Seo scéal samhailteach faoin nuacht a chloisfear, b’fhéidir, tar éis an chéad olltoghcháin eile:
8 Feabhra 2030: Dúirt an Taoiseach Mary Lou McDonald sa Dáil inniu go seolfar plean éigeandála tithíochta an rialtais nua amárach. Bhí sí ag labhairt tar éis di an plean a phlé arís le ceannairí eile an chomhrialtais, Ivana Bacik agus Holly Cairns, agus leis an ngrúpa Neamhspleách atá ag tacú leis an rialtas nua.’
Tugann olltoghchán deis do gach páirtí a fhágtar ar thaobh an fhreasúra den Dáil ina dhiaidh athmhachnamh a dhéanamh ar a gcur chuige.
Más mian leo, is féidir a bpolasaithe, a riar agus a straitéis a athbhreithniú gan ró-aird a bheith á tabhairt ag an bpobal ar an gcuid is mó dá ngnó.
Ní gá aon athmhachnamh a bhrostú má bhíonn cuma sheasmhach ar an rialtas – mar atá faoi láthair. Beidh an spéis a chuirfidh an pobal agus na meáin i mbearta agus i ráitis an rialtais níos mó de ghnáth ná a spéis i gcúrsaí inmheánacha an fhreasúra.
Tugann tréimhse iarthoghcháin deis mhachnaimh eile do cheannairí agus do phríomhchomhaltaí pháirtithe an fhreasúra, cé nach gcloistear iad ag caint air go minic.
Nuair a fhágann toradh olltoghcháin bearna 26 vóta idir ionadaíocht iomlán phríomhpháirtithe an fhreasúra agus móramh Dála, mar a tharla, ní foláir machnamh ar an gcur chuige is fearr leis an mbearna a dhúnadh amach anseo.
Nuair a fhágann toradh olltoghcháin bearna 48 vóta idir príomhpháirtí an fhreasúra agus móramh Dála, mar a tharla, is treise an riachtanas fiú murar mian le Sinn Féin (39 Teachta Dála) a admháil nach bhfuil rialtas aon-pháirtí ar a gcumas.
Idir an dá linn tá cabhair gan choinne á tabhairt don fhreasúra ag an rialtas. Tá botúin gan chúis á ndéanamh go tuathalach acu ar scála nach bhfacthas le fada i dtréimhse chomh gairid.
Is léir cúig chinneadh ar a laghad a thug faill don fhreasúra iad a cháineadh: ceapadh iomarcach airí stáit; easpa ban sa rialtas; an moladh go mbeadh cead cainte Thadhg an Dá Thaobh ag an ngrúpa réigiúnach sa Dáil; fóirithint mhall nó uireasach ar cheantair ina ndearna Stoirm Éowyn damáiste; neamhthoil a admháil gur chuir an rialtas deireanach vótálaithe amú agus tógáil 40,000 teach faoi dheireadh 2024 á thuar roimh an olltoghchán.
Ní foláir a rá láithreach ar ndóigh gur cuma cé a bhí i mbun rialtais agus an tír á réabadh ag Éowyn, bheadh neamh-ullmhacht chun déileáil leis an díobháil á cur ina leith. Agus is dúshlán do gach páirtí é polasaí tithíochta a mholadh atá inchreidte agus réalaíoch.
Sin ráite, dá mbeadh comhcheilg ar bun ag namhaid inmheánach chun tarcaisne agus míchlú a tharraingt ar an rialtas, ba dheacair an liosta botún sin thuas a shárú.
Chothaigh seift Thadhg an Dá Thaobh aontacht gan choinne idir páirtithe an fhreasúra an mhí seo caite. Sheas Ivana Bacik, ceannaire gníomhach na Sóisialaithe Daonlathacha Cian O’Callaghan agus Richard Boyd Barrett ó Phobal Seachas Brabús (PSB) gualainn ar ghualainn le Mary Lou McDonald agus a míshásamh á chur in iúl aici taobh amuigh de Theach Laighean ar an 22 Eanáir.
Spreag a gcomhsheasamh smaointe láithreach ar an gcomhrialtas a bhunófaí amach anseo dá dtarraingeoidís le chéile. Is ar éigean a bheadh PSB toilteanach a bheith páirteach ann toisc nach bhfuil seans ar bith ann go mbunófar rialtas a bheadh sách sóisialach leis an bpáirtí sin a shásamh.
Ní gá do na páirtithe eile tairiscint chomhrialtais a fhógairt roimh an gcéad olltoghchán eile. Bheadh comhthuiscint ghinearálta riachtanach áfach maidir le polasaithe tábhachtacha chomh maith le moladh faoi aistriú vótaí.
Is trí thimpiste a spreag an rialtas comhsheasamh eatarthu ach ní thógfar comhthuiscint níos láidre eatarthu murar féidir deacrachtaí éagsúla a réiteach. Ina measc:
– An bhearna idir lagpholasaí comhshaoil Shinn Féin ar thaobh amháin agus na Daonlathaithe Sóisialta agus an Lucht Oibre ar an taobh eile. Mar shampla, ba mhaith le Sinn Féin deireadh a chur leis an gcáin charbóin. Teastaíonn ón dá pháirtí eile an cháin a choimeád.
– An bhearna idir na Daonlathaithe Sóisialta agus an Lucht Oibre. Is treise an drochmheas agus an mhímhuinín i measc na nDaonlathaithe Sóisialta, ach lagófar feachtais an dá pháirtí mura dtiocfar ar détente eatarthu.
– An bhearna idir Sinn Féin agus an Lucht Oibre. Bearna a bhí follasach roimh an olltoghchán nuair a mhol Mary Lou McDonald do vótálaithe Shinn Féin vótaí aistriúcháin a thabhairt do na Daonlathaithe Sóisialta gan focal a rá faoin Lucht Oibre. Tá drochmheas ag daoine sinsearacha i bPáirtí an Lucht Oibre ar Shinn Féin mar gheall ar mheon agus ar stair an pháirtí
– Éiginnteacht maidir le (a) toil agus (b) cumas cheannaire Shinn Féin feidhmiú agus labhairt mar cheannaire an fhreasúra agus mar cheannaire a bheadh inchreidte mar Thaoiseach ar chomhrialtas.
– Éiginnteacht maidir le toil pháirtithe uile an fhreasúra comhthuiscint sách láidir a chothú chun seans a thabhairt dóibh dul i mbun comhrialtais tar éis an chéad olltoghcháin eile. Fiú má fhásann toil, ní bheidh fonn ar na ceannairí socrú comhrialtais le Fianna Fáil nó le Fine Gael a chur go hiomlán as an áireamh.
Níl na fadhbanna thuas doréitithe, ach ní gan stró a réiteofar iad. Ba chóir do cheannairí an fhreasúra a beith buíoch go bhfuil Micheál Martin agus Simon Harris ag cabhrú, in aghaidh a dtola, le tús na hoibre.
Ní foláir dlús a chur leis an obair sna blianta atá romhainn. Is é sin más mian le Mary Lou McDonald, Holly Cairns agus Ivana Bacik dul i mbun rialtais in éineacht i gceann cúig bliana.
Fág freagra ar 'Cabhair gan choinne á tabhairt don fhreasúra ag an rialtas lena mbotúin gan chúis'