Galar Alzheimer agus gadhair: an gearr uainn leigheas?

Tugtar idir ‘mada’, ‘madra’ agus ‘gadhar’ air sa Ghaeltacht. Cibé ainm is rogha leat féin a thabhairt air, d’fhéadfadh sé cabhrú linn galar uafásach a chur de dhroim seoil sa deireadh thiar thall…

Galar Alzheimer agus gadhair: an gearr uainn leigheas?

Más truamhéalach féin é, is álainn mar a chaoineann Máire Uí Ráinne, as an Trá Bháin, meath an duine a bhfuil teip na cuimhne ag goilliúint air. Is sa dán ‘An Bás Beo’, as an gcnuasach Snáth Ceangail, a dhéanann sí an cheist íogair seo a chíoradh:

‘…Mian mo chroí mar a bhí tú inné
Tusa a fheiceáil le hintinn ghlé…
…Ní thuigim Dia, ní thuigim duine
Ní thuigim bealaí aite na cruinne
Ach tuigim gur bás beo atá do do chriogadh
Is nach bhfuil do shaoradh ach i gcré na cille.’

Is dócha gur donacht de chineál ghalar Alzheimer atá i gceist ag an iarmhúinteoir as Ceantar na nOileán i gConamara, donacht a chuireann sí i gcomparáid le ‘aibhéis dhorcha’, a fhágann an duine agus a intinn ‘i dtreascairt’. Amach ón ábhar féin, d’fhéadfadh gurb í an líne is simplí ó thaobh na Gaeilge de is mó a bhuaileann an léitheoir agus a bhaineann deoir as nuair is lú coinne aige leis: ‘Is níl mo thuiscint ar do phian, céad faraor’.

Tá de phribhléid agamsa aithne a bheith agam ar bhean a bhfuil galar Alzheimer uirthi le blianta beaga anuas. “Ná bí ag caoineadh, bí happy,” a deir sí linn má bhraitheann sí go bhfuil an ghruaim agus an t-éadóchas ag fáil an ceann is fearr orainn. Le linn di a bheith á rá sin, lasann a héadan leis an meangadh gáire is áille dá bhfacthas-sa riamh. Is í an chuid is fearr dínn í; ár ndóchas, ár misneach, ár ngrá.

Deirtear go dtuigeann madraí grá den chineál sin agus gur diail an comhluadar iad do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu. Ní hiontas linn sin – nach é an ‘mada’ nó an ‘gadhar’ an cara is dílse a bhí ag an duine riamh?

Tá an t-ainmhí céanna tar éis beagán údar dóchais a thabhairt dúinn, mar léiríonn staidéar atá déanta ag eolaithe go dtagann an galar uafásach seo ar ghadhair iad féin. Is ionann an méid sin a bheith faighte amach ag eolaithe agus tuilleadh deise a bheith acu teacht ar leigheas.

Ag caint di le Tuairisc.ie, mhínigh an Dr Elizabeth Head, saineolaí ar ghalar Alzheimer agus ar shiondróm Down in Ionad Sanders Brown, Ollscoil Kentucky, gur féidir le plaic teacht ar inchinn gadhair agus é amach sna blianta, rud a fhágann go bhfaigheann cealla na hinchinne bás le haimsir. Dá mhéad plaice atá air is ea is mó dochar a dhéanfar dá chumas foghlama agus dá chuimhne.

“Is é an aidhm atá againn ná seanghadhair a choinneáil ina sláinte trí theacht ar bhealaí leis an oiread plaice a laghdú agus gan ligean do na cealla bás a fháil.

‘Is éard atá foghlamtha againn ná nuair a bhíonn cúpla cur chuige difriúil againn ó thaobh cóir leighis a chur ar sheanmhadraí, go mbaineann siad tairbhe chognaíoch as éagsúlacht na modhanna cóireála sin, go háirithe agus iad á gcur ag obair in éineacht.

‘An saghas ruda a bheadh i gceist ná vacsaín a thabhairt dóibh in aghaidh na próitéine atá sna cealla néaltraithe, ach, ag an am céanna, iad a chur ag siúl níos mó, comhluadar a dhéanamh leo agus iad a thraenáil ó thaobh na cognaíochta de.”

Dar leis an Dr Head go bhfuil an dá thrá á bhfreastal agus an cur chuige seo i gceist: “Ní hamháin gur cabhair é do na gadhair, ach beidh tuairim níos meáite againn dá bharr ar cé acu an gcabhróidh nó nach gcabhróidh a leithéid le duine a bhfuil galar Alzheimer air. Sa tslí sin, is cinnte gurb é an gadhar an cara is dílse a bhí ag an duine riamh!”

Más fíor scéal, ba trí thimpiste a fuair Alexander Fleming eolas ar pheinicillin nuair a chonaic sé an méid a bhí ag tarlú le caonach liath ar leic fuinneoige. Ansin, nuair a cuireadh an bholgach de dhroim seoil, measadh ag an am, agus cúis mhaith leis, go raibh sé ar cheann de na héachtaí leighis ba mhó riamh a rinne an duine.

Sa dán ‘Cinniúint’, fiafraíonn Máire Uí Ráinne ‘an bpiocann an saol ar íseal agus ar uasal’ araon? Is cosúil go bpiocann; cuid den saol an fhulaingt, rud atá os cionn ár dtuisceana, ach, ina dhiaidh sin féin, níl aon teora leis an méid is féidir linn a bhaint amach i bhfianaise mhíorúiltí na heolaíochta agus an leighis, ní áirím teacht aniar an duine.

B’fhéidir, le cúnamh Dé, gur san aois seo a chuirfear an ruaig ar leithéidí ailse agus ar ghalair mhóra na díchuimhne go brách na breithe. Ní stadfar go gcuirfear.

Fág freagra ar 'Galar Alzheimer agus gadhair: an gearr uainn leigheas?'