Gan ach €34,000 sa bhliain le haghaidh seirbhísí náisiúnta do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge

Deir bainisteoir na scéime Teanga Tí gur ‘dúshlán leanúnach’ é a bheith ag iarraidh ‘freastal mar is cuí’ ar thuismitheoirí le ‘maoiniú teoranta’

Gan ach €34,000 sa bhliain le haghaidh seirbhísí náisiúnta do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge

Níl ach €34,000 sa bhliain i gciste scéime chun seirbhísí a sholáthar sna 32 contae do thuismitheoirí atá ag tógáil a gclann trí Ghaeilge.

Tháinig an méid sin chun solais inné ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, áit ar dhein Glór na nGael cur síos ar obair na heagraíochta, ag áireamh an scéim Teanga Tí.

Dúirt Marcus Mac Ruairí, bainisteoir le Glór na nGael, nach mbíonn fágtha le caitheamh i measc an phobail ach €34,719 nuair atá pá na bhfostaithe atá ag plé le Teanga Tí íoctha.

“Tá foireann 4.5 duine ag an rannóg Teanga Tí agus iad ag clúdach 32 contae. Ní leor sin le clúdach ceart a thabhairt ar an éileamh atá ann nó le forbairt a dhéanamh ar an éileamh sin amach anseo.

“Tar éis costais foirne a ghlanadh, is €34,719 atá fágtha do na seirbhísí a bhíonn an Rannóg Teanga Tí á soláthar. Is dúshlán leanúnach é a bheith ábalta freastal mar is cuí a dhéanamh leis an mhaoiniú teoranta sin,” a dúirt Marcus Mac Ruairí, Bainisteoir Teanga Tí.

Faoin scéim Teanga Tí, cuirtear eolas agus comhairle ar fáil faoi na hacmhainní agus na himeachtaí a bhíonn ann do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge. Cuirtear an t-eolas ar fáil ar www.teangati.ie agus chuig breis is 1,500 duine atá cláraithe do nuachtlitir na scéime.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Ghlór na nGael, Lorcan Mac Gabhann, ag an gcruinniú i dTeach Laighean nach bhféadfaí cur leis na seirbhísí a chuireann an eagraíocht ar fáil mura gcuirfí leis an mbuiséad iomlán de thart ar €1.5 milliún sa bhliain a bhíonn ag an eagraíocht.

‘Níl an cath caillte ag tuismitheoirí misniúla na Gaeltachta, ach tá tacaíocht uainn’

Dúirt Lorcán Mac Gabhann gur 21 duine atá ag obair do Ghlór na nGael agus go raibh siad ag plé le breis is 300 grúpa pobail ar fud na tíre, idir ghrúpaí pobail Gaeilge, chlubanna CLG agus ghrúpaí teaghlaigh.

Dúirt sé gur €208,000 dá mbuiséad a chaithfidh Glór na nGael i mbliana “ar obair forbartha na Gaeilge ar bhonn áitiúil”.

“Seo airgead atá curtha i lámha na gcoistí éagsúla ar mhaithe lena bpleananna féin a chur i gcrích.

“Mar sin féin, is í an obair thimireachta ó cheann ceann na bliana an tseirbhís is luachmhaire a sholáthraíonn Glór na nGael.”

Dúirt an Príomhfheidhmeannach go dtarlódh gur coinníodh an obair a bhíonn ar siúl ag Glór na nGael ar fud na tíre “faoin radar d’aon ghnó” san am atá caite ach go raibh sé i gceist níos mó airde a tharraingt ar an obair sin feasta.

Mhol ionadaithe Ghlór na nGael ag an gcruinniú inné go bhféachfaí arís ar an gceist faoin nGaeilge a bhíonn sa daonáireamh mar nach mbíonn eolas ar fáil maidir le húsáid na Gaeilge mar theanga theaghlaigh.

Moladh chomh maith go ndéanfaí “anailís chriticiúil ar an dóigh a ndéanann tuismitheoirí cinneadh maidir le rogha teanga agus beartas teanga”.

Ba chóir freisin, a dúradh, tuilleadh taighde a dhéanamh le teacht ar thuiscint níos fearr “ar ionad na Gaelscolaíochta i saol an teaghlaigh a labhraíonn Gaeilge, agus cén dóigh a bhféadfadh Glór na nGael agus eagraíochtaí eile straitéis náisiúnta a fheidhmiú”.

Moladh taighde “níos leithne ar bhonn níos buaine agus níos leanúnaí” a dhéanamh “chun monatóireacht a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge sna teaghlaigh agus chun tuiscint fheidhmiúil a fháil ar na slite chun tacú leo agus cur lena líon”.

Fág freagra ar 'Gan ach €34,000 sa bhliain le haghaidh seirbhísí náisiúnta do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge'