Pádraic Ó Ciardha
Cluiche Ceannais Chraobh Idirmheánach Peile na Mumhan
An Ghaeltacht v Achadh Bolg – Ráth Caola, 4.00pm
Is mar rogha láidir na coitiantachta atá peileadóirí na Gaeltachta chun cluiche ceannais na Mumhan a imirt tráthnóna agus súil ann go leanfaidh ceannas Chiarraí ar chraobh idirmheánach an chúige bliain eile.
Níor cheart go mbeadh aon easpa díocais chun oibre ag cur as don bhfreasúra, Achadh Bolg, agus na Corcaígh ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar na sean-naimhde thar teorainn ach léiríonn an stair gur cumainn Chiarraí a bhíonn ina ríthe ag an ngrád seo níos minice ná a mhalairt.
16 craobh as 18 atá buaite ag seaimpíní Chiarraí ó 2006 agus ceann tugtha leo ag an nGaeltacht féin in 2017. Beidh cumann Gaeltachta eile, Cill na Martra, mar spreagadh ag Achadh Bolg. Bhuaigh na comharsana i Múscraí Craobh na Mumhan in 2023 agus fuair siad an ceann is fearr ar Bhaile an Mhuilinn/Caisleán na Mainge Chiarraí sna babhtaí leathcheannais.
Is ag déanamh cinnte de nach bhfuil a chuid imreoirí ró-réchúiseach a bheadh bainisteoir na Gaeltachta, Fergal Ó Sé le seachtain anuas agus is cabhair dó an taispeántas a thug a fhoireann sa gcluiche roimhe seo. Bhí an Ghaeltacht rómhaith do Chora Finne, sna babhtaí leathcheannais ach, agus an chuma ar an scéal go raibh an beart déanta go bog acu, lig siad do sheaimpíní an Chláir an bhearna a laghdú go dtí ceithre phointe.
Thug an Ghaeltacht an lá leo mar sin féin agus scóranna tábhachtacha faighte ag leithéidí Éanna Ó Conchúir, Tomás Ó Sé, Gavin Ó Cinnéide agus Brian Ó Beaglaoich. Cuirfear fáilte ar ais tráthnóna chomh maith roimh Ruaidhrí Ó Beaglaoich agus Séan Ó Coinn, beirt a chaill amach ar an mbua sin ar Chorca Finne agus a chuirfidh leis na roghanna maithe atá ag an nGaeltacht i measc na dtosaithe.
Tá cosaint na foirne gach pioc chomh láidir agus b’fhéidir níos láidre fós ach caithfidh imreoirí amhail Brian Ó Beaglaoich, Aodhna Ó Beaglaoich, Pádraig Ó Sé, agus Adam Mac Amhlaoibh súil ghéar a choinneáil ar thosaithe Achadh Bolg. Naoi bpointe (cúig cinn ón imirt) a d’aimsigh Matthew Bradley ina mbua ar Eas Géitine-Baile Stiabhna-Cill Churnáin agus tá riar maith scóranna aimsithe ag Luke Casey sa bhfeachtas go dtí seo chomh maith.
Bí cinnte mar sin nach dtabharfar tada bog don Ghaeltacht sa gceann seo ach ba cheart go mbeadh dóthain acu le go mbeidh siad ag ceiliúradh chraobh an chúige faoi dheireadh an lae.
Fág freagra ar 'Seaimpíní Chorcaí idir an Ghaeltacht agus craobh na Mumhan'