Geansaithe cniotáilte le tú a choinneáil feistithe fáiscthe don gheimhreadh – ocht rogha

Ocht rogha ag ár gcomhfhreagraí as na geansaithe teolaí atá ar fáil faoi láthair ar phraghsanna idir €20 agus €110

Is deacair geansaí deas cniotáilte olla a shárú an tráth seo bliana le duine a choinneáil te teolaí. Is compordaí fós é más meascán d’olla agus de chaismír atá ann cé gur minic go mbíonn a leithéid beagán níos daoire. Níl uait ansin ach péire deas jíons agus cóta mór agus tá tú feistithe fáiscthe i gceart don gheimhreadh.

Feictear dom féin gur deise ná riamh na geansaithe i ndathanna neodracha atá ar an margadh faoi láthair. Seo cuid de na cinn is fearr a thaitníonn liom féin.

 

Geansaí ar dhath na mine coirce le muinchillí balún ó ASOS ar €30.42

Geansaí álainn bog ó ASOS le muinchillí móra a fhágann dearadh neamhghnách ar an gceann seo. Tá an praghas an-réasúnta.

 

Geansaí ildaite ó Marks & Spencer ar €34

Is breá liom na trí dhath sa ngeansaí seo – bánliath, dúliath agus dúghorm. Chuirfeadh an barréide seo agus a chruth mór compordach beagáinín beochta i bhfeisteas leamh.

 

Geansaí rigíneach ar dhath donn ó Mango ar €39.99

An patrún sa bhfabraic a tharraing mo shúil ar an ngeansaí seo ar dtús. Ta sé sách simplí ach cuireann an dearadh rigíneach stíl nua-aimseartha agus faiseanta ann. Dath iontach ar phraghas maith freisin.

 

Geansaí caismír ollmhór ó Zara ar €99

Geansaí daor é seo ach measaim gur luach maith ar airgead é. Bíonn caismír álainn ag Zara chuile bhliain a choinneodh duine breá té san aimsir fhuar. Is breá liom an stíl shimplí “ollmhór” ar an gceann seo. 

 

Cairdeagan olla le beilt ó COS ar €99

Ceann daor eile é seo ach má chaitheann tú cairdeagan go minic is fiú breathnú ar an gceann seo. Tá an dearadh seo go hálainn agus is breá liom an bheilt olla. Seo ceann a chaithfidh tú go minic ar feadh na mblianta.

 

Geansaí caicí le cumasc olla ó & Other Stories ar €79

Tá fáil ar an ngeansaí iontach seo i gcúig dhath difriúil – dubh, béas, uachtar, dath na mine coirce agus caicí. Earra ar ardchaighdeán é agus is breá liom an muineál ard a bheadh go hálainn faoi chóta mór. An ceann ar dhath caicí mo rogha féin.

 

Geansaí dubh le muineál póló ó H&M ar €19.99

Geansaí beagáinín níos éadroime é seo le caitheamh faoi chóta mór. Is breá liom an muineál póló agus níl sárú ar dhath dubh ag an tráth seo bliana. Margadh maith é seo ar scór euro, an ceann is saoire atá roghnaithe agam.

 

Cairdeagan dúghorm ar a dtugtar Kilcoole ó Ireland’s Eye ag Siopaí Kilkenny ar €110

Más geansaí ar stíl thraidisiúnta chniotáilte na hÉireann is rogha leat is fiú breathnú ar an gceann is daoire atá roghnaithe agam – cairdeagan álainn atá ar fáil i ndath liath agus i ndath buí chomh maith.

Fág freagra ar 'Geansaithe cniotáilte le tú a choinneáil feistithe fáiscthe don gheimhreadh – ocht rogha'