Gan aon bhás de dheasca Covid-19 le fógairt thuaidh ná theas den dara huair le trí lá

2,292 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,738 duine ó dheas den teorainn agus 554 ó thuaidh di

Gan aon bhás de dheasca Covid-19 le fógairt thuaidh ná theas den dara huair le trí lá

Den dara huair le trí lá ní raibh aon bhás nua de dheasca Covid-19 le fógairt inniu ag na húdaráis sláinte thuaidh ná theas.

2,292 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,738 duine ó dheas den teorainn agus 554 ó thuaidh di.

31,307 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,542 cás ó dheas den teorainn agus 5,765 cás ó thuaidh di.

Ceathrar ó dheas ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal agus baineadh seacht gcás den ghalar den taifead.

Dúirt an Dr Ronan Glynn Príomhoifigeach Leighis Gníomhach na Roinne Sláinte nár cheart d’aon duine a shíleann go bhfuil an galar orthu tástáil a chur ar an méar fhada.

“Gné thábhachtach dár gcur chuige ag déileáil le Covid-19 is ea a chinntiú go rachaidh gach duine a mhothaíonn aon chomharthaí sóirt den víreas (casacht, giorra anála, fiabhras, boladh nó blas a chailleadh) ar aghaidh chun an tástáil a dhéanamh.

“Le do thoil, ná cuir an tástáil sin ar an méar fhada ‘go bhfeicfidh tú leat’, déan aonrú ort féin agus téigh i dteagmháil le do dhochtúir teaghlaigh gan aon mhoill,” arsa an Dr Ronan Glynn.

Beidh cruinniú eile ag NPHET amárach mar a leanfar leis an athbhreithniú ar na bearta in aghaidh an Covid-19 agus ar a ullmhaithe is atá an tír, a dúirt sé.

Ní raibh bás ar bith le fógairt ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu, an cúigiú lá as a chéile nár fógraíodh aon bhás de dheasca an ghalair ó thuaidh. Ceithre chás nua den ghalar a deimhníodh ó thuaidh.

12 atá buailte ag gcoróinvíreas atá sna hospidéil ó thuaidh agus 12 a bhfuil an galar orthu atá sna hospidéil ó dheas. Don 11ú lá as a chéile ní raibh aon othar a raibh Covid-19 air in aonaid dianchúraim an Tuaiscirt.

De réir na bhfigiúirí is déanaí, naonúr den dháréag atá buailte ag an gcoróinvíreas sna hospidéil ó dheas atá in ICU.

Tá 51 leaba ICU folamh sna hospidéil ó dheas agus 423 leaba ar fad atá folamh iontu.

Fág freagra ar 'Gan aon bhás de dheasca Covid-19 le fógairt thuaidh ná theas den dara huair le trí lá'