Ceist na dteifeach agus galar gan náire an doicheall

Tá ardmholadh tuillte ag criúanna an L.É. Eithne agus na longa eile atá i mbun tarrthála sa Mheánmhuir. Ach níl fáilte roimh theifigh ar theacht i dtír dóibh

Migrants Mediterranean

Thug vótóirí na Danmhairge droim láimhe le comhrialtas an Phríomh-Aire Helle Thorning-Schmidt in olltoghchán Déardaoin. D’fhógair sí go moch ar maidin Dé hAoine go raibh sí ag éirí as ceannaireacht a páirtí, na Sóisialaigh Dhaonlathacha.

Ní ar aon chúis amháin a díbríodh a comhrialtas ach níl aon dabht faoin ábhar a chuidigh go mór leis na páirtithe ar an eite chlé atá ar tí comhrialtas nua a bhunú. Srianta níos láidre ar inimircigh a theastaíonn uathu go léir.

Glactar leis freisin gur mar gheall ar sheasamh láidir Phairtí an Phobail, Dansks Folkeparti (DF) faoin inimirce a tháinig méadú suntasach ar a vóta. San olltoghchán deireanach, níor bhain siad amach ach a dó dhéag faoin gcéad den vóta. Ghnóthaigh siad 21 faoin gcéad an babhta seo, agus is é an DF an dara páirtí is mó sa pharlaimint nua.

Cibé rogha a dhéanfaidh Páirtí an Phobail – a bheith páirteach i gcomhrialtas nó tacú leis ón taobh amuigh – beidh tionchar nach beag acu ar a pholasaithe. Dúirt an ceannaire Kristian Thulesen Dahl go gcuirfidís béim ar cheithre phríomhaidhm: (1) laghdú ar líon na n-iarrthóirí tearmainn; (2) srianta ar theacht isteach ar theorainneacha na Danmhairge; (3) cosc ar liúntais leasa shóisalta d’inimircigh; agus (4) caiteachas an breise ar sheanóirí agus ar easláin.

Déan talamh slán de go mbreathnóidh ceannairí polaitiúla ar fud na hEorpa ar thoradh an olltoghcháin sa Danmhairg mar shampla eile den ghaoth fhrith-inimirce atá ag séideadh go forleathan. Is meamram é freisin go bhfuil fadhb ghéar fós le réiteach acu go léir, cé gur sa Ghréig, san Iodáil agus sa Spáinn atá an brú.

Is ábhar mórtais dúinn uilig an obair tharrthála atá idir lámha ag criú an L.É. Eithne, a bhfuil breis agus 1,600 teifeach sábháilte sa Mheánmhuir agus tógtha chun céibhe acu agus an colún seo á scríobh. Ach ná bíodh aon amhras orainn faoin bhfáth go bhfuil ár long agus longa ó chabhlaigh Eorpacha eile curtha i mbun tarrthála. Náire.

Chuir an tAontas Eorpach deireadh anuraidh le maoiniú an fheachtais tarrthála a bhí idir lámha ag cabhlach na hIodáile. Dúradh an uair sin agus ó shin i leith go gcaillfí na mílte de dheasca an chinnidh sin.  Mar a tharla, go dtí gur bádh suas le 900 teifeach (ní fios go cruinn cé mhéad) nuair a chuaigh bád go tóin poill i mí Aibreáin amach sa bhfarraige idir Libia agus an Iodáil, ba léir do cheannairí an AE go náireofaí iad arís agus arís eile mura dtiocfaí i gcabhair ar na teifigh.

Is léir mar sin féin drogall na gceannairí dul níos faide. Mar shampla:

1)  Tá claí slándála tógtha ag an mBulgáir ar theorainn na Tuirce chun stop a chur le teacht na dteifeach.

2)  Tá cinneadh déanta ag rialtas na hUngáire claí a thógáil ar an teorainn le Seirbia, agus an aidhm chéanna acusan.

3)  Tá sé ráite ag polaiteoirí ar fud an AE, agus ár gceannairí féin san áireamh, nach n-athrófar an conradh (a síníodh i mBaile Átha Cliath i 1990) faoina gceiltear cead ar theifigh a thagann i dtír i mballstát ar bith dul ar aghaidh go dtí ballstát eile.

4) D’iarr Príomh-Aire na hIodáile, Matteo Renzi ar thíortha eile an AE seachtain ó shin (a) teacht i gcabhair ar an Iodáil, áit ar tháinig 57,000 teifeach i dtir do dtí seo i mbliana, agus (2) Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath a leasú. Freagra ní bhfuair sé fós.

Is é bun agus barr an scéil gur dóigh le rialtais ar fud na hEorpa nach bhfáilteodh an pobal roimh imircigh, agus gurb ionann agus gríosadh chun teitheadh córas fáilte, dá theoranta é, a chur ar bun.

Ní léir réiteach atá réasúnta ó thaobh polaitíochta agus daonnachta de, ach ní rachaidh an ghéarchéim as amharc cheal réitigh.

Is láithreoir é Cathal Mac Coille ar ‘Morning Ireland’ ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'Ceist na dteifeach agus galar gan náire an doicheall'