Troid na mBó Maol
Tá breis is chúig fichead muirmhíle idir Calafort an Daingin agus Dug na Gaillimhe ach is le cabhair na farraige a chuir pobal Chorca Dhuibhne agus muintir Chonamara aithne mhaith ar a chéile.
Téann traidisiún na mbád sna dúthaí seo siar na mílte bliain.
Sheol húicéirí ó ché Chill Rónáin in Árainn go Cuan Ard na Caithne i gCiarraí i mí an Mheithimh 1987.
Is minic do mhuintir Chualáin ó Inis Mhic Cionnaith nó na Bairéid ó Leitir Mealláin an ceann is fearr a fháil ar lucht rámhaíochta Chorca Dhuibhne ag an regatta.
Bhí dámh riamh idir iascairí Uíbh Ráthaigh, Chorca Dhuibhne, Chonamara agus Árann. Is mó iascaire as Árainn a d’ól piúint sa Star Inn sa Daingean agus a fuair an fry don tae tráthnóna ó Martina Flannery.
Bhí aithne mhaith ag leithéidí Brendan Flaherty ó Chúilín sa Daingean ar iascairí na Gaillí, Pat Cheoinín, a rugadh i bhFinis, Carna i 1915 ach a chaith blianta ag iascach as Calafort na Gaillimhe.
Johnny Báille, máistir bád mhóir, as an Doirín Glas ach a chónaigh ní rófhada ón gCladach sa Ghaillimh. Ba mhinic Brendan Flaherty i tTigh Phaugine sa Daingean ag aithris ainmneacha a gcuid bád: Ros na Rí, Star of Faith, Naomh Cáilín, an Capall. Bhí cleachtadh ag cleas Ros a’Mhíl agus na Gaillí ar bháid iascaigh an Daingin: Maid of Nazareth, Star Immaculate agus an Roving Swan.
Níos faide ó bhaile d’oibrigh muintir Chiaraí agus na Gaillí i dteannta a chéile ar an Holloway Road agus i gCamberwell i Londain. D’éirigh cairdeas etarthu san Archway Tavern, sa Swan nó sa Crown i gCricklewood.
Bhíodar siúd ón dá chontae a thug ceol agus amhráin na hÉireann go Meiriceá siar: Maidhc Dainín Ó Sé, Carrachán, Terry ‘Cuz’ Teahan ó Chordal, in aice le hOileán Ciarraí, Joe Cooley ó Thobar Pheadair na Gaillí, Joe Burke ó Chillín a Díoma, Baile Locha Riach.
Liosta le háireamh an léann, an fhoghlaim agus an seanchas a thug Corca Dhuibhne d’Ollscoil na Gaillimhe: an tOll. Seán Ó Cinnéide, an tOll. Mícheál Ó Cinnéide, an tOll. Pádraig Ó Héalaí.
Ar eagla an iomad ragairne agus ceiliúrtha ag muintir Chiarraí, cuireadh gardaí ó Chonamara ó dheas: Seosamh Ó Curraoin, ó Mhaíros, Carna, Albert Mac an Rí a bhí i dTrá Lí, ó Dhumhaigh Ithir in Iorras Aithneach, Seosamh Seoige ó Mhuintir Eoghain, láimh leis an Líonáin atá fós go láidir i nDaingean Uí Chúise!
Chuaigh gardaí ó Chiarraí go Gaillimh chomh maith céanna….chun súil a choimeád ar cheadúnais ghadhar agus nithe neafaiseacha eile, gan dabht, tá fhios ag an saol fodhlach go dtéann muintir Chonamara a chodladh go luath: Mícheál Ó Conchúir na Mine Airde, Pat O’Connor, ó Dhoire Uí Ghormáin, a bhí i stáisiún na nGardaí in Indreabhán, Muiris Ó Súilleabháin ón mBlascaod a báthadh i mBóthar na Trá in 1950.
Beidh laochra na Gaillimhe ag súil leis an 10ú Craobh Uile-Éireann ar an nDomhnach, fearaibh na Ríochta sa tóir ar an 38ú corn!
Pé foireann a bhuafaidh, beidh amhrán tráthnóna ag Róisín Seoighe i Ros a’Mhíl agus Pádraig Jack ‘Ag déanamh Gainní’ in Árainn, beidh véarsa ag Eilís, Pauline agus Muireann i gCorca Dhuibhne, casfar stave sna flaithis: Nell Ní Chatháin, Cloichear, Caitlín Maude, Ros Muc, Joe Éinniú, Seán de hÓra agus Colm Ó Caodháin.
Go raibh an lá ag an bhfoireann is fearr ach is troid na mbó maol a bheidh idir an dá dhream seo agus beidh ceol, craic, cumann, cairdeas agus cuileachtan pé áit go mbuailid le chéile!
Ciarraí abú!
- Craoladh an mhír seo ar ‘An Saol Ó Dheas’ ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo
Fág freagra ar 'FUAIM: Le cabhair na farraige a chuir pobal Chorca Dhuibhne agus muintir Chonamara aithne ar a chéile…'