Gach seans go mbeidh na cúigí go léir ag ceiliúradh sa mbaile

Tabharfaidh Cúige Laighean faoi Stormers na hAfraice Theas anocht san RDS ach seans gur i Luimneach tráthnóna amárach a bheidh an cluiche is déine an deireadh seachtaine seo

Gach seans go mbeidh na cúigí go léir ag ceiliúradh sa mbaile

Cúige Laighean. Pictiúr: INPHO/Tom Maher

Anois ó tá an Chaithréim Mhór, an Choróin Thriarach agus Craobh na Sé Náisiún slán ar mhatal an IRFU tá aird lucht rugbaí an limistéir seo ar an URC, ar Chorn na gCuradh agus, i gcás Chonnacht, ar Chorn an Dúshláin. Tá seachtain fós ann sula n-imreofar cluichí ceathrú ceannais na gcomórtas Eorpach, rud a thugann deis do bhainisteoirí na gCúigí scíth a thabhairt dá gcuid imreoirí idirnáisiúnta. Fágann sin gur foirne dara rogha den chuid is mó a bheas ag dul chun páirce i mBabhta 16 den URC an deireadh seachtaine seo.

Tabharfaidh Cúige Laighean faoi Stormers na hAfraice Theas anocht san RDS i gcluiche barr tábla idir na foirne atá sa gcéad agus sa dara háit. Mar sin féin, tá dhá pointe dhéag idir na foirne seo, Cúige Laighean, nár chaill oiread agus cluiche amháin féin an séasúr seo agus iad anois ar 71 pointe, agus na Stormers a chaill trí chluiche agus a bhí cothrom i gcluiche amháin as an gcúig iarracht déag go dtí seo.

Ní haon ábhar iontais é dá bhrí sin gurb iad foireann an bhaile rogha na coitiantachta don choimhlint seo.

Mar sin féin, is fiú a mheabhrú go raibh Cúige Laighean sa mbád céanna an t-am seo anuraidh, gan aon chluiche URC caillte acu go dtí deireadh an chomórtais, nuair a bhain Bulls na hAfraice Theas stangadh astu san RDS. Ní dóigh go ndéanfaidh Leo Cullen an dearmad céanna arís, cé go gcaithfidh sé a bhith an-chúramach ar fad agus foireann láidir á cur chun páirce ag na Stormers.

Cuirfidh Cúige Chonnacht fáilte amárach go dtí an Bóthar Beag roimh Dhún Éideann, foireann atá ceithre áit agus seacht bpointe níos ísle ná foireann na Gaillimhe ar thábla an URC. Tá deis iontach ag na Connachtaigh cur lena stór pointí agus dul níos airde ná an t-ochtú háit, mar a bhfuil siad faoi láthair. Níl Treviso ach pointe amháin taobh thiar de Chúige Chonnacht agus caithfidh foireann an iarthair chuile leas a bhaint as an mbuntáiste baile.

Beidh cluiche spéisiúil amárach ag 5pm i Luimneach idir Mumhain, foireann atá sa gcúigiú háit le 47 pointe agus Glaschú atá sa gceathrú háit le 49 pointe. Beidh Cúige Mumhan ar a míle dícheall ar thóir ardú chuig an gceathrú háit le cluiche ceathrú ceannais baile a aimsiú. Seans maith gurb é an cluiche seo an ceann is déine a bheas ann an deireadh seachtaine seo.

Níos deireanaí amárach beidh cluiche spéisiúil eile ar siúl i mBéal Feirste, idir foireann an bhaile atá sa tríú háit agus Bulls na hAfraice Theas atá sa séú háit. Is cinnte go mbeidh cluiche ceathrú ceannais baile ag na hUltaigh agus is deacair tada eile seachas bua baile a thuar. Is fiú a rá mar chineál fainic, gurb iad na Bulls a stop rás Chúige Laighean (27-26) san RDS anuraidh. Ach ba chluiche leathcheannais a bhí á imirt an lá sin agus ní cluiche réamhbhabhta.

Fág freagra ar 'Gach seans go mbeidh na cúigí go léir ag ceiliúradh sa mbaile'