Chuaigh caint a thug mac léinn óg de chuid Choláiste Feirste faoi chás na teanga ó thuaidh go mór i bhfeidhm ar an lucht éisteachta ag Ard-Fheis Shinn Féin i mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine.
Ag labhairt di ag an Ard-Fheis, dúirt Katy Rose Mead, ar ball óg den ghrúpa feachtais An Dream Dearg í, go raibh a “rogha oideachais agus a rogha theanga faoi ionsaí go leanúnach” ag státchóras Thuaisceart Éireann.
“Inné, chríochnaigh mé m’aistear fríd chóras réabhlóideach, saibhir oideachais; aistear a thosaigh in 2005 i nGaelscoil na Móna agus a chríochnaigh inné nuair a rinne mé m’Ard-Leibhéal deireanach ar Choláiste Feirste.
“Le linn an aistir sin, bhí mo rogha oideachais agus mo rogha theanga faoi ionsaí go leanúnach ag státchóras dolúbtha, docht agus ag idé-eolaíocht pholaitiúil naimhdeach, sheicteach,” a dúirt sí.
Dúirt Mead go raibh sí sé bliana d’aois nuair a gealladh Acht Gaeilge ag Cill Rímhinn agus gur tuigeadh di ina dhiaidh sin “gur chomhaontú stairiúil a bhí ann” agus gur chreid sí go mbeadh “grúpaí ar séanadh cearta orthu le fada fada an lá ag stát smachtúil á dtarraingt isteach ón imeall”.
Cé “nár fíoraíodh an fhís” sin go fóill, dúirt Mead gur ndearna leithéidí ghluaiseacht an Ghaeloideachais “éachtaí” maidir le “pobal buan seasmhach Gaelach” a thógáil ó thuaidh.
Dúirt sí áfach nach bhfuil “aon chearta ag Gaeil óga na sé chontae” i gcomparáid le Gaeil ó dheas nó cainteoirí Breatnaise sa Bhreatain Bheag.
“Níl teacht againn ar na bunseirbhísí ón stát inár rogha teanga féin agus nuair a imíonn muid ón scoil is fíor-annamh a fheicfidh muid aon chomhartha Gaeilge agus aon aitheantas oifigiúil gurb ann dár dteanga dhúchais, ársa, álainn,” a dúirt sí.
Dúirt Mead go ngoilleann “an éagóir sin’ ar dhaoine óga ó thuaidh “gach uile lá” agus gur “ón fhearg sin a d’eascair an t-éileamh ollmhór don Acht Gaeilge”.
“An rud atá uainn, ní den chéad uair, go mbeadh cearta an mhionlaigh Ghaeilge á gcosaint ag an stát, ní á scrios. Is daoine iad cainteoirí Gaeilge atá i dteideal dínite agus measa.”
Dúirt Mead go gcaithfear a chinntiú go mbíonn “acht láidir Gaeilge” mar chuid de cibé socrú a dhéanfaí chun an feidhmeannas a chur ar bun arís.
“Cibé réiteach atá le socrú, ní mór go mbeadh Acht láidir Gaeilge mar chuid dó; Acht a dhéanann freastal orm féin agus mo chairde trí bhunseirbhísí a chur ar fáil, Acht a aithníonn gurb ann dúinn sa dlí, Acht a thógann an Ghaeilge ón chúlra agus a chuireann i lár an aonaigh oifigiúil í,” ar sí.
Dúirt Mead nach bhféadfaí neamhaird a dhéanamh a thuilleadh de phobal na Gaeilge ó thuaidh:
“For our community, being invisible is no longer an option.”
Dúirt sí go bhfuil “cosaint dhleathach agus stádas cuí” de dhíth le cinntiú nach gcaitear le cainteoirí Gaeilge ó thuaidh “mar shaoránaigh den dara grád”.
“Is é an ceart bunúsach ag pobal na Gaeilge go bpléifí linn le meas, cothromas agus dínit inár dtír féin,” a dúirt Mead.
eoghan o néill
Táid ann a deireann nacha fiú muid
gurb fhearr í chaitheamh i leataobh
Go sotallach ar chaiplí árda
ba chosúil gur leo an chraobh,
Ach fan, táid ann nár ghéill ariamh,
an dúchas beoga ina gcroí’
seana-scéalta ár sinsir ag na páistí
spórt is scléip amuigh ag spraoí.
Mánus
Níl cearta teanga sna 26 condae ar chomchéim beag ná mór le cearta teanga sa Bheilg. Ba chóir don Dream Dearg an Bheilg a úsáid mar eiseamlár seachas an seasamh teoiriciúil atá ag an Ghaeilge sna 26 condae a mholadh. Tuugeann aondachtóirí gur teanga shiombalach stáit atá sa Ghaeilge ó dheas seachas teanga laethúil. Tír trítheangach is ea an Bheilg agus tá cearta teanga dáiríre curtha ar fáil, fiú don mhionlach beag a labhrann an Ghearmáinis. Ba chóir don Dream Dearg ceisteanna a chur ar lucht labhartha na Pléimeannaise go bhfuil cónaí urthu i gcathair Fraincise an Bhruiséil faoin dhátheangachais fheidhmiúil..