Dé Domhnaigh, 7 Nollaig
Cluiche Ceannais Chraobh Shinsir Peile na Mumhan
Daingean Uí Chúis v Cumann Barra Naofa – Durlas, 1.30pm (Beo ar TG4)
Briseadh croí a bhí ann don Daingean i gcluiche ceannais na Mumhan dhá bhliain ó shin nuair a fuair Gleann Bearcháin an ceann is fearr orthu le ciceanna éirice ar lá uafásach thuas i bPáirc na nGael i Luimneach. Beidh deis ag fir Chiarraí Thiar dearmad a dhéanamh ar an gcailliúint sin má bhuann siad ar dhream eile ó Chorcaigh, Chumann Barra Naofa, i gcluiche ceannais an lae inniu ach seans go mbeidh coimhlint chomh géar céanna rompu is a bhí in 2023.
Damien Cahalane a bhí ina laoch do Ghleann Bearcháin an lá sin tar éis dó gaisce a dhéanamh mar chúl báire le linn na gciceanna éirice. Ar ndóigh, d’imir Cahalane peil agus iomáint idirchontae do Chorcaigh agus tá fear eile atá tar éis imirt ag an leibhéal is airde sa dá chód ar dhuine díobh siúd a gcaithfidh an Daingean súil ghéar a choinneáil air tráthnóna.
Trí chúl agus trí phointe a d’aimsigh Brian Hayes do Chumann Barra Naofa sa mbua ar Éire Óg sna babhtaí leathcheannais agus imreoidh sé tionchar mór ar an gcluiche seo pé rud a tharlaíonn. I lár na páirce a bhíonn Hayes den chuid is mó do churaidh Chorcaí ach is iondúil go gcaitheann sé tamaillín níos gaire don chúl chomh maith agus é cumasach mar lántosach freisin.
Ar an dea-uair don Daingean, tá an chuma ar an scéal go bhfuil an fear díreach ceart acu chun iarracht a dhéanamh srian a chur ar Hayes. Tugadh le fios i gcaitheamh na seachtaine go raibh cead faighte ó na Geelong Cats ag Mark O’Connor imirt i gcluiche ceannais na Mumhan agus tá an neart agus an aclaíocht ag an gConchúireach chun seasamh in aghaidh Hayes. Bíonn tionchar mór imeartha ag O’Connor timpeall lár páirce agus é ar ais sa mbaile agus má bhíonn na Barrs ag iarraidh é a choinneáil amach ón gcuid sin den pháirc, d’fhéadfadh go bhfeicfí Hayes ag caitheamh níos mó ama ar imeall na cearnóige ná mar a chaitheann de ghnáth.
Foireann mhór láidir atá ag muintir chathair Chorcaí agus an t-imreoir contae Ian Maguire ag imirt i lár na páirce chomh maith agus tá an-chumas peile ag Stephen Sherlock, a bhíonn ag imirt mar leatosach láir.
Déarfá go mbeadh an Daingean níos láidre mar rogha na coitiantachta dá mbeadh an cluiche ceannais seo á imirt i lár an tsamhraidh nó sa bhfómhar seachas ar pháirc throm i lár an gheimhridh ach tá sé léirithe go maith acu go bhfuil siad in ann ag aon aimsir.
Rinne gaoth láidir praiseach den chluiche leathcheannais idir iad féin agus Mungairit, cluiche ina raibh an Daingean aon phointe dhéag chun tosaigh ag leath ama agus gan scór ar bith ag seaimpíní Luimnigh. In aghaidh na gaoithe a bhí an Daingean sa gcéad leath de chluiche ceannais an chontae in aghaidh chumann Aibhistín de Staic agus chinntíodar gur choinníodar le fir Thrá Lí chomh maith is a bhí siad in ann. Ceithre phointe chun deiridh a bhí an Daingean théis an chéad 30 nóiméad ach ghlac siad ceannas ar chúrsaí leath bealaigh tríd an dara leath agus Paul, Conor agus Dylan Geaney i lár an aonaigh.
Beidh lá mór eile ag teastáil ón triúr sin, ó Mark O’Connor, ó Tom O’Sullivan, agus óna thuilleadh nach iad, más leis an Daingean corn eile a thabhairt leo in 2025 ach, agus an ceann mór anois buaite i gCiarraí acu, ba cheart go mbeadh ualach mór bainte dá nguaillí.
Fág freagra ar 'Saoirse anois ag an Daingean tabhairt faoi Chraobh na Mumhan agus an corn is tábhachtaí thiar sa mbaile cheana féin'