Folúntas: Oifigeach Gaeilge le An Post (Clúdach Máithreachais)

Aidhm an Róil Bíonn an tOifigeach Gaeilge freagrach don Bhainisteoir Gnóthaí Poiblí taobh istigh den Fhoireann Cumarsáide Corparáidí. Bainistíonn an tOifigeach Gaeilge freagrachtaí An Post i leith na Gaeilge agus tacaíonn le seachadadh seirbhísí ainmnithe trí Ghaeilge. 3 lá sa tseachtain atá i gceist leis an ról seo – is féidir a bheith lonnaithe in […]

Aidhm an Róil

Bíonn an tOifigeach Gaeilge freagrach don Bhainisteoir Gnóthaí Poiblí taobh istigh den Fhoireann Cumarsáide Corparáidí. Bainistíonn an tOifigeach Gaeilge freagrachtaí An Post i leith na Gaeilge agus tacaíonn le seachadadh seirbhísí ainmnithe trí Ghaeilge.

3 lá sa tseachtain atá i gceist leis an ról seo – is féidir a bheith lonnaithe in áit ar bith sa tír, agus ní mór freastal ar cheanncheathrú An Post i mBaile Átha Cliath ó am go chéile.

Post clúdach máithreachais ar conradh atá i gceist. 

Seo iad na príomhfhreagrachtaí:

  • Comhairle a chur ar na gnóthaí agus ar an lárionad corparáideach maidir le hoibleagáidí dlíthiúla An Post faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 agus soiléiriú a thabhairt maidir leis na caighdeáin teanga a thiocfaidh in áit Scéim Teanga reatha An Post. Máistirdhoiciméad amháin a chruthú agus ceisteanna ad hoc a fhreagairt.
  • Feidhmiú mar theagmhálaí An Post le hOifig an Choimisinéara Teanga, le Fiontar ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (logainm.ie) agus leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
  • Monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (cumarsáid leis an bpobal, foilseacháin, suíomhanna gréasáin, comharthaíocht, eolas ar tháirgí etc); cabhair a thabhairt ó thaobh an suíomh gréasáin a uasdátú agus obair a leanann de sin.
  • Comhfhreagras ó chustaiméirí agus ó chomhlachtaí, cuir i gcás an Coimisinéir Teanga, a bhainistiú chomh fada le réiteach nó dúnadh.
  • Aistriúchán a chur ar fáil agus seirbhísí aistriúcháin seachtracha a bhainistiú, profáil a dhéanamh chun léirmhíniú cruinn agus comhsheasmhacht teanga a chinntiú. (Leanúnach don suíomh gréasáin, do tháirgí agus d’ábhar le haghaidh na meán). Bunachar sonraí téarmaí Gaeilge a choinneáil chun comhsheasmhacht téarmaí a úsáidtear go minic a chinntiú.
  • Dianoiliúint sa Ghaeilge a eagrú d’fhostaithe An Post de réir mar a theastaíonn.
  • Ráitis ó bhéal atá faofa a chur ar fáil do na meáin chraolta.
  • Dul i gcomhairle le logainm.ie i ndáil le logainmneacha agus cinnte a dhéanamh de go gcuirtear uasdátuithe bliantúla ó Logainm isteach i mBunachar Sonraí Lárnach Seoltaí An Post.
  • Ionadaíocht a dhéanamh thar ceann An Post ag imeachtaí Gaeilge a eagraíonn Gníomhaireachtaí Stáit agus eagraíochtaí Gaeilge nuair is gá agus príomhtheagmhálacha a choinneáil.
  • Luachanna agus iompraíocht An Post á léiriú i d’obair laethúil agus aghaidh á tabhairt ar iompraíocht a thacaíonn leo/nach bhfuil ag teacht leo.

Saineolas agus Taithí

  • Taithí: Taithí cúig bliana ar a laghad i ról ina raibh freagracht ó cheann ceann ar an iarrthóir as forfheidhmiú beartais agus ina raibh cumarsáid láidir agus tógáil caidrimh ag teastáil.
  • Bunriachtanach: Ardchaighdeán Gaeilge comhaimseartha idir labhartha agus scríofa agus eolas críochnúil ar an reachtaíocht reatha i ndáil leis an nGaeilge.
  • Oideachas: Go hidéalach beidh céim 3ú leibhéal nó a comhionann ag an iarrthóir.
  • Sárscileanna idirphearsanta agus cumarsáide agus a bheith in ann oibriú as a stuaim féin, faoi luas agus obair ar ardchaighdeán a chur ar fáil
  • A bheith in ann cur chuige dearfach agus praiticiúil a ghlacadh i leith An Post a bheith ag comhlíonadh a chuid oibleagáidí dlíthiúla, chomh maith agus is féidir linn
  • Tuiscint ar scileanna aistriúcháin agus an tábhacht a bhaineann le cruinneas.
  • Tuiscint ar ghnóthaí reatha maidir leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht.

Inniúlachtaí ríthábhachtacha

  • Mionchruinneas
  • Caidrimh a thógáil agus a choinneáil
  • Cumarsáid
  • Tionchar a imirt ar dhaoine agus iad a spreagadh le bheith tiomanta
  • Buanseasmhacht / teacht aniar

Eolas faoi na Tairbhí

Anuas ar phacáiste an-iomaíoch luacha saothair, cuirimid an méid seo a leanas ar fáil:

  • Scéim Leighis Cuideachta An Post
  • Scéim Pinsin An Post
  • Scéim Bónais PRIP
  • Saoire Mháithreachais Íoctha
  • Saoire Atharthachta Íoctha
  • Clár Cúnaimh d’Fhostaithe An Post
  • Ionad aclaíochta digiteach ina gcuirtear babhtaí traenála sceidealaithe laethúla ar fáil
  • Páirceáil shlán do rothair agus an Scéim um Rothaíocht chun na hOibre
  • Pas Taistil Coigilte Cánach
  • Láthair i lár na cathrach

Conas Iarratas a dhéanamh

Le hiarratas a dhéanamh, cuir CV mionsonraithe agus litir chumhdaigh i nGaeilge agus i mBéarla isteach, agus tabhair breac-chuntas ar do thaithí ábhartha agus d’oiriúnacht don ról, roimh 5pm ar an 23 Meitheamh 2025.:

iarratas a dhéanamh anseo

Tuigimid ag An Post an luach a chruthaíonn an éagsúlacht agus creidimid gur cheart go léireofaí inár lucht saothair na custaiméirí agus na pobail ar a bhfreastalaímid. Sin an fáth go bhfáiltímid go gníomhach roimh iarratais a dhéanann daoine ó gach cúlra, agus ní dhéanaimid idirdhealú bunaithe ar inscne, aois, cineál, reiligiún, stádas pósta, gnéaschlaonadh, míchumas, ballraíocht den lucht taistil, na stádas teaghlaigh. Tá An Post tiomanta d’ionad oibre ionchuimsitheach a bheith ann ina mbraitheann gach fostaí go bhfuil siad páirteach ann. Má theastaíonn freastal uait i rith an phróisis earcaíochta, nó má tá ceisteanna agat a bhaineann le hinrochtaineacht, iarrtar ort teagmháil a dhéanamh linn ag talent@anpost.ie.

Eolas faoi An Post 

Tá An Post ar cheann de na heagraíochtaí is mó in Éirinn, ina gcuirtear seirbhísí airgeadais agus poist ar fáil, agus feidhmíonn sé freisin mar bhealach rochtana iontaofa ar sheirbhísí rialtais. Táimid ag dul faoi bhunathrú ó sheandomhan na litreacha agus an airgid thirim thraidisiúnta go dtí domhan nua digiteach na mbeartán ríomhthráchtála agus na seirbhísí airgeadais.

Tá croíchuspóir An Post — gníomhú ar mhaithe le leas an phobail, feabhas a chur ar shaol daoine in Éirinn, anois agus do na glúnta amach anseo — ar aon dul le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, ina gcuirtear an inbhuanaitheacht i gceartlár gach rud a dhéanaimid. Glacann an Fhreagracht Shóisialta Chorparáideach le ról ríthábhachtach ag An Post mar gheall go ndírímid ar inbhuanaitheacht fhadtéarmach a fhorbairt. Tá Éagsúlacht agus Ionchuimsiú mar dhlúthchuid dár straitéis freisin, de réir mar a thagaimid chun cinn go leanúnach le hionadaíocht a dhéanamh dár bhfostaithe agus do na pobail ar a bhfreastalaímid. Léigh níos mó faoinár straitéis agus ár ndul chun cinn inniu!