Gearán oifigiúil seolta ag Coiste Oireachtais na Gaeilge chuig an Taoiseach

Níor ghlac an Taoiseach ná aon aire rialtais le cuireadh teacht os comhair Choiste Oireachtas na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ó bunaíodh é

Gearán oifigiúil seolta ag Coiste Oireachtais na Gaeilge chuig an Taoiseach

Tá litir curtha ag Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán chuig an Taoiseach chun a míshástacht a chur in iúl faoina chinneadh diúltú teacht ina láthair chun an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a phlé.

Níor ghlac an Taoiseach ná aon aire rialtais le cuireadh teacht os comhair an choiste ó bunaíodh é.

Thug an Coiste cuireadh i scríbhinn faoi dhó don Taoiseach teacht ina láthair chun dul chun cinn na Straitéise a phlé. Cuireadh an chéad chuireadh ar aghaidh chuige ar an 8 Deireadh Fómhair agus seoladh an dara ceann ar an 14 Samhain 2016. Ar an 17 Samhain 2016, fuair an Coiste freagra ón Taoiseach Enda Kenny inar chuir sé in iúl dóibh nach raibh ar a chumas glacadh leis an gcuireadh aitheasc a thabhairt uaidh ag cruinniú an choiste ar an 29 Samhain.

Dúradh i bhfreagra an Taoisigh gur cúram do Roinn na Gaeltachta é ceisteanna bhaill an choiste a fhreagairt.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Catherine Connolly, agus comhaltaí an Choiste gur chuir an freagra sin “díomá” orthu agus d’aontaigh siad cuireadh eile a thabhairt don Taoiseach teacht os comhair an choiste ina ról mar Chathaoirleach ar an bhFochoiste Comh-Aireachta um Ealaíona, Oidhreacht agus Gaeltacht, an grúpa is sinsearaí a bhíonn ag plé leis Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010 – 2030.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste Oireachtais freisin gur “údar díomá” é chomh maith nach raibh freagra faighte ag baill an choiste ar “shaincheisteanna éagsúla” a chuir siad i scríbhinn chuig “roinnt Airí”.

Ag cruinniú de chuid an choiste ag deireadh na míosa seo caite, dúirt an Seanadóir de chuid Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh go mbíonn an Taoiseach “i gcónaí ag meabhrú dúinn go bhfuil sé ina Chathaoirleach ar Choiste Gaeilge an Rialtais” agus go raibh dualgas air dá bharr ceisteanna an choiste faoi pholasaí teanga a fhreagairt.

Thug an tAire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe le fios don choiste chomh maith nach raibh sé ar a chumas glacadh le cuireadh teacht os a gcomhair chun ceisteanna maidir leis an nGaeilge sa chóras earcaíochta a fhreagairt.

Níor ghlac Aire na Gaeltachta Heather Humphreys ná Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne fós le cuireadh teacht os comhair an choiste chun ceisteanna a fhreagairt.

Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go gcaithfeadh an Taoiseach “treoir” a thabhairt d’airí teacht i láthair ag an gCoiste Gaeilge chun polasaí teanga a phlé.

“Caithfimid a rá leo nach bhfuilimid sásta dubh, bán ná riabhach leis seo,” a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Aindrias Ó Muineacháin go raibh “neamhshuim” á léiriú ag an Rialtas in obair an choiste agus go raibh sé “áiféiseach” ag an Taoiseach a mhaíomh nár bhain ceisteanna an choiste leis.

 

Fág freagra ar 'Gearán oifigiúil seolta ag Coiste Oireachtais na Gaeilge chuig an Taoiseach'

  • p o floinn

    Ta se soileir dàon amadan na fuil suim ag an nduine sin i gcursai Gaoluinne. Aire Gaeltachta ceapaithe aige agus i gan teanga na nGael aici. Is Eorpach e, pe rud e sin. Laochra 1916 agus a dhein siad, curtha ar leataoibh aige. Gan naire da laghad air. cul le cine deanta aige.