Ar chóir an stair a athscríobh? Ar chóir ainmneacha sráide is baile a choinneáil má thugann siad onóir dóibh siúd a bhí páirteach i gcur faoi chois na hÉireann nó ar siombail iad de riail na Sasanach ar an tír seo tráth?
Agus an cóir ainmneacha a tugadh gan chonspóid roimhe seo a athrú toisc go bhfuil tuairimí difriúla ann anois is go bhfuil conspóid ag baint le rud nár bhain aon chonspóid tráth leis?
Ní in Éirinn amháin atá díospóireacht faoi chultúr an chealaithe, ach cuireadh dlús faoi abhus ar ndóigh leis an gconspóid faoi Páirc Herzog i Ráth Garbh i mBaile Átha Cliath.
Ní dóigh liom go raibh aon chonspóid ag baint le hainm na páirce i 1995 nuair a nochtadh leacht in onóir do Chaim Herzog. Ní raibh dearcadh chomh cinnte ann an tráth sin faoi chearta na bPalaistíneach, agus cinnte, ní raibh aon eolas fairsing faoi ról Chaim Herzog féin i gcur faoi chois na bPalaistíneach.
Éireannach ó dhúchas a bhain ardghradam amach i dtír eile a bhí in Herzog, uachtarán ar Iosrael idir 1983-1993, is thaitin sé le daoine a mbród faoi sin a léiriú.
Ach anois tá i bhfad níos mó tuisceana ann faoi uafás Iosrael agus tá cinedhíothú ar siúl go soiléir os comhair ár gcuid súl in Gaza agus ar an mBruach Thiar. Breathnaíonn muid ar an scéal inniu agus an t-eolas sin againn agus cuireann sé as d’an-chuid daoine go bhfuil an tír seo ag tabhairt onóir do dhuine atá bainteach le stát Iosrael.
Ní hamháin sin, ach tá i bhfad níos mó eolais againn faoin ról faoi leith a d’imir Chaim Herzog sa scéal.
I ndiaidh chogadh 1967 ceapadh é ina ghobharnóir míleata ag Iosrael ar an mBruach Thiar gafa is ar Iarúsailéim Thoir. Bhí sé sa ról sin nuair a scriosadh seancheantar Mughrabi ar fad. Cuireadh na céadta teaghlach as an áit, is díbríodh 200,000 duine as Iarúsailéim ar fad.
Gabhadh na mílte, céasadh príosúnaigh is feallmharaíodh daoine a dhein iarracht seasamh amach i gcoinne na gabhála.
Agus ba é Chaim Herzog a bhí i gceannas ar an uafás sin.
Cinnte, agus a bhfuil ar eolas againn inniu, ní thabharfaí an onóir dó a tugadh i 1995.
Tháinig lucht cosanta Iosrael isteach sa scéal. Bhí an seanphort á sheinnt acu, gur frithSheimíteachas a bhí i gceist. Ach don dream seo is frith-Sheimíteachas aon cháineadh ar Iosrael, in ainneoin go bhfuil a lán Giúdach ag aontú leis an gcáineadh.
B’fhéidir gurb í an ghné is suaraí faoin gconspóid ná gur chuir an Taoiseach Micheál Martin agus an Tánaiste Simon Harris a ladar isteach sa scéal agus iad faiteach go mbainfí leas as i Meiriceá le cáineadh a dhéanamh orainn.
Tharraing oifigigh neamhthofa Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath an moladh siar. Bhí leithscéal doiléir acu nár leanadh an cleachtas cuí le hathainmniú a dhéanamh ar an bpáirc, cé nach raibh i gceist ach an cleachtas céanna ar baineadh leas as i 1995 chun an pháirc a ainmniú ar dtús.
Ag deireadh thiar, an seasann muid leis na Palaistínigh nó nach seasann muid leo? Ní ceart go mbeadh aon ról ag Uachtarán Iosrael nó ag Seanadóir Meiriceánach ar bith in aon díospóireacht in Éirinn faoina leithéid.
Rinneadh iarracht an scéal a cheilt faoi thagairtí d’athair Chaim, Yitzhak Herzog, fear a sheas go dílis leis an bPoblacht le linn chogadh na saoirse agus a bhí ina chéad Ard-Raibí in Éirinn neamhspleách.
Tá onóir dlite do Yitzhak cinnte mar gheall air sin, agus is cuma má bhí dearcadh Síónach aige. Níor dhein sé aon ainghníomh. Dhein a mhac Chaim, is tá a gharmhac Yitzhak eile go hoscailte ag cosaint an chinedhíothaithe anois féin.
Tá stair luachmhar ag an bpobal Giúdach in Éirinn, is tá na mílte ainmneacha eile ar fáil don pháirc lena chinntiú nach gníomh frithGhiúdach nó frithSheimíteach a bheadh ann, ach gníomh i gcoinne éagóir Iosrael ar na Palaistínigh.
Ben Briscoe a thug airm isteach le linn chogadh na saoirse is a bhí ina ard-mhéara ar Bhaile Átha Cliath; an t-ealaíontóir Estella Solomons, a bhí ina ball de Chumann na mBan is a thug dídean d’Óglaigh a bhí ar a gcoimeád sa gcogadh; agus na céadta eile ón bpobal beag sin a dhein éacht mar Éireannaigh is mar Ghiúdaigh.
Is féidir linn a bheith bródúil as daoine mar iadsan. Ni féidir a thuilleadh a bheith bródúil as duine a ghlac páirt sna hainghníomhartha in aghaidh na bPalaistíneach.
Tugaimis onóir don phobal Giúdach a dhein an oiread sin ar son na hÉireann, ach ná tugaimis onóir do dhuine a chuir smál ar chlú na tíre seo.
Brian Coonan
Má bhí athair Chaim ag troid ar son na HÉireann , níl gá dúinn an t ainm an páirc a athrú ! Sloinne Herzog ach an t-ainm céanna ach an t-athair in ionad an mhic! Réiteach Éireannach le fadbh Éireannach !😉
Carraig
Aontaím! Páirc David Marcus, mar shampla? Gaeilgeoir, scríbhneoir, scannánóir, tírghráthóir agus fear maith ó bhonn.
Nó Páirc Con Leventhal?
Ach fainic nó lorgóidh muintir Rawth Gawr athrú ar bhunainm na háite:
‘Ráth Garbh’, ró-gharbh ar fawd!
Paul Laughlin
Creid é nó ná creid bhí ógra Fine Gael i gcoinne turas Herzog in 1985 mar gheall ar go raibh baint aige leis na hionsaithe ar choimeádaithe síochána na hÉireann. Ní bheadh cead acu é sin a dhéanamh anois!!
Tuairisc
Teachtaireacht ó Pát Butler: Seans gur é seo an píosa is réasúnta, is ciallmhaire agus is tomhaiste atá léite agam ar cheist áth-ainmnithe Pháirc Herzog go nuige seo. Is trua, i bhfianaise na conspóide, nach n-athchraolann RTÉ an t-agallamh a chuireas féin ar Chaim Herzog i Iarúiseailéim le linn An Chéad Intefada i 1988 sa scannán faisnéise dár teideal ‘The Palestinians – one people too many?’. B’in eagrán de chuid na sraithe ‘Today Tonight’ a rinne Con Bushe is mé féin san am – scannán inar chuireas an cheist seo ar Herzog –
‘Who, or what, sir, gives you the right to fire live rounds on unarmed children?’
Ba ‘peoples revolution’ neamh-armtha an Intefada an tráth sin inar fágadh breis agus céad ógánach Palaistíneach lámhachta marbh ag an IDF agus gan oiread agus aon Iosraelach amháin, saighdiúir nó saoránach, marbh de bharr na coimhlinte ag an bpointe sin.
B’fhiú freagra Chaim Herzog ar an gceist phointeáilte sin d’fheiscint arís, i bhfianaise gach atá titithe amach ó shin!
Agus é sin a chur san áireamh nuair a dhéanfar cinneadh amach anseo ar ainmniú na páirce áirithe sin.
https://youtube.com/shorts/TXHvvrPGPXQ?si=dw3CncN1G9wkRiUW
Seán
Ba dhòigh leat go mbainfeadh an cheist sin a cuireadh ar Herzog
(oscail an nasc thuas), faoi leanaí a lamhach as fhuil fhuar, siar as an bhfear ach níor dhein.
Níor chaoch sé súil ná níor chaill sé guaim air féin ar feadh leathshoicindín amháin.
Ba dheacair an croí a bhogadh i nduine mar sin, ba dheacair san.
S Flynn
Maidir leis an gcinedhíothú a chuireann Eoin i leith Iosrael arís agus arís gan aon fhianaise, tá ceist agam faoi, ceist atá curtha agam ar Eoin cúpla uair agus nach bhfuil freagartha aige. Bhí 1.7 milliún Palaistíneach ann in 1948 – tá 5.5 milliún ann sa Bhruach Thiar agus sa stráice Gaza sa lá atá inniu ann (sin gan trácht ar an milliún Arabach in Iosrael féin agus sa diaspóra). Cén chaoi gur cinedhíothú é sin?
Rud eile de – tá sé aisteach go ndíríonn Eoin ar bhealach chomh mion agus leanúnach sin ar chearta na bPalaistíneach nuair is cuma leis faoi chearta na nÚcránach (go deimhin, déanann sé gach cineál leithscéil ar son Putin)…
Carraig
God é an sainmhíniú a bheadh ag Seán Flynn ar ‘cinedhíothú’?
An líon daoine a mharaítear seachas cúinsí nó cionnsiocair a mbáis?
An mbeadh sainmhíniú Sheáin ar chinedhíothú bunoscionn le ceann na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta?
Leis an sainmhíniú dlíthiúil idirnáisiúnta?
An eol dó gur bhailigh an ICC an chuid is mó dá cuid fianaise ó bhéala, ó fhíseáin agus ó bhóisceáil shaighdiúirí an IDF féin, fianaise dhoshéanta a chuir siad ar fáil le móiréis ar an idirlíon?
Iad ag scaothaireacht in ard a gcinn is a ngutha gur ar phlaosc agus ar ucht an linbh (bunóca a bhformhór) a bhí siad ag díriú?
Bhaist siad ‘toddlers’ mar ainm ar an suíomh idirlín a bhí acu fiú. Iad ag sárú a chéile le ‘laochas’!
Caitheann Seán figiúirí fuarchúiseacha chugainn mar dhea is gur cruthú iad sin nach cinedhíothú a bhí/atá ar siúl.
Mo náire é.
Mo náire é.
S Flynn
Ba mhaith liom a rá go ndéanann tuairisc.ie cinsearacht ar mo chuid tráchtanna. Is minic nuair a chosnaím Iosrael nó na Giúdaigh nach bhfoilsítear mo thrácht in aon chor nó go mbaintear líne nó dhó ar chúis éigin. Ag freagairt do Charraig, ní bhfuarthas Iosrael ciontach as cinedhíothú in aon chúirt idirnáisiúnta go fóill – ar ndóigh in intinn ‘Charraig’ is iad na hIosraelaigh an dream is measa ó thaobh páistí a lámhach gan trócaire gan chúis ar bith. Cár chualathas líomhaintí den chineál céanna cheana faoi na Giúdaigh a bheith ag marú páistí? Hmmm… Ar ndóigh ní fhoilseofar mó thrácht mar táim ag cur aineolas i leith na nGael. Nó má fhoilsítear é, déanfar sin i bhfad i ndiaidh don phíosa nuachta a bheith as béal an phobail. Sin agat eagarthóirí Tuairisc.ie. iad go mór ar aon na saoirse cainte…ach amháin má bhaineann an scéal le droch-chlú na nGael nó dea-chlú na nGiúdach…