Gan ach 7,000 teaghlach ag tógáil páistí le Gaeilge sa tír – taighde nua

Deir Glór na nGael, a choimisiúnaigh an taighde, go bhfuil ‘práinn’ ag baint le hinfheistíocht agus polasaí rialtais nua i leith labhairt na Gaeilge i dteaghlaigh na tíre

Gan ach 7,000 teaghlach ag tógáil páistí le Gaeilge sa tír – taighde nua

Tá gá le “hinfheistíocht láithreach” chun teacht i gcabhair ar dhaoine atá ag iarraidh a bpáistí a thógáil le Gaeilge agus é léirithe ag taighde nua nach bhfuil ach 7,000 teaghlach ar fud na hÉireann ina bhfuil páistí á dtógáil le Gaeilge.

Deir Glór na nGael, a choimisiúnaigh an taighde, go bhfuil “práinn ag baint le polasaí rialtais a chuirfidh go mór leis an líon seo lasmuigh den Ghaeltacht”.

De réir an taighde, tá tuairim is 7,000 teaghlach sa tír ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt mar phríomhtheanga baile. Meastar go bhfuil 16,000 páiste sna teaghlaigh sin agus an cheathrú chuid acu ina gcónaí sa Ghaeltacht.

Deir Glór na nGael go bhfuil níos mó airgid ag teastáil má tá níos mó teaghlach le mealladh chun a bpáistí a thógáil le Gaeilge. Deir an eagraíocht nach bhfuil sé ar a gcumas féin ach €27,000 a chaitheamh sa bhliain ar sheirbhísí díreacha do theaghlaigh. Íoctar tuarastal cúigear fostaithe chun seirbhísí leanúnacha a chur ar fáil do theaghlaigh sna 32 contae.

Tá Glór na nGael ag éileamh go mbunófaí cistí de luach beagnach €1 milliún chun tacú le teaghlaigh a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge.

Tá an eagraíocht ag moladh go mbeadh ciste náisiúnta tacaíochta €400,000 ann a chuideodh le coistí Gaeilge seirbhísí teaghlaigh a chur ar fáil agus freisin gcomhbhunódh Roinn na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge ciste €500,000 eile chun feachtais leanúnacha a eagrú chun daoine a spreagadh an Ghaeilge a roghnú mar theanga clainne.

“Aithnítear tógáil clainne le Gaeilge mar bhunchloch na pleanála teanga agus beidh rath na Gaeilge mar theanga phobail ag brath ar fhás agus ar líon na dteaghlach atá á dhéanamh sin. Faoi láthair déantar infheistíocht bhliantúil thar a bheith teoranta i seirbhísí agus i bhfeachtais phoiblí a mheallfadh teaghlaigh i dtreo na Gaeilge,” a deir Marcas Mac Ruairí, Bainisteoir Teanga Tí Ghlór na nGael.

“Is gá cur go mór leis an infheistíocht sin agus maoiniú a chur ar fáil d’fheachtais leanúnacha feasachta a mheallfaidh teaghlaigh lena gclanna a thógáil le Gaeilge.”

Roinn na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a thug faoin taighde, Líon agus Lonnaíocht na dTeaghlach atá ag Tógáil Clainne le Gaeilge Lasmuigh den Ghaeltacht, ar son Ghlór na nGael.

Tá an taighde bunaithe ar na daonáirimh thuaidh (2011) agus theas (2016), pleananna a chuir Coistí Pleanála Teanga le chéile, ceistneoirí a scaipeadh ar scoileanna lán-Ghaeilge agus líon na bPacáistí Tacaíochta Teaghlaigh a sheol Roinn na Gaeltachta chuig teaghlaigh.

Deir Glór na nGael nach raibh aon “tobar cruinn eolais” ar fáil do na taighdeoirí agus táthar ag moladh go ndéanfadh An Phríomh-Oifig Staidrimh ó dheas agus Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staitisticí ó thuaidh, ceist shonrach faoin nGaeilge a chur sna daonáirimh feasta chun eolas cruinn faoi úsáid na Gaeilge mar theanga baile a sholáthar.

Measann Glór na nGael go bhféadfadh níos mó ná 7,000 teaghlach ar fud na tíre a bheith ag tógáil a bpáistí le Gaeilge ach nach raibh siad san áireamh sna foinsí eolais a bhí ag an lucht taighde. Meastar, mar shampla, nach bhfuil páistí nach bhfuil in aois scoile san áireamh sna figiúirí.

Tá Glór na nGael freisin ag éileamh go gcuirfí airgead ar fáil don eagraíocht chun tabhairt faoi staidéar féidearthachta maidir le hionaid cúraim leanaí agus naíolanna a fhorbairt i mBaile Átha Cliath; go ndéanfadh Foras na Gaeilge anailís chriticiúil ar an dóigh a ndéanann tuismitheoirí cinneadh maidir le rogha teanga agus beartas teanga dá gclann; agus go gceapfaí taighdeoir lán-aimseartha chun taighde a dhéanamh ar bheartas teanga agus ar nósmhaireachtaí teanga teaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge.

 

Fág freagra ar 'Gan ach 7,000 teaghlach ag tógáil páistí le Gaeilge sa tír – taighde nua'

  • Donncha Ó hEallaithe

    Má tá an líon sin teaghlach ‘ag tógáil páistí le Gaeilge sa tír’ níl an scéal ró dhona.

  • Art

    Moltaí maithe.

  • Seán ÓM

    @Donncha – sin “ag tógáil páistí le Gaeilge [éigean]” – níl aon idirdhealú ann faoi dhátheangachas nó aonteangachas, i.e. in éineacht leis an mBéarla, nó an bhfuil an Ghaeilge ann ina haonar, nó ann mar príomhtheanga, nó sa dara háit, nó cúpla focal agus amhrán a bheith á n-úsáid leo anois is arís.
    Mar shampla: Seans maith go bhfuil 80% Béarla agus 20% Gaeilge á gcaint ag roinnt mhaith de na teaghlaigh seo agus a bpaistí i nGaelscoileanna.

    Ní chiallaínn “ag tógáil páistí le Gaeilge” “ag tógáil páistí le Gaeilge mar phríomhtheanga”. Tá dream an chúpla focal san áireamh sin. Mar sin, níl sé seo go maith.

    Ach is maith liom an obair a dhéanann Glór na nGael agus Tuismitheoirí na Gaeltachta. Eagraíochtaí maithe i gcomparáid le cinn eile.

  • Caitríona

    Rachaidh siad ar scoil ansin agus Béarla a cheadófar dóibh labhairt i mórchuid scoileanna.