Folúntais eile d’aistritheoirí Gaeilge sa Bhruiséil… ach na poist lonnaithe in Éirinn an uair seo

EISIACH: Tuigtear go bhfógróidh an tAE go luath próiseas nua earcaíochta d’aistritheoirí Gaeilge a bheidh lonnaithe ag baile in Éirinn, socrú nach raibh ag aon bhallstát eile roimhe seo

Folúntais eile d’aistritheoirí Gaeilge sa Bhruiséil… ach na poist lonnaithe in Éirinn an uair seo

Tá an Coimisiún Eorpach sa Bhruiséil le haistritheoirí Gaeilge a fhostú a bheidh lonnaithe in Éirinn, an chéad uair go mbeidh socrú dá leithéid ag aon bhallstát.

Tuigtear do Tuairisc.ie go mbeidh na haistritheoirí a bheidh i mbun aistriúcháin d’aonad Gaeilge an Choimisiúin sa Bhruiséil lonnaithe i gcontae na Mí.

Ní raibh a leithéid de shocrú ag aon bhallstát cheana ó thaobh seirbhísí aistriúcháin agus léiriú é ar an dúshlán mór a bhaineann le hearcú dóthain aistritheoirí Gaeilge oilte san AE.

Ar na rudaí is mó a mheallann aistritheoirí Gaeilge chun dul ag obair san AE, tá na coinníollacha maithe pá agus oibre a bhíonn ar fáil acu san Eoraip agus tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil sé i gceist na coinníollacha sin a thairiscint in Éirinn chomh maith.

Léirigh figiúirí a d’fhoilsigh an tAE anuraidh an dúshlán mór atá le sárú i gcónaí maidir le dóthain aistritheoirí le Gaeilge a fhostú in institiúidí na hEorpa.

Meastar go dtiocfaidh méadú 40% ar an méid oibre aistriúcháin go Gaeilge a bheidh le déanamh in 2022, tráth a bhfuil geallta go gcuirfear deireadh leis an mhaolú ar stádas na Gaeilge san AE.

Ach níor líonadh ach níos lú ná 25% de na folúntais d’aistritheoirí agus dlítheangeolaithe Gaeilge a fógraíodh idir 2016-2018.

Cé nach raibh an Coimisiún Eorpach sásta an socrú nua ó thaobh earcú aistritheoirí Gaeilge a dheimhniú, tuigtear do Tuairisc.ie go bhfógrófar an próiseas nua earcaíochta go luath. Meastar gur 15 post a bheidh i gceist.

Dúirt urlabhraí ó Choimisiún na hEorpa nach bhféadfaí aon phlé a dhéanamh faoi phróiseas earcaíochta nach raibh fógartha.

Dúirt an t-urlabhraí, áfach, gur cuireadh tús le próiseas chun cur le líon na n-aistritheoirí Gaeilge san AE in 2015.

Tharla sin, a dúradh, nuair a d’iarr Rialtas na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh go gcuirfí deireadh leis an mhaolú ar stádas na Gaeilge.

Ceadaíonn an maolú don Aontas Eorpach gan na seirbhísí céanna a chur ar fáil i nGaeilge is a chuirtear ar fáil i dteangacha oifigiúla eile an Aontais. Tugadh isteach 15 bliain ó shin é mar gur measadh nach raibh dóthain daoine cáilithe chun na seirbhísí breise éagsúla a chur ar fáil i nGaeilge.

Fág freagra ar 'Folúntais eile d’aistritheoirí Gaeilge sa Bhruiséil… ach na poist lonnaithe in Éirinn an uair seo'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Fáilte mhór roimh na daoine seo lonnú i Ráth Chairn glas na Mí

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Ábhar mór áthais é go gcoinneofar cúig cloigne déag de sheoda na hÉireann i gcró Chroim