Bhain caint Sam Carson croitheadh as an mbunaíocht. Seachtain ó shin cuireadh carranna trí thine taobh amuigh de na tithe ar a fheirm atá ligthe ar cíos aige le hoibrithe i monarcha ar an mBaile Meánach. Bhí muintir Carson agus na tionóntaí sáinnithe, ag breathnú amach ar na bladhairí, iad scanraithe go ngortófaí iad agus go mbeadh beatha daoine i mbaol. Mar sin féin níor chuir loisceadh na ngluaisteán ionadh ar an bhfeirmeoir.
Filipínigh, inimircigh dhleathacha, iad na tionóntaí agus ciníochas ba bhun leis an ionsaí. Bhí feachtas ar mheán sóisialta in aghaidh Carson agus a thionóntaí ó mhí an Mheithimh nuair a bhris círéibeacha ciníocha amach ar an mBaile Meánach. Le déanaí postáladh ainmneacha, seoladh na feirme agus treoracha chuici ar Tik Tok toisc go raibh inimircigh ina gcónaí ansin. Rinne an tUasal Carson gearán leis an PSNI, ach dúradar nach bhfeadfaidís aon cheo a dhéanamh.
I ndiaidh an ionsaithe, bhí a theachtaireacht soiléir. ‘Munar féidir leis an PSNI tada a dhéanamh, ní mór do na polaiteoirí gníomhú; caithfear an scéal a athrú. Tá na polaiteoirí ag loic orainn agus ba cheart dóibh an teannas ciníoch a mhaolú.’
Chreid sé go raibh áibhéil á déanamh faoi ‘fhadhb’ na hinimirce.
Fearacht go leor áiteanna eile, is léir nach mbíonn ó roinnt ach leithscéal chun ionsaí ciníoch a dhéanamh agus míshuaimhneas a chothú faoi ‘inimirce neamhdhleathach’.
Cúiseamh as ionsaí gnéis a spreag na círéibeacha ar an mBaile Meánach sa Mheitheamh (níl toradh ar an gcás go fóill). Tá sé tagtha chun solais gur daoine a raibh líomhaintí faoi fhoréigean baile déanta ina leith ab ea breis is aon trian díobh sin a gabhadh i ngeall ar an bhforéigean. Ba iad na círéibeacha sin an splanc chun an feachtas in aghaidh Sam Carson agus a thionóntaí a fhadú.
Faoi dheireadh na seachtaine bhí idir phóilíní agus pholaiteoirí ag fógairt go ngabhfaidís i ngleic leis an gciníochas. Gá leis. Bhí méadú os cionn 400 ar choireanna ciníocha sa mbliain go deireadh an Mheithimh – 1,329 ar fad, an líon ab airde ó tosaíodh á gcuntas in 2004.
Bhí an chéad chruinniú den Fheidhmeannas ó shamhradh ar siúl Déardaoin agus an foréigean ciníoch ar an gclár oibre díreach mar a bhí sula ndeachaigh Stormont ar saoire. Bhí leathbhádóir an chiníochais, an seicteachas faoi chaibidil freisin. Ba é an scéal céanna é ag an gcruinniú den Bhord Póilíneachta an lá céanna.
Chomh maith leis an eachtra ag feirm Sam Carson in aice leis an mBaile Meánach, tharla ionsaithe agus imeaglú ciníoch agus seicteach i gceantar na Sean-Pháirce i mBéal Feirste agus i nDomhnach Daoi i gcontae an Dúin. Deir na póilíní go raibh baint ag baill den UDA le himeaglú seicteach ar Chaitlicigh i dtuaisceart Bhéal Feirste.
Bhí Príomh-Chonstábla an PSNI, Jon Boutcher, oibrithe faoin méadú mór ar fhuath ciníoch ar mheáin shóisialta agus ar na sráideanna is é os comhair Bhord na bPóilíní. Dúirt sé gur údar buartha é go rabhthas ag baint leas as meáin shóisialta chun coireanna ciníocha a spreagadh. Ba é sin an gearán a rinne Sam Carson ach nach raibh póilíní in ann déileáil leis. Dúirt Jon Boutcher nach staonfadh an PSNI ina dtóir ar na ciontóirí ach tharraing sé aird ar ghanntanas foirne sa tseirbhís.
Roimh bhriseadh an tsamhraidh in Stormont bhí teannas idir na páirtithe eile agus aontachtaithe, go háirithe an DUP.
Cháin an páirtí an foréigean ciníoch ach cuireadh i leith urlabhraithe, Gordon Lyons an tAire Pobail ina measc, go raibh a mbriathra débhríoch ó dúradar freisin go raibh údar imní ag daoine faoin inimirce. Seans nach bhfuil an teannas sin maolaithe mórán cé gur eisigh an Feidhmeannas ráiteas d’aon ghuth Déardaoin ag rá go raibh na hionsaithe agus an imeaglú doghlactha agus nach gcuirfí suas leo. Bhí an Chéad-Aire Michelle O’Neill, Sinn Féin, agus an LeasChéad-Aire Emma Little-Pengelly, an DUP, aontaithe freisin ina ndiancháineadh ar an bhforéigean iad ag geallúint nach nglacfaí beag ná mór leis.
Conas a chinnteoidh siad é sin? Sin í an cheist. Tá caint ar phionós níos géire a ghearradh ar chiontóirí ciníocha, seicteacha agus go leor eile. Ach tógann sé i bhfad ar Stormont aon gheallúint a chur i gcrích – athchóiriú na seirbhíse sláinte nó bóthar an A5, cuir i gcás. Oibreoidh an Feidhmeannas, a deir a ráiteas leis an PSNI, eagraíochtaí pobail agus forais reachtúla chun meas ar gach duine agus cothromaíocht a chur chun cinn ar na sráideanna agus i measc an phobail.
Aidhm inmholta; chífimid cé mar a chruthóidh.
Fág freagra ar 'Gan aon stad leis an gciníochas– ó fheirm ar an mBaile Meánach go dtí na meáin shóisialta'