Is é Conamara an áit in Éirinn is mó a mbíonn tóir ag lucht Instagram air. Tá Conamara ar bharr an liosta d’áiteanna in Éirinn a chlibeáiltear i bpostálacha ar an ardán roinnte pictiúr.
Rinne Virgin Media Ireland amach an anailís ar chlibeanna ar na milliúin postálacha as Éirinn don suirbhé agus ba é #connemara a tháinig go barr uisce. Cuireadh an chlib #connemara le 826,000 pictiúr, ríl, agus físeán ar Instagram agus é 31,000 clib chun cinn ar Aillte an Mhothair, an dara háit is airde ar an liosta.
Bhí Corca Dhuibhne, i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, i measc na ndeich n-áit is mó éileamh freisin, agus an leithinis Ghaeltachta sa naoú háit chun cinn ar Chóbh i gCorcaigh agus taobh thiar de Stóras Guinness i mBaile Átha Cliath. Clibeáladh 164,700 postáil leis an lipéad #dinglepeninsula.
Chomh maith leis an dá cheantar Gaeltachta sin, bhain Mórchuaird Chiarraí áit amach ar an liosta freisin. Cé go dtosaíonn an bealach aitheanta turasóireachta taobh amuigh den Ghaeltacht i gCill Airne, síneann an bóthar trí shleasa móra de Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh in iardheisceart an chontae.
Is iad na háiteanna eile a bhí ar bharr an liosta ná Barra an Teampaill i mBaile Átha Cliath; Gleann Dá Loch i gCill Mhantáin; Páirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath; agus Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin.
Bhí áiteanna Gaeltachta eile ar an liosta fada de 50 áit in Éirinn a mbíonn tóir ag grianghrafadóirí Instagram orthu. San 11ú háit bhí Oileáin Árann agus 141,637 clib #aranislands luaite le postálacha. Bhí an t-oileán Gaeltachta Acaill i Maigh Eo sa 20ú háit agus 76,348 clib don áit sin ar Instagram.
Níos faide ó thuaidh, bhí ceantar Shliabh Liag i nGaeltacht Dhún na nGall san 28ú háit – agus gan ach dhá áit i nDún na nGall ar fad ar an liosta. Ba é Cionn Mhálanna an áit eile.
Amach ó chósta Uíbh Ráthaigh tá Sceilg Mhichíl, a áirítear sa Ghaeltacht oifigiúil ainneoin nach bhfuil duine ar bith ina chónaí ann, agus bhí sé sin sa 33ú háit. Ar deireadh, ba é Guagán Barra i nGaeltacht Mhúscraí a bhí sa 49ú háit agus 19,533 clib curtha leis an áit sin.
Chuaigh lucht an tsuirbhé trí chúig haischlib d’áiteanna aitheanta turasóireachta, a roghnaigh siad féin, do gach contae in Éirinn. Aimsíodh an haischlib is coitianta do gach láthair agus comhaireadh a líon.
Níor cuireadh san áireamh leaganacha Gaeilge de na logainmneacha a bhí i gceist. Ní fios, mar sin, cé mhéad #conamara #corcadhuibhne ná #sliabhliag a bhí ar an liosta ná cén t-athrú, dá ndéanfaidís athrú ar bith, a dhéanfadh na haischlibeanna Gaeilge ar ord na n-áiteanna ar an liosta.
Fág freagra ar 'Conamara, Corca Dhuibhne, agus Uíbh Ráthach ar na háiteanna is mó a mbíonn tóir ag lucht Instagram orthu'