Gealltanas tugtha ag ceannairí go gcuirfear deireadh leis an dífhoraoisiú faoi 2030

Fógrófar chomh maith i nGlaschú inniu plean gnímh chun srian a chur le hastaíochtaí meatáin roimh dheireadh 2030

Gealltanas tugtha ag ceannairí go gcuirfear deireadh leis an dífhoraoisiú faoi 2030

Geallfaidh ceannairí ó bhreis is 100 tír inniu go gcuirfidh siad deireadh leis an dífhoraoisiú faoin mbliain 2030.

Fógrófar an gheallúint ag comhdháil an COP26 i nGlaschú, mar a bhfuil 120 ceannaire bailithe le chéile le plé a dhéanamh faoi dhul i ngleic leis an téamh domhanda agus an éigeandáil maidir leis an athrú aeráide.

Is é an plean i leith an dífhoraoisithe, a bhfuil Éire ag tacú leis, an chéad mhargadh suntasach a rinneadh ag an gcomhdháil chinniúnach.

Tá an Bhrasaíl mar a bhfuil stráicí d’fhoraois bháistí na hAmasóine á ngearradh i measc na dtíortha atá ag tacú leis an bplean.

An glanadh talún a dhéanann an duine is siocair le beagnach an ceathrú cuid d’astaíochtaí gás ceaptha teasa. Baineann an glanadh talún sin den chuid is mó le scrios fhoraoisí an domhain ar mhaithe le táirgeadh mairteola, an tsoighe agus ola pailme.

Dúirt Boris Johnson, Príomh-Aire na Breataine, gurb iad na foraoisí “scamhóga” an domhain.

“Is ionann na héiceachórais iontacha lán beochta seo – ardeaglaisí an dúlra – agus scamhóga ár bpláinéid,” arsa Johnson.

“Tacaíonn na foraoisí le pobail, le slite beatha daoine, le bia a chur ar fáil agus glacann siad isteach an carbón a bhíonn á phumpáil isteach san atmaisféar againn. Tá siad riachtanach le go mairfimid beo.”

Fógrófar chomh maith i nGlaschú inniu plean gnímh chun srian a chur le hastaíochtaí meatáin roimh dheireadh 2030.

Uachtarán Mheiriceá Joe Biden a dhéanfaidh cur síos ar an bplean astaíochtaí meatáin an domhain a laghdú go dtí 30% den leibhéal a bhí i gceist in 2020.

90 tír atá ag tacú leis an nGealltanas Domhanda Meatáin, Éire san áireamh. Tá an Bhrasaíl ag tacú leis an bplean ach níl an tSín, an India ná an Rúis.

 

Fág freagra ar 'Gealltanas tugtha ag ceannairí go gcuirfear deireadh leis an dífhoraoisiú faoi 2030'