FÓGRA POIST: Cúntóir Oifige (faoi oiliúint) le COMHAR

Tá Cúntóir Oifige (faoi oiliúint), ról páirtaimseartha, á earcú ag COMHAR, príomhfhoilsitheoir náisiúnta na Gaeilge.

Ról

Tá Cúntóir Oifige (faoi oiliúint), ról páirtaimseartha, á earcú ag COMHAR, príomhfhoilsitheoir náisiúnta na Gaeilge.

Beidh an té a cheapfar faoi oiliúint, ag plé le gnéithe riaracháin, poiblíochta agus foilsitheoireachta ar thograí éagsúla COMHAR – an iris mhíosúil Comhar agus LeabhairCOMHAR go príomha. Conradh páirtaimseartha 12 mhí (ag tosú tús mhí an Mheithimh 2026) atá á thairiscint. Is féidir go gcuirfí síneadh leis ag deireadh na tréimhse sin.

Folúntas

1 x Post Páirtaimseartha (2 lá/seachtain)

Tá oifig COMHAR lonnaithe ar Shráid Harrington, BÁC 8. Is gá don té a cheapfar a bheith i láthair san oifig gach seachtain.

Tuarastal

€31,495 pro-rata (Pointe 1, Grád: Oifigeach Cléireachais)

Is post faoi oiliúint é seo. Cuirfear deiseanna fiúntacha oiliúna ar fáil don té a cheapfar.

Iarratais

Spriocdháta: meán lae, Dé hAoine, 10 Aibreán 2026

Reáchtálfar agallaimh i mBaile Átha Cliath, Déardaoin, 23 Aibreán 2026.

Tuilleadh eolais faoin bpost ar fáil sa Sainchuntas Poist.

Is é COMHAR príomhfhoilsitheoir náisiúnta na Gaeilge.

Tulleadh anseo