Tá sé thar am tús a chur le díospóireacht ‘ionraic’ agus ‘oscailte’ faoi ghéarchéim teanga na Gaeltachta agus deireadh a chur leis an gcur i gcéill nach bhfuil a leithéid de ghéarchéim ann, a dúradh i dTeach Laighean.
Ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeltachta a bhí ar siúl arís an tseachtain seo, luadh arís agus arís eile an ghéarchéim sa Ghaeltacht agus drogall na n-údarás aghaidh a thabhairt uirthi.
Agus tús á chur ag an gcoiste o lena scrúdú ar Bhille Toghcháin Údarás na Gaeltachta, dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly go raibh súil aici go gcuirfeadh an plé faoin reachtaíocht tús le díospóireacht ionraic faoi chás na teanga.
“Ceapaim gur croí na ceiste é i ndáiríre. Ní féidir leanacht ar aghaidh le díospóireacht gan an folús a lua – an creimeadh leanúnach ar na Gaeltachtaí,” arsa Catherine Connolly.
Dúirt an Teachta Dála go mbíonn sí “dóchasach agus éadóchasach” faoi chás na Gaeltachta ach go gcaithfí a aithint go bhfuil géarchéim ann sula dtabharfaí faoi leigheas na géarchéime sin a phlé.
“B’fhéidir an tuar dóchais gurb é seo tús le díospóireacht oscailte mhacánta. B’fhéidir. Agus bheinn sásta leis sin don lá inniu, más tús díospóireachta mar sin é. Mar aontaím go bhfuil cur i gcéill i i gceist.”
Ag an gcruinniú céanna, mhaígh an sochtheangeolaí aitheanta, Conchúr Ó Giollagáin, go rabhthas ag seachaint na fianaise faoi éigeandáil na Gaeltachta le breis is fiche bliain anuas.
“An bhféadfadh polasaí stuama macánta Gaeilge agus Gaeltachta a bheith ag an státchóras mura mbeidh an státchóras céanna sásta an éigeandáil atá ann a admháil go soiléir?
“Tosaíonn gach rud leis sin: rud nach raibh siad in ann a dhéanamh ó aimsir Choimisiún na Gaeltachta a dó, sin 2002. Fiche bliain anois de sheachaint na faidhbe atá againn.”
Mhol an sochtheangeolaí go mbunófaí coiste iniúchta stáit le “teacht ar thuiscint shoiléir” faoin “drogall” a bhí ar an státchóras dul i ngleic leis an bhfianaise faoi mheath na Gaeltachta.
“Mar shampla, an iad oifigigh shinsearacha Stáit a thograigh as a stuaim fhéin neamhaird a thabhairt ar fhianaise eolaíochtúil agus moltaí na dtograí taighde Gaeltachta nó ar thug daoine seachtracha comhairle dóibh a leithéid a dhéanamh?
“In éagmais an eolais seo, is é an tátal lom a bhainfidh an pobal as go bhfuil lámh cheilte ar an stiúir – gné eile de chultúr mífholláin an Státchórais a bhfuil cúram na Gaeilge orthu, is baolach.”
Ghlac an gníomhaí teanga Donncha Ó hÉallaithe leis chomh maith go raibh géarchéim i gceist. A fhianaise sin ná na figiúirí daonáirimh, dar leis. Bhí 1,000 cainteoir laethúil Gaeilge níos lú i nDún na nGall in 2016 ná mar a bhí in 2011, a dúirt sé.
Dúirt Ó hÉallaithe go bhféadfaí géilleadh don “éadóchas” maidir le “creimeadh” na Gaeltachta ach gur dóigh leis féin “nach bhfuil an rogha sin againn”.
Ba mhar a chéile cás na Gaeltachta agus an t-athrú aeráide sa mhéid sin, a dúirt sé.
Dúirt an gníomhaí teanga agus pobail go gcaithfí féachaint go “fuarchúiseach” ar an straitéis atá faoi láthair ann agus í a fheabhsú. Bhí muintir na Gaeltachta ag brath ar Údarás na Gaeltachta “thar aon dream eile” mar gurb iad an dream is “tábhachtaí” fad is a bhain sé “leis an nGaeltacht a choinneáil beo”.
Léirigh Daonáireamh 2016 gur thit líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht ó 23,175 go 20,586, laghdú 11%.
Ó shin i leith tá diúltaithe ag gach aire Gaeltachta agus aire stáit Gaeltachta a bhí ann géilleadh go raibh géarchéim teanga sa Ghaeltacht.
Dúirt an staraí mór le rá Gearóid Ó Tuathaigh ag cruinniú na seachtaine seo i dTeach Laighean gurb é an comhthéacs a bhain leis an bplé faoin Údarás ná “síorchreimeadh na Gaeltachta, mar bhunphobal teanga, thar thréimhse fhada – an próiseas creimthe ag brostú go síoraí seasta le breis is leathchéad bliain anuas”.
Dúirt Ó Tuathaigh gur gá scrúdú a dhéanamh ar chumhachtaí agus cúraim Údarás na Gaeltachta féachaint ar leor iad chun dul i ngleic “le géarchéim phráinneach na Gaeltachta”.
Bhí an Bille “faoi scáth” mhórcheisteanna ghéarchéim na Gaeltachta agus theorainneacha na Gaeltachta, a dúirt sé.
Mícheál Ó Flaithearta
Ó tharla go bhfuil ag cinneadh ar an státchóras srian a chur ar mheath na Gaeltachta, b’fhéidir go bhfuil in am deireadh a chur le hÚdarás na Gaeltachta agus leis an nGaeltacht. Bheadh an cinneadh sin ‘ionraic’.