Tá Gabriel Rosenstock, duine de mhórfhilí na Gaeilge ar shlí na fírinne. Bhí sé 76 bliain d’aois.
Bhí ailse air le tamall agus labhair sé go macánta, smaointeach agus le greann faoin ngalar agus faoin mbás in agallamh a rinne sé leis an Sunday Independent ag deireadh na míosa seo caite.
Choiméad sé dialann faoin tinneas agus beidh sleachta ón dialann sin le cloisteáil tráthnóna i gclár nua faisnéise a rinne sé lena mhac Tristan. (Tá Gabriel Rosenstock – An fear nár saolaíodh riamh ar siúl ag 5.05pm tráthnóna inniu, Luan Cásca ar RTÉ Raidió na Gaeltachta).
Scríbhneoir agus aistritheoir bisiúil ildánach ab ea Gabriel Rosenstock, a rugadh i gCill Fhíonáin i gcontae Luimnigh 1949. Bhí sé lárnach sa ghrúpa ceannródaíoch filí Innti le linn dó a bheith ina mhac léinn i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.
D’éirigh leis féin agus filí óga eile Innti, amhail Nuala Ní Dhomhnaill, Liam Ó Muirthile agus Michael Davitt talamh úr a bhriseadh i bhfilíocht na Gaeilge.
Ba é an chéad duine de ghlúin INNTI a chuir leabhar amach, Suzanne sa seomra folctha, a foilsíodh i 1973.
I 1994 foilsíodh Rogha Rosenstock, ina raibh dánta as 10 gcnuasach leis.
Sa réamhrá a chuir an scoláire Robert Welch leis an mbailiúchán Rogha Dánta/Selected Poems dúirt sé gur “filíocht dhomhanda” a bhí i saothar Rosenstock a chuir béim ar théamaí uilíocha agus a bhí ar dhuine de “de na filí is tuisceanaí dár linn”.

Bhí an-cháil air as éagsúlacht agus fairsinge na bhfoinsí ar tharraing sé orthu sna seánraí go léir a chleacht sé agus bhí suim go háirithe aige i bhfealsúnacht, litríocht agus creideamh an oirthir.
I ráiteas a chuir a mhuintir amach, dúradh gur “file idirnáisiúnta” ab ea é a chuir cuid de mhórscríbhneoirí an domhan faoi bhráid léitheoirí na Gaeilge. Dúradh gur chreid sé i gcumas na filíochta droichid a thógáil idir cultúir éagsúla.
Leis an áisineacht aistriúcháin An Gúm a chaith sé an chuid is mó dá shaol oibre agus bhí sé ar dhuine de na haistritheoirí Gaeilge ba chumasaí lena linn.
Ar na húdair ar aistrigh sé saothar leo bhí Seamus Heaney, Georg Trakl, Günter Grass, Peter Huchel, K. Satchidanandan, Rabindranath Tagore, Hilde Domin agus Samuel Beckett.
D’aistrigh sé saothar le go leor amhránaithe don bhféile litríochta Imram, ina measc Leonard Cohen, Bob Dylan agus Joni Mitchell. Rinne sé forbairt mhór sa Ghaeilge ar fhoirmeacha amhail an haiku agus an tanka agus d’oibrigh sé in éineacht le grianghrafadóirí ar nós Ron Rosenstock, Jason Symes agus Debiprasad Mukherjee ar fhorbairt an tseánra nua, an fóta-haiku.
Scríbhneoir iltréitheach ab ea é agus chomh maith lena chnuasaigh filíochta, scríobh sé prós, aistí, drámaí agus scripteanna teilifíse. Ar na seánraí eile a shaothraigh sé bhí an leabhar taistil (Ólann mo Mhiúil as an nGainséis) an cín lae (Dialann Anama).
Is iomaí leabhar iontach a chuir sé amach do pháistí chomh maith, ina measc Haiku Más É Do Thoil É!.
D’aistrigh sé go Gaeilge chomh maith cuid de shraitheanna iomráiteacha Tintin agus Asterix agus chuir sé Gaeilge ar The Gruffalo.
Bhí sé ina Chathaoirleach ar Éigse Éireann, ina bhall d’Aosdána agus ina Shealbhóir Ginealaigh le Celtic Buddhism.
Dúirt stiúrthóir Éigse Éireann, a sheanchara Theo Dorgan, gur duine “spioradálta” a bhí “lán de bheocht” ab ea Rosenstock. Dúirt Dorgan go raibh sé sochair agus ciúin ina chroí istigh, mar fhile agus mar dhuine, go háirithe de réir mar a chuaigh sé in aois.
Agus é faoi agallamh ag RTÉ, dúirt Dorgan gur mó de léiriú ar thóraíocht dhomhain spioradálta ná d’ealaíon an fhilíocht ag Gabriel Rosenstock.
Dúirt Theo Dorgan go raibh sé ag súil go gcuirfeadh filí óga go háirithe eolas ar shaothar Rosenstock mar gur oscailt súl a bheadh ann dóibh a spreagfadh iad féachaint “níos faide i gcéin”.
Fág freagra ar 'Gabriel Rosenstock, duine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge agus file ‘idirnáisiúnta’, ar shlí na fírinne'