Beirt de na bainisteoirí is seiftiúla dá bhfuil ann le haghaidh a thabhairt ar a chéile i gCill Airne

[infobox]

Beirt de na bainisteoirí is seiftiúla dá bhfuil ann le haghaidh a thabhairt ar a chéile i gCill Airne
Dé Sathairn, 8 Feabhra

Ciarraí v Dún na nGall – Cill Airne, 2.30in

Déanfaidh Jim McGuinness agus a bhuíon Conallach a mbealach go dtí Ciarraí faoi dheireadh inniu agus iad chun aghaidh a thabhairt ar fhir na Ríochta.

Cuireadh an cluiche seo siar coicís ó shin nuair a d’fhág Stoirm Éowyn nach raibh foireann Dhún na nGall in ann a bealach a dhéanamh síos go Ciarraí ach ba léir gur bhain an dá fhoireann leas as an moill sin le ruainne traenála breise a dhéanamh agus bhí an bua ag an dá dhream ina gcéad chluichí sa tsraith náisiúnta an tseachtain seo caite.

Bua ceithre phointe a bhí ag Dún na nGall ar Áth Cliath thuas i mBealach Féich agus sciob na Ciarraígh na pointí leo ó Dhoire agus lámh láidir ag muintir Geaney an Daingin sa mbua. Scóráil Conor Geaney dhá chúl sa gcéad leath, ceann acu cruthaithe ag a dheartháir Dylan, agus tháinig a gcol ceathrair Paul isteach mar ionadaí chun dhá chúl eile a scóráil agus ceann eile a chruthú san am cúitimh nuair a tháinig Ciarraí aniar aduaidh ar a gcéilí comhraic.

B’fhearr i bhfad Doire i dtréimhsí fada den chluiche, áfach, agus goillfidh sé go mór ar Paddy Tally nár éirigh leo an cluiche a bhuachan nuair a bhí siad cúig phointe chun tosaigh agus ceithre nóiméad fágtha. Cinnte, bhí baint ag na rialacha nua leis an teacht aniar ach beidh Jack O’Connor agus muintir na háite a bheidh i Staid an Ghearaltaigh tráthnóna ag súil le taispeántas níos fearr ó thús go deireadh.

Bhí bua níos compordaí ag Dún na nGall ar Áth Cliath an oíche roimhe sin agus ceithre phointe le spáráil acu ar fhir na príomhchathrach. Bhí cóir na gaoithe ag na Conallaigh sa gcéad leath agus iad 0-11 in aghaidh 0-6 chun tosaigh ag an mbriseadh a bhuí don 0-6 a bhí aimsithe ag Daire Ó Baoill Ghaoth Dobhair, dhá scór aon phointe agus dhá scór eile arbh fhiú dhá phointe iad.

D’éirigh le Dún na nGall foireann óg Átha Cliath a choinneáil ó dhoras sa dara leath agus beifear ag súil le coimhlint chrua inniu i gCill Airne. Bhuaigh Dún na nGall an cluiche sraithe is déanaí idir na foirne thiar in 2023 ach bhuaigh Ciarraí go neafaiseach ar na Conallaigh in 2022 agus in 2020 nuair a thaistil siad ó dheas.

Fágann an dáta nua don chluiche seo go mbeidh an foirne ag imirt cúig dheireadh seachtaine as a chéile, rud a chuirfidh an dá scuad faoi bhrú agus tá Jim McGuinness cheana féin ag éileamh go dtabharfaí cead ionadaí breise a thabhairt isteach i gcluichí de thoradh tionchar na rialacha nua. D’fhéadfaí roinnt athruithe a fheiceáil ón tseachtain seo caite mar sin ach, agus beirt de na bainisteoirí is seiftiúla dá bhfuil ann ag teacht le chéile, b’fhéidir go bhfeicfidh muid cúpla cleas nua i gCill Airne.

Fág freagra ar 'Beirt de na bainisteoirí is seiftiúla dá bhfuil ann le haghaidh a thabhairt ar a chéile i gCill Airne'