‘Todhchaí na Gaeilge sa chóras oideachais i mbaol de bharr easpa múinteoirí cáilithe’ – Ní Mhóráin

Deir COGG agus lucht an ghaeloideachais gur measa go mór an fhadhb maidir le heaspa múnteoirí cáilithe in iarbhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge

‘Todhchaí na Gaeilge sa chóras oideachais i mbaol de bharr easpa múinteoirí cáilithe’ – Ní Mhóráin

Beidh “baol ann do thodhchaí an oideachais lán-Ghaeilge” agus do theagasc na Gaeilge i “scoileanna uile” na tíre “mura gcinntítear soláthar múinteoirí lán-cháilithe le hardchaighdeán sa teanga”.

B’in a bhí le rá ag Príomhfheidhmeannach COGG, Muireann Ní Mhóráin aréir faoin dochar a d’fhéadfadh an ghéarchéim maidir le soláthar múinteoirí a dhéanamh don ghaeloideachas agus do theagasc na Gaeilge.

Dúirt Muireann Ní Mhóráin gur gá scéim nua a bhunú le daoine a mhealladh chun dul leis an múinteoireacht in iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus in iarbhunscoileanna Gaeltachta.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie aréir, dúirt Ní Mhóráin gur chúis “imní” do COGG an fhianaise is déanaí faoin ngéarchéim múinteoirí Gaeilge. Dúirt sí gur maith an rud go bhfuil níos mó áiteanna ar fáil anois ar mháistreahct oideachais Gaeilge Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ach nár leor sin agus gur ghá scéim úrnua a bhunú “mar nach bhfuil céimithe ag roghnú gairm na múinteoireachta”.

Deir COGG agus lucht an ghaeloideachais gur measa go mór an fhadhb maidir le heaspa múinteoirí cáilithe in iarbhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.

Dúirt Ardfheidhmeannach na heagraíochta Gaeloideachas Bláthnaid Ní Ghréacháin le Nuacht TG4 aréir “gur seacht n-uaire níos measa” atá an easpa múinteoirí ionaid i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ná i scoileanna eile na tíre.

Tá an ghéarchéim maidir le soláthar múinteoirí Gaeilge ag dul in olcas agus iarbhunscoil amháin ag admháil nach bhfuil cáilithe chun Gaeilge a mhúineadh ach duine amháin as an gceathrar múinteoirí Gaeilge atá acu.

De réir figiúirí nua tá titim 60% ar líon na ndaoine atá ag clárú le cúrsaí oiliúna múinteoireachta le cúig bliana anuas.

Tá an Ghaeilge i measc na n-ábhar is measa atá buailte ag an ngéarchéim soláthar múinteoirí agus deacrachtaí ag scoileanna ar fud na tíre múinteoirí cáilithe Gaeilge a fháil chun folúntais a líonadh.

De réir figiúirí nua a foilsíodh an tseachtain seo bíonn deacrachtaí ag 90% den 2,800 scoil a thagann faoi scáth Bhainisteoirí na mBunscoileanna Caitliceacha múinteoirí cáilithe agus múinteoirí ionaid cáilithe a fháil.

De réir tuarascáil de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna Éireann i scoil amháin atá faoina chúram, níl cáilithe chun Gaeilge a mhúineadh ach duine amháin as an gceathrar múinteoirí Gaeilge sa scoil.

Thug Cumann na Scoileanna Pobail agus Cuimsitheacha le fios chomh maith gur léirigh suirbhé dá gcuid féin go raibh daoine fostaithe sna scoileanna a thagann faoina gcúram nach raibh cáilithe sna hábhair a bhí á múineadh acu, an Ghaeilge ina measc.

Fág freagra ar '‘Todhchaí na Gaeilge sa chóras oideachais i mbaol de bharr easpa múinteoirí cáilithe’ – Ní Mhóráin'

  • Roddy

    Tá múinteoirí óga dara leibhéal i gcruachás. Páigh níos ísle agus uaireanta páirt aimseartha a bhíonn ag múinteoirí óga go hiondúil anois ach is postanna lánaimseartha buan atá ag a gcomhleacaithe atá os cionn 30-35 bhliain d’aois. Cé a roghnódh an mhúinteoireacht nuair Nach mbeadh tú in an cíos a íoc?
    Ábhar uafásach deacair a mhúineadh í an Ghaeilge agus is ag dul in olcas a bheidh toisc an béalscrúdú a bheith roghnach.

  • Seán Ó hAodha

    Tá se go h-íóntach go bhfuil an mháistreacht oideachais in Ollscoil na Gaillimhe in ann meánmhúinteoirí na nábhar acadúl a oiliúint chun do bheith ag teagasc tré mheán na Gaeilge. Ach, cad mar gheall ar na hábhair phraticiúla? i.e. Ealaín, Tíos, Corpoideachas, Líníocht Ghrafach Theiciniúil, Foirgneolaíocht, Adhmadóireacht, Miotalóireacht.
    Bíonn deacrachtaí ollmhóra múinteoirí phraticiúla a aimsiú atá in ann teagasc tré mheán na Gaeilge ag an dara leibhéal. Ní mór don Roinn Oideachas cúrsaí lánaimseartha a chur ar fáil le múinteoirí praticiúla a oiliúint chun teagasc tré mheán na Gaeilge.

  • Tammy Ní Laoire

    Is múinteoir meánscoile mé féin, le deich mbliana anuas, ag múineadh i meánscoil lán-Bhéarla. Siad An Ghaeilge agus An Fhraincis na hábhair atáim cáilithe iontu le múineadh, agus múinim SPHE/OSPS chomh maith. Ba bhreá liomsa a bheith ag múineadh i nGaelcholáiste nó i meánscoil Ghaeltachta. Táim i mo chónaí sa Ghaeltacht mar atá sé. Murach gur thóg sé chomh fada orm (7 mbliana ar deireadh) conradh buan lán uaireanta a bhaint amach, bheadh fíor leisce orm an conradh sin a chaitheamh san aer gan aon gheallúintí go bhfaigheann a mhacasamhail arís. D’imir an cúlú eacnamaíochta fíor dhroch thionchar orm ar mhórán bealaí. Is trua nach féidir dóthain mhúinteoirí a earcú dos na scoileanna seo. Ba chóir go mbeadh coinníollacha níos fearr ann le tairiscint chun iad a mhealladh… Liúntas breise, téarmaí conartha níos fearr…