Chuaigh Luimneach chuig Páirc Uí Chaoimh an Satharn seo caite agus don chéad cheathrú bhí cuma na meirge orthu.
Ach i ndiaidh cúl William O’Donoghue mhúscail na fir sna geansaithe glasa agus sa chéad daichead nóiméad eile chuadar ó bheith cúig chúilín chun deiridh go dtí cúig chúilín chun tosaigh. Ach d’fhan na Corcaígh san imirt agus le cabhair chúl Shane Barrett agus roinnt mhaith cúilíní ó phocanna saora Darragh FitzGibbon d’éirigh leo comhscór a fháil. Ina dhiaidh dúirt an bheirt bhainisteoirí go rabhadar sásta leis an toradh agus le taispeántais a bhfoirne agus is dócha go raibh. Bhí faobhar sa chluiche ón tosach agus ní raibh aon orlach á ghéilleadh ag ceachtar foireann.
Cuireadh gualainn Conor Lehane as alt le linn na himeartha agus bhain gortú de bhallnasc croiseach Phádraig Power nach mbeidh ar fáil an chuid eile den séasúr. D’imigh Gearóid Hegarty ó Luimneach den bpáirc go luath sa chéad leath le gortú láimhe. Bhí cuma theasaí ar chúrsaí ar an taobhlíne freisin agus fuair bainisteoir agus dochtúir Luimnigh cártaí buí.
Beidh an chéad chluiche eile eatarthu (mura mbuaileann siad ar a chéile i gcraobhchluiche na sraithe ) ar siúl ar an 18 Bealtaine i bPáirc na nGael i Luimneach. Bí ann gan teip!
Dar ndóigh tá babhta a trí na sraithe ar siúl an deireadh seachtaine seo agus Luimneach sa bhaile i gcoinne Thiobraid Árann tráthnóna amárach. Caithfidh go bhfuil Liam Cahill sásta go leor le dul chun cinn na dTiobraid Árannach. Tá dhá bhua acu anois, iad ar bharr an tábla agus blaiseadh tugtha acu do chuid maith ógánach den leibhéal is airde iomána sa tír. Ach beidh i bhfad níos mó eolais tráthnóna amárach aige faoi caighdeán a chuid imreoirí.
Is iad Luimneach an tslat tomhais fós agus gach foireann a imríonn ina n-aghaidh, bíonn a fhios acu i ndiaidh na coimhlinte cá ‘seasann’ siad sa rangú .Tá a fhios ag Luimneach freisin go mbíonn gach foireann ag dul amach chun iad a leagan, nó ar a laghad, moill a chur leo.
Tá an Ghaillimh sa bhaile anocht agus na comharsana as contae an Chláir ag dul go dtí Staid an Phiarsaigh. Rinne an bainisteoir Micheál Donoghue deich n-athrú ar an bhfoireann i ndiaidh an ghreadadh a fuaireadar ó Thiobraid Árann an chéad deireadh seachtaine. Bhíodar i bhfad níos fearr seachtain ó shin agus iad as baile i gCill Chainnigh agus, dar ndóigh thángadar abhaile leis na pointí luachmhara. Beidh an Clár níos láidre anocht mar beidh an dá phointe ag teastáil uath, ceapaim.
I Páirc Chadwicks Loch Garman um thráthnóna beidh Cill Chainnigh mar fhreasúra ag an bhfoireann baile. Déarfainn go bhfuil Derek Lyng sásta go leor lena chuid imreoirí. Bhí siad iomaíoch sa dá chluiche go dtí seo. Tá Mossy Keoghan ag imirt ar fheabhas agus tá Eoin Cody an-dainséarach mar is gnáth. Oibríonn an fhoireann go dian dícheallach mar a dhéanann gach foireann a chaitheann geansaí cáiliúil na gCat. Ceapaim go mbeidh siad fós san iomaíocht ag tosach mhí Iúil ach bheinn amhrasach faoina seansanna Corn Liam Mhic Cárthaigh a bhuachan. Beidh ionadh orm mura mbuann siad an choimhlint tráthnóna, áfach.
Bhí bua an deireadh seachtaine seo caite ag Ceatharlach agus an fhoireann baile, faoin mbainisteoir Tom Mullally, rómhaith do Phort Láirge. B’in toradh nach raibh ag teastáil ó Peter Queally agus a mheitheal bainistíochta nua. Tá Laois acu i bPáirc an Bhreatnaigh, cluiche atá thar a bheith tábhachtach dóibh. Beidh sé á thaispeáint beo ar sheinnteoir TG4 mar a bheidh an choimhlint idir Uíbh Fhailí agus Aontroim ar TG4 féin.
Fág freagra ar 'Tástáil chrua i ndán d’ógánaigh Thiobraid Árann'