Gaeil Chonamara le haghaidh a thabhairt ar na Connemara Gaels mar chuid de cheiliúradh 60 bliain na bPiarsach

Tá cumann CLG na bPiarsach ag eagrú turas chuig Bostún an bhliain seo chugainn, tráth a mbeidh siad 60 bliain ar an bhfód

Gaeil Chonamara le haghaidh a thabhairt ar na Connemara Gaels mar chuid de cheiliúradh 60 bliain na bPiarsach

Aodán Ó Conaire (captaen Na Piarsach) agus Diarmaid Ó Mainín (iarimreoir de chuid na Connemara Gaels) ag Páirc na bPiarsach, Ros Muc

Beidh cúpla lá mór ceiliúrtha ann i mBostún an bhliain seo chugainn agus cinneadh déanta ag Na Piarsaigh, cumann CLG i gConamara, aghaidh a thabhairt ar Mheiriceá in 2019 agus iad ag ceiliúradh 60 bliain ar an bhfód.

Is le linn dheireadh seachtaine na Cásca 1959 a tháinig grúpa le chéile chun Na Piarsaigh a bhunú ar dtús agus baileoidh baill an chumainn le chéile an Cháisc seo chugainn i mBostún, cathair a bhfuil ceangail láidir aici le hÉirinn agus le deisceart Chonamara ach go háirithe.

Sé lá a mhairfidh an turas agus tá sé i gceist ag an lucht eagraíochta a bheith thall i Meiriceá idir 18 agus 23 Aibreán 2019. “Ní ar an mbád bán a bheas muid ag dul ach ar eitleán na seamróige,” a deir Cormac Ó Conaire, cathaoirleach an fhochoiste atá ag eagrú an turais.

Chomh maith le teacht le chéile mór i Dorchester Satharn na Cásca, imreoidh Na Piarsaigh, idir mhná agus fhir, cúpla cluiche le linn an turais. Is i gcoinne Gaels Chonamara a bheidh na fir ag imirt agus aithne mhór ag cuid mhaith de na himreoirí ar a chéile.

“D’imir roinnt mhór imreoirí ó Na Piarsaigh leis na ‘Gaels’ thar na blianta agus tá nasc an-láidir idir an dá chlub,” a deir Ó Conaire.

“Go deimhin, tá nasc an-láidir ag ceantar Ros Muc, Camus agus An Sraith Salach le Bostún. Is beag an rogha a bhí ag líon mór fear agus ban óg ón gceantar ach an bád bán a thógáil; is i mBostún a shocraigh go leor acu síos.

“Ar ndóigh smaoiníonn muid uilig ar John Phateen Tom (Seán Mannion) agus an mhéara Bhostúin; Marty Walsh, is as Ros Cíde a mháthair (Mary Joe Pheadair ) agus ba as Caladh Mhaínse i gceantar Charna dá athair (John Mháirtín Tom), beannacht Dé lena anam.”

Ba rud mór don cheantar é nuair a tháinig bunaitheoirí na bPiarsach le chéile i seanscoil Chamuis le linn dheireadh seachtaine na Cásca 1959, mar a mhíníonn Áine Ní Mhainín, rúnaí an fhochoiste.

“Ag an am sin ní raibh aon fhoireann oifigiúil i gceantar Ros Muc, Camus, An Sraith Salach, Carna, An Cheathrú Rua ná i Leitir Móir. Roghnaíodh coiste an oíche sin agus rinne siad dhá chinneadh thábhachtacha – ainm an chlub agus dathanna an chlub a roghnú.

“Phiocadar Na Piarsaigh mar ainm an chlub, ainmnithe in ómós do Phádraig Mac Piarais a raibh teach aige ar bhruach Loch Oiriúlach ar an nGort Mór i Ros Muc. Shocraigh siad gur marún agus glas a bheadh mar dhathanna ag an gclub, marún in ómós do Ghaillimh agus glas in ómós d’Éirinn.”

“Ó shin i leith tá níos mó foirne CLG tagtha ar an bhfód i ndeisceart Chonamara agus sa lá atá inniu ann is ó cheantar Ros Muc, Camus agus An Sraith Salach a thagann imreoirí Na Piarsaigh.”

Tá airgead anois á bhailiú ag an gcoiste chun íoc as an turas agus beidh tráth na gceist ar súil i Joyces Bar ar an Sraith Salach ag 9.30i.n. Dé hAoine, 11 Bealtaine.

 – Chun tuilleadh eolais a fháil ar na himeachtaí, is féidir ríomhphost a sheoladh chuig piarsaigh2019@gmail.com, nó dul i dteagmháil le Cormac Ó Conaire (0879300973) nó le Áine Ní Mhainín (0879752029).

Fág freagra ar 'Gaeil Chonamara le haghaidh a thabhairt ar na Connemara Gaels mar chuid de cheiliúradh 60 bliain na bPiarsach'