag an stáit sa Ghaolainn. An bhfuil dóthain monatóireacht á dhéanamh ar an gcaiteachas seo? Tuairisc…rachaigí i mbun fiosrúcháin.

  • Neamhchinnteacht

    Sea, 123,000 duine sa stát a bhfuil Gaeilge mhaith acu ach nach bhfaigheann seans í a labhairt gach lá. Dochreidte nach bhfuil níos mó trácht déanta air sin!

    Nach féidir le duine éigint aip a chruthú chun go mbeimíd in ann teacht ar a chéile?? Bheadh sé cosúil leis an léarscáil ar Snapchat – cuir ar an location ar siúl ar an bhfón agus chífeá daoine le Gaeilge id thimpeall. Níl ag teastáil ach location ginearálta, go dtí 1km b’fhéidir … Oibreodh sé insna cathracha ar aon nós, .i. áiteanna ar dócha go bhfaighfí na huimhreacha.

    Tá a leithéid de ghréasán uainn go géar …

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Meas tú nach bhfuil an Ghaeilge foirgthe ag institiúidí?

  • Sibéal

    D’fhéadfaí comharchumann tithíochta a bhunú ina mbeadh deis an Ghaeilge a labhairt go laethúil.

  • Seán F Ó Drisceoil

    ‘An Phleanáil Teanga i súile na nÓgánach’

    Ní fás na Gaeilge go úsáid leis an Stát ‘bheith indéanta
    Ach is leor úsáid na Teanga gan dua leis an Stát don fhás!

    Tugtar ‘Normalú’ air seo i.e. an bhfuil an teanga ‘real’ ?
    A deir Óige na Ceathrún Rua – tá muid líofa mar atá!

    Ach tá an Scoil ag rá linn “tabhair an dea-shampla” don phobal
    Ach cad faoi na Gardaí sa Chúirt agus na seirbhísí leighis ó Ghaillimh?

    An féidir linn gnó a dhéanamh tré Ghaeilge leis an Stát?
    Tuige gur chaill muid Oifig MABS a bhí ag feidhmiú tré Ghaeilge?

    Tuige go gcaithfimid dul isteach gon chathair le teach a fháil?
    Tuige go gcaithfimid troid ar son uisce glan agus bóthar maith?

    Tuige nach n-aithníonn an Rialaitheoir Pleanála an daonra sa cheantar?
    Tuige nach bhfuil Mapa éifeachtach daonra den cheantar agus a tiús ar fáil?

    Tuige nach bhfuil meas ag ár Stát orainn agus ar ár gceantar?
    Tuige nach bhfuil meas ag ár Stát ar án Teanga agus an Ghaeltacht?

    Cén fáth go mbeadh drogall ar acadóir a mholadh gan clann a thógáil le Gaeilge
    An é “mar gheall ar an easpa tacaíochta atá ar fáil dóibh ón Stát” i 2023 nó 1923?