Tá achainí á déanamh ar Rialtas Cheanada maoiniú a chur ar fáil d’earnáil na foilsitheoireachta Gàidhlig i gCeanada. Deir údar na hachainí, Emily McEwan ón teach foilsitheoireachta Bradan Press, go bhfuil foilsitheoireacht na Gàidhlig i gCeanada “ag sleamhnú tríd an gcóras” agus nach bhfuil na deontais fheidearálacha atá ar fáil d’fhoilsitheoirí eile i gCeanada ar fáil do Bradan Press.
“Tá an achainí seo á déanamh agam mar gheall go bhfuil na deontais fheidearálacha chéanna a fhaigheann foilsitheoirí Ceanadacha eile ag teastáil ó Bradan Press. Le scéal fada a dhéanamh gearr, níl teacht againn orthu mar is foilsitheoir Gàidhlig muid.
“Le haghaidh clár [deontais] amháin, níl cead ag Bradan Press cur isteach faoi chritéar na bhfoilsitheoirí mionteangacha mar ní teanga oifigiúil í an Ghàidhlig. Le haghaidh clár eile, ní ghlacfaidh siad leis na leabhair Ghàidhlig atá foilsithe againn san iarratas,” a dúirt McEwan.
Is achainí oifigiúil ar Rialtas Cheanada í an achainí seo agus dá bharr sin níl cead ach ag saoránaigh de chuid Cheanada í a shíniú. Bhí na céadta duine tar éis a n-ainm a chur léi sular dúnadh an achainí Dé hAoine seo caite.
Maítear san achainí go síneann stair na foilsitheoireachta Gàidhlig siar 200 bliain agus go bhfuil an traidisiún sin anois i mbaol ceal maoinithe.
“Is teanga oidhreachta de chuid sé mhilliún Gael-Cheanadach í an Ghàidhlig, an tríú grúpa eitneach is mó i gCeanada. Chuir lonnaitheoirí agus inimircigh as Albain go mór le stair, polaitíocht, agus cultúr Cheanada, ach scriosadh a dteanga Ghaelach as na leabhair staire agus cuireadh faoi chois go náireach í. Buaileadh páistí as an nGàidhlig a labhairt ar scoil.
“Tá foilsitheoireacht na Gàidhlig ar siúl i gCeanada le beagnach 200 bliain, ach ní féidir le foilsitheoirí Gàidhlig teacht ar an maoiniú feidearálach d’fhoilsitheoirí atá uathu le maireachtáil mar fhoilsitheoirí mionteanga Ceanadach,” a deirtear san achainí.
Éileamh atá anseo ar Rialtas Cheanada na critéir a athrú do na scéimeanna deontais atá ar fáil d’fhoilsitheoirí ó Roinn na hOidhreachta Ceanadaí le go mbeadh foilsitheoirí Gàidhlig in ann cur isteach orthu.
Bunaíodh Bradan Press i Halafacs in Albain Nua in 2016. Foilsíonn an comhlacht leabhair i nGàidhlig, i mBéarla, agus i bhFraincis, den chuid is mó. Ba iad a chuir amach an treoirleabhar do thatúnna Gaeilge The Irish Gaelic Tattoo Handbook agus an t-aistriúchán Gaeilge den leabhar grafach An Rós Fiáin.
Fág freagra ar 'Achainí á déanamh ar Rialtas Cheanada tacú le foilsitheoireacht na Gàidhlig'