Gael is ea Gael, is cuma dubh, bán nó riabhach…

Tá sé thar am dúinn an téarma Gael a bhualadh orainn arís agus gan é a fhágáil faoi lucht an chiníochais

Gael is ea Gael, is cuma dubh, bán nó riabhach…

Tugaim fé ndeara go bhfuil na faisistigh agus na cinígh ag iarraidh earraíocht a bhaint ar na saolta seo as sainmhíniú éigin ar an téarma ‘Gael’ mar lón airm ina gcath i gcoinne gach pobal nach bhfuil geal, Críostaí, Iartharach, Eorpach. Léas i roinnt áiteanna le déanaí roinnt teoiricí a thug le fios go bhfuil bonn éigin fola ag baint le Gaeil an lae inniu, go bhfuil íonacht nó glaineacht cine de dhíth chun go mbeadh an teideal ‘Gael’ tuillte ag duine. Agus ní nach iontach le naitsithe na méarchlár, tuigtear dóibh go bhfuil na Gaeil níos uachtaraí ná pobail eile na tíre. 

Ní gá dom a rá, is dócha, go gcuireann an cac-asail-sa-deep-freeze seo breoiteacht orm, mar ní ar mhaithe leis na Gaeil atáid, ach chun cos ar bholg  a leagadh ar dhaoine atá difriúil uathu féin. Nach diabhal an obair é, má táid chomh tógtha san leis an náisiún Gaelach, gur as Béarla a bhíonn formhór mór a gcuid briollamais?

Dá ngéillfí dos na tuiscintí seo, ní haon Ghael mise, toisc gur de shliocht Normannach mé, ná Peig Sayers féin, ós rud é gur de shliocht Sasanach na Saorsaigh úd.

Níl bunús fola, ná dath craicinn, le náisiún Gaelach na linne seo; baineann sé le cultúr, tuiscintí agus teanga. I measc na sainmhínithe is coitianta a úsáidtear don choincheap ‘Bundúchasach’ tá an sainmhíniú seo leanas ag Jose R. Martinez Cobo ina thuairisc do na Náisiúin Aontaithe ar chosaint mionlaigh a foilsíodh sa bhliain 1986. De réir na tuairisce bíonn ceann amháin de na tréithe seo, ar a laghad, ag baint le náisiún ar leith:

  • Occupation of ancestral lands, or at least of part of them;
  • Common ancestry with the original occupants of these lands;
  • Culture in general, or in specific manifestations
  • Language (whether used as the only language, as mother-tongue, as the habitual means of communication at home or in the family, or as the main, preferred, habitual, general or normal language);
  • Residence in certain parts of the country, or in certain regions of the world;
  • Other relevant factors

Tá an dá ghné acusan atá sa chló trom agam ríthábhachtach má táimid d’iarraidh sainmhíniú a thabhairt ar cén saghas pobail atá ionainn, na Gaeil. Is i dtaobh ár gcultúir agus ár dteanga atá náisiún ar leith againn, agus táid sin araon beag beann ar chúrsaí fola. Léirímid ár bhféiniúlacht lenár gcultúr, leis an gceol a sheinnimid, nó leis na cluichí a imrímid, ach thar aon ní eile, leis an teanga a bhíonn á labhairt againn. Níl aon bhaint ag dath ár gcraicinn leis mar scéal.

Tógfam an teanga mar shampla. Tá sí ag cuid againn ón gcliabhán, amach sna blianta a fhoghlaimíonn daoine eile í, ach nascann sí sinn ar fad le chéile in aon phobal amháin. Tá an rud céanna amhlaidh fén gceol agus fén spórt.

Ní hé sin le rá go gcaithfidh gach Gael Foclóir an Duinnínigh a bheith i lámh amháin acu agus camán sa lámh eile, cruit buailte thiar orthu agus gan ach glan-Ghaelainn a bheith á labhairt acu ó dhubh dubh. Tréithe iadsan ar fad dár náisiúnacht Gaelach, ach ní fhágann sin go gcaithfidh siad ar fad a bheith ionann ná nach féidir slí a dhéanamh do thréithe eile. Is mó Gael gur liathróid ubhchruthach a bhíonn acu agus a bhaineann ceoil as giotár leictreach. Ach tá meas acu ar fad ar a gcultúr agus ar a bpobal, agus ar an ilchineál duine atá sa náisiún sin.

Bhí tamall ann agus samhlaíodh an Náisiún Gaelach agus an Stát mar aon rud amháin; náisiúnstát Éireannach, Gaelach, Caitliceach, Geal. Tugadh ról siombalach do chultúr agus do theanga na nGael i ngléasra an stáit nua ó dheas, agus leanadh leis an gcur i gcéill go raibh útóipe Ghaelach ar leac an dorais againn. Ach ní hí Róisín Dubh a fuair Éire thar n-ais, ach Dark Rosaleen. Tá níos mó dealraimh ag an náisiún Gaelach inniu le náisiúin bhundúchasacha i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe ná mar atá aici le náisiúnstáit na hEorpa, ach go bhfuil féinriail agus aitheantas níos mó ag ár mbráithre thall ná mar atá againne abhus.

Cuirtear i leith lucht labhartha na Gaelainne go mion minic go gceapaimid go bhfuilimid níos ‘Éireannaí’ ná éinne eile. Ní fíor sin; níl ann ach go bhfuilimid níos Gaelaí.

Tá sé thar am dúinn an téarma Gael a bhualadh orainn aríst, mar phobal agus mar náisiún, agus gan é a fhágaint fés na cinígh. Fé mar a dúirt duine eolgaiseach uair, Gael is ea Gael, is cuma dubh, bán nó riabhach.

Fág freagra ar 'Gael is ea Gael, is cuma dubh, bán nó riabhach…'

  • Cormac

    Tá mise ar aon intinn leat, ar a laghad

  • Séamas de Barra

    Bhí alt ar ‘Tuairisc’ ag Dáithí de Mórdha, Dé Luain, Eanáir 2019, alt dar teideal ‘Gael is ea Gael, is cuma dubh, bán nó riabhach.’
    Á bhréagnú féin atá an Mórdhach, gan fhios dó féin, de réir dealraimh. Cuireann sé i leith Faisistithe, ciníochaithe agus Naitsithe na méarchlár, go bhfuil siad siúd ag iarraidh an focal ‘Gael’ a ghabháil chucu féin, agus gurb amhlaidh a shamhlaíonn siad ‘íonacht nó glaineacht cine’ leis.
    Áitíonn an Mórdhach nár cheart ach brí chultúir a thabhairt leis an bhfocal ‘Gael’. Ach is léir go bhfuil míthuiscint ar an Mórdhach i dtaobh bhunús na sloinnte, nó na gciníocha, mar a thugtar i gCorca Dhuibhne orthu. Cuir i gcás, cén cruthú atá aigesean gur de shliocht Normannach é féin, agus gur de shliocht Shasana is ea Muintir Pheig Sayers, ‘na Saorsaigh’ mar a thugtar thiar orthu? Cine Sean–Ghallda nó cine Sasanach a bheith ar dhuine, ní cruthú ar bith é sin gur Sean–Ghall ó thaobh fola, nó gur Sasanach ó thaobh fola, is ea an duine sin. A lán de mhuintir na hÉireann, ní raibh cine ar bith orthu go dtí an 18ú céad. Thosaigh cuid mhaith daoine ar chiníocha a ghabháil chucu féin an uair úd, agus minic go leor is é cine thaoiseach na háite a ghabh siad chucu féin.
    An deartháir is óige agamsa, chuaigh sé faoi thástáil ghéiniteach. Ba é toradh na tástála go bhfuil gaol fola aigesean le muintir na hÉireann –– iontas na n–iontas –– muintir Chiarraí go háirithe; agus le muintir na hAlban, agus le muintir na Breataine Bige, chomh maith. Gaol fola a bheith ag duine le muintir na hAlban, agus le muintir na Breataine Bige, d’fhéadfaí an tátal a bhaint as sin go bhfuil dúchas Lochlannach, agus dúchas Sean–Ghallda ann. Ach b’fhéidir eile gur gaol fola atá aige le Gaeil Alban, agus le Ceiltigh na Breataine Bige. Tarlaíonn sé gur ó Pharóiste na Snadhma, sa taobh theas de Cho. Chiarraí, bean de Mhuintir Shúilleabháin, ba ea máthair na beirte againn, trócaire sa chré uirthi. Is é an rud is mó a ndéanaimse iontas de nach bhfuil lua ar bith i dtoradh na tástála géinití ar bhaint a bheith againn leis an Normainn, leis an mBriotáin, ná leis an Ísiltír. Tháinig cuid mhaith Briotánach, agus an áirithe sin Pléimeannach, anall leis na Sean–Ghaill nuair a lonnaigh siad seo in Éirinn i ndeireadh an 12 céad.
    Chomh fada le cine Sean-Ghallda a bheith orainne, i.e. ‘de Barra’, is Gaelú é sin ar Barry. Ach ó Bhaile an Londraigh sa taobh thoir theas de Cho. Luimnigh ba ea na Barrys ar díobh sinne. An tAth. Pádraig de Bhulbh, údar Sloinnte Gaedheal agus Gall, rinne sé amach nach Barraigh is ea a lán de Bharrys an taoibh thoir de Cho. Luimnigh, ach Bearghaigh, cine Gaelach ó Uíbh Rosa, i mBarúntacht Chaonraí ar bhruach na Sionainne, go bunúsach. Chuireadh sé m’athair bocht siar ó thuaidh ar fad a rá leis nach Barraigh ach Bearghaigh ba ea sinne le ceart. Tá an áirithe sin staidéir déanta ó shin agam féin ar an bhfadhb, agus táim tagtha ar aon tuairim le m’athair, beannacht Dé lena anam. Cill na mBallach [Buttevant] sa taobh thuaidh de Cho. Chorcaí an príomhbhaile ag líne dhíreach na mBarrach, an Barrach Mór. Níl Cill na mBallach ach 6 mhíle ó Bhaile an Londraigh. Pé acu gaol fola a bheith againne leis an mBarrach Mór, nó sinn a ghabháil an chine sin chugainn féin san 18ú céad, ‘gan spleáchas’ mar a deirtear i gCo. Luimnigh, creidim go bhfuil an cine sin á thabhairt againn orainn féin le fada riamh. Dála an scéil, mhair Gaeltacht i nGleann na gCreabhar [Anglesborough] go dtí isteach san 20 céad, baile atá an–ghairid do Bhaile an Londraigh. Sa 19ú céad bhí dhá dhuine dhéag de dheartháireacha de Mhuintir Bharra, agus más fíor seanchas na mBarrach, ba iad cosantóirí na gnáthmhuintire agus na mbaintreach iad ar na tiarnaí talún, agus ar na haibhéardaithe, agus tá scéal ar iad a ruaigeadh na dtiarnaí talún agus na n–aibhéardaithe babhta na 25 mhíle ó Bhaile an Londraigh go dtí sráideanna Chathair Luimnigh. Cuireadh beirt acu i bPríosún Inis Píc, i gCuan Chorcaí, dá dheasca. D’inis m’athair dom gurbh é ‘Tomás Rua’ an deartháir ba shine, agus an Ceann Feadhain, ar an mbuíon 12 dhuine seo. Thabharfadh sin le fios go raibh Gaeilge fós á labhairt sa cheantar lena linn. Óna athair féin a fuair m’athairse an seanchas sin.
    Dála an scéil, is air is treise mé gurb é ‘Ó Mórdha’, agus nach é ‘de Mórdha’ ba cheart do Mhórdhaigh Chorca Dhuibhne a thabhairt orthu féin, agus gur ó Cho. Laoise go bunúsach iad, is é sin le rá, gurb aon mhuintir amháin iad féin agus laoch mór Mhórdhaigh Laoise, Ruaidhrí Ó Mórdha. Sa bhliain 1600 a maraíodh Ruaidhrí.
    Bhur gCara,
    Séamas de Barra.

  • Séamas de Barra

    Faighim pardún agaibh, a léitheoirí. Níorbh é Ruaidhrí Ó Mórdha an Mórdhach a bhí i gceist agamsa ach Uaithne. Tá tagairt d’Uaithne in Pairlement Chloinne Tomáis [eagrán Nicholas J. A. Williams, BÁC, 1981] líne 719.
    Bhur gCara,
    Séamas de Barra.