‘Gach nóta, gach focal ann, tá sé nua’ – ceoldráma nuascríofa Gaeilge faoi shaol Naomh Gobnait

Tá ceoldráma a dhéanann athshamhlú ar shaol Naomh Gobnait á chur ar stáitse ag Cumann Léirithe Bhéal Átha an Ghaorthaidh. Labhair Seán Óg Ó Duinnín, ón bhfoireann scríbhneoireachta le Tuairisc

‘Gach nóta, gach focal ann, tá sé nua’ – ceoldráma nuascríofa Gaeilge faoi shaol Naomh Gobnait

Ceoldráma nuascríofa é Gobnait, idir an script, an ceol agus suas le fiche amhrán nuachumtha. Rud eisceachtúil atá á dhéanamh acu, dar le Seán Óg Ó Duinnín, príomhoide Scoil Mhuire i mBéal Átha an Ghaorthaidh, atá ar fhoireann scríbhneoireachta an cheoldráma in éineacht le Alan Kiely agus Kevin Connolly.

Is é Gobnait an dara léiriú de chuid Cumann Léirithe Bhéal Átha an Ghaorthaidh. Bunaíodh an cumann leis an gceoldráma nuachumtha An Tuairín Dubh a léiriú sa mbliain 2023. Tháinig os cionn 2,700 duine ag breathnú ar an léiriú sin a cuireadh ar stáitse i mBéal Átha an Ghaorthaidh agus ina dhiaidh sin in amharclann an Everyman i gcathair Chorcaí.

Rinne An Tuairín Dubh athinsint ar scéal áitiúil ó aimsir an Chogaidh Chathartha, scéal faoi phobal a chuaigh i ngleic le tréimhse chorraitheach i stair na háite. D’fhan na hamhráin ón léiriú sin i mbéal an phobail, a deir Seán Óg, agus ba é an chéad uair acu ceoldráma as an nua a scríobh i nGaeilge.

“Níl dóigh liom go bhfuil aon duine á dhéanamh seo, ag scríobh ceoldrámaí nua go hiomlán as Gaeilge. Gach nóta de nuachumtha. Ceapaim gur rud eisceachtúil atá ann. Seo rud difriúil ó gheamaireacht, tá muid ag iarraidh na hamhráin nua seo a chumadh bunaithe ar scéal Ghobnait agus go mbeidís sa gcorpas ina dhiaidh sin.

“Tá na hamhráin ón Tuairín Dubh ar eolas anois agus á gcanadh ag muintir na háite i gcónaí. Tá mé ag súil go n-imeoidh na hamhráin seo ó Gobnait isteach i gcluasa na ndaoine agus go mbeidh siad á gcanadh amach anseo astu féin. Gach nóta, gach focal, is ábhar nua ar fad atá ann,” a deir Seán Óg.

Tá suas le 30 aisteoir páirteach sa dráma, ina measc Sarah Ní Ríordáin i bpáirt Ghobnait, Pádraig Ó Duinnín mar Rí Ardghal, Esther Uí Chruaidhlaoich i bpáirt Eithne, Theresa Ní Argain i bpáirt Shorcha, Finín Ó Conaill mar An Sulán, agus is é Amhaoibh Mac Suibhne atá i bpáirt An Gadaí Dubh.  Tá fotheidil Ghaeilge agus Bhéarla ar fáil .

Dráma é atá fréamhaithe sa bpobal agus a bhfuil foireann léiriúcháin ghairmiúil páirteach ann freisin, a deir Seán Óg.

“Togra mór pobail atá ann agus ní as Béal Átha an Ghaorthaidh amháin atá na daoine atá páirteach ann. Tá daoine ann as Cúil Aodha, Cill na Martra agus Baile Bhuirne féin. Cé gur Cumann Léirithe Bhéal Átha an Ghaorthaidh atá air, tá baint ag pobal níos leithne leis. Tá daoine proifisiúnta tugtha isteach freisin, ina measc tá Jeff Gould mar léiritheoir, Siobhán Ní Dhuinnín, damhsóir, agus Tim Fehilly ar shoilse, chomh maith le daoine eile.”

Tá scéal Naomh Gobnait fite fuaite le stair Mhúscraí agus le Béal Átha an Ghaorthaidh agus tá go leor scéalta i mbéaloideas na háite mar gheall ar an naomh. Ceaptar gur rugadh Gobnait in iarthar na tíre sa séú céad agus tá teampall léi fós le feiceáil ar Inis Oírr sna hOileáin Árainn. Níl mórán ar eolas faoin gcéad leath dá saol, áfach. Cosúil le Naomh Bríd, tá go leor leaganacha dá scéal le fáil in áiteanna éagsúla ar fud na tíre.

Sa leagan is coitianta de scéal Naomh Gobnait deirtear go raibh sí ar a teitheadh agus gur shocraigh sí síos i Múscraí ar deireadh. Tá athshamhlú déanta ag Seán Óg agus an fhoireann scríbhneoireachta ar an gcuid sin dá scéal sa gceoldráma.

“An chúis a deirtear gur tháinig sí go Baile Bhuirne ná gur tháinig aingeal chuici agus í ar Inis Oírr a dúirt léi go mbunódh sí tearmann agus go bhfaigheadh sí aiséirí san áit go bhfeicfeadh sí naoi gcinn d’fhianna bána. Sin é an chaoi go bhfuil baint aici le toibreacha éagsúla ar fud na tíre, níl a fhios againn ar bunaíodh na háiteanna sin ina honóir nó an raibh sí féin ann.

“An pointe atá ann ná gur thaistil sí ó Inis Oírr go Múscraí agus go bhfaca sí naoi gcinn d’fhianna bána ansin agus gur bhunaigh sí a clochar nó a tearmann ann.”

Bhí an béaloideas áitiúil ina shíol scéil ag an bhfoireann. Ceann de na scéalta a bhaineann le Naomh Gobnait ná go raibh bolla iarainn draíochta aici, atá fós le feiceáil sa gceantar agus a mbíonn daoine ag leagan lámh air. Mar gheall ar an mbolla iarainn agus go mbíodh Gobnait mar naomhphátrún ag gaibhne, shamhlaigh na scríbhneoirí go mb’fhéidir gur gabha a bhí inti agus dá mba ea, chiallódh sé sin go raibh stádas ar leith aici i sochaí an ama.

“Gabha-beag an chiall atá leis an ainm Gobnait, nó sin a chreideann muide. Tá sé sin lárnach inár scéalna chomh maith, gur gabha ab ea í. Ag an am sin sa 6ú haois bhí cumhacht faoi leith ag duine le ceird, duine a bhí in ann gaibhneoireacht a dhéanamh agus na beacha a choimeád, bheadh sé ar nós go raibh draíocht acu agus ceapann muid gur tháinig cuid den mhiotaseolaíocht faoin draíocht ón dtaobh sin de.”

Suite thart ar an mbliain 550 AD, insíonn an ceoldráma scéal Ghobnait óna hóige go dtí an uair gur bhunaigh sí teampall i gceantar Mhúscraí. Bhí sé an-tábhachtach don fhoireann scríbhneoireachta go léireofaí an scéal ar bhealach a thugann ómós do scéal an naoimh.

“Tá dúshlán ann leis an scéal seo, tá tú ag déileáil le scéal mhuintir na háite agus is leosan an scéal seo ach baineann sé go láidir le creideamh na ndaoine agus is dhá rud iad sin nár chóir a bheith ag pleidhcíocht leo. Thugamarna faoi mar scéal a bhí ana-shuimiúil faoi bhean a bhí ana-shuimiúil agus a rinne rudaí eisceachtúla agus atá fós ana-thábhachtach do Bhaile Bhéal Átha an Ghaorthaidh agus Múscraí ach go háirithe.” 

*Beidh Gobnait ar stáitse anocht Dé hAoine, an 7 Feabhra agus amárach Dé Sathairn an 8 Feabhra agus ón 13-15 Feabhra. Tá ticéid ar fáil anseo

Fág freagra ar '‘Gach nóta, gach focal ann, tá sé nua’ – ceoldráma nuascríofa Gaeilge faoi shaol Naomh Gobnait'