GAA Eile – sraith thathagach thábhachtach thaitneamhach ó RTÉ

Is fiúntach an obair chomhghuaillíochta idir Dara Ó Cinnéide agus Pat Comer i sraith nua ina ndéantar cíoradh ar luachanna CLG

GAA Eile – sraith thathagach thábhachtach thaitneamhach ó RTÉ

I dtosach an chéad chláir de GAA Eile (RTÉ, Dé Luain) fógraíonn an láithreoir Dara Ó Cinnéide gur eagraíocht “spridiúil, sainiúil agus ársa” é  CLG. ‘Séard a chuireann an Cinnéideach, an stiúrthóir Pat Comer, agus meitheal na sraithe seo rompu ná iniúchadh a dhéanamh ar an tionchar atá ag an “sodar chun barr feabhais” ar luachanna amaitéaracha agus pobail na heagraíochta.

’Sí an chomhghuaillíocht fhiúntach chéanna idir Comer agus Ó Cinnéide a thug GAA Nua dúinn dhá bhliain ó shin, sraith a thug éachtaint shuimiúil dúinn ar éifeacht na teicneolaíochta agus na heolaíochta ar CLG. Ba léir ón tsraith úd ón gcomhlacht Gaeltachta Fíbín go raibh imreoirí, imreoirí idirchontae ach go háirithe, luite amach orthu féin ag tóraíocht an bhua ar ais nó ar éigean.

Tógtar ar an téama sin sa tsraith seo. Tá craobhchomórtais na bliana 2018 mar chúlra na sraithe, bliain inar tháinig athruithe móra i bhfeidhm i struchtúr na gcomórtas.

I rith na sraithe díreofar ar an bpeil, an iománaíocht, camógaíocht/peil na mban agus ar an gclub. Agus an pheil idir chamáin sa chéad ghála b’iontach an léargas a tugadh ar éirí amach Cheatharlach, ach ní fhéadfaí na ceisteanna cigilteacha faoi Bhaile Átha Cliath a sheachaint. Is minic go dtugtar faoi na ceisteanna seo ar bhealach tútach agus teoranta. Déantar iarracht sa chlár stuifiúil seo tuiscint níos iomláine a thabhairt don lucht féachana. Déanann an Cinnéideach an cíoradh sin go deisbhéalach, cumasach agus meabhraítear dúinn arís eile, má bhí gá lena leithéid, gur cailliúint mhór é do TG4.

Dar liom féin go bhfuil dhá chomhrá ar siúl ag an am céanna nuair a bhíonn forlámhas Bhaile Átha Cliath idir chamáin.  Ar lámh amháin tá ceist na rannpháirtíochta i gCLG ann, agus teastaíonn ó gach duine gur áin leo an eagraíocht go mbeadh an oiread sin leanaí agus is féidir ag imirt peile agus iománaíochta i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre. Mar sin má tá CLG le hairgead a infheistiú anseo luíonn sé le réasún go mbeadh i bhfad Éireann níos mó airgid á chaitheamh i mBaile Átha Cliath ná mar a bheadh i Liatroim. Ceist eile ar fad é má tá i bhfad Éireann níos mó á chaitheamh in aghaidh an duine/imreora i mBaile Átha Cliath ná mar atá i gcontaetha eile.

Ar an lámh eile tá an córas idirchontae bunaithe ar thobar na n-imreoirí sa chontae sin agus fágann sin, gan locht a chur ar éinne, go bhfuil buntáiste millteach ag BÁC.

Deir cainteoir amháin sa chlár go bhfuil daonra Bhaile Átha Cliath níos mó ná an chéad 40 cathair agus baile mór eile in Éirinn curtha le chéile. Tugann an Cinnéideach cuairt ar Chill Mhochuda na Crócaigh i ndeisceart na cathrach mar a bhfuil 5,500 ball, 2,400 imreoir, 1,800 imreoir faoi bhun ocht mbliana déag agus 1,000 cóitseálaí deonach.

Ní haon iontas mar sin go mbeadh an tobar ag cur thar maoil. Fágann seo go bhfuil bunús míchothrom faoin gcraobhchomórtas peile. Tá na contaetha beaga, amhail Ceatharlach, ag snámh in aghaidh easa an airgid is na déimeagrafaice. Leis an alltacht a chur ar cheann na héagóra déantar ceist na hurraíochta agus úsáid Pháirc an Chrócaigh a tharraingt isteach sa chúram chomh maith.

Ina fhianaise sin nár chóir an ardchathair a roinnt i gceithre chuid (bunaithe ar theorainneacha na n-údarás áitiúil) má táthar le cothromaíocht éigin a bhaint amach ó thaobh na dtoibreacha? N’fheadar an bhfuil an goile ag éinne chuige sin.

Labhair meitheal oilte cloigne cainte leis an gCinnéideach i rith an chláir agus i nGaeilge a labhair cuid shuntasach díobh – ina measc Eamonn Fitzmaurice, Coman Coggins, Marcus Ó Buachalla, Alan Milton, Paul Rouse agus Ciarán Kilkenny a rinne paiste cainte ar pháirc na himeartha díreach tar éis chluiche ceannais na bliana seo caite.

Sraith thathagach thábhachtach thaitneamhach in uair seo na cinniúna don CLG.

Fág freagra ar 'GAA Eile – sraith thathagach thábhachtach thaitneamhach ó RTÉ'