Fógra déanta ag bunaitheoirí na nDaonlathaithe Sóisialta nach mbeidh siad ag seasamh san olltoghchán

Dúirt ceannaire na nDaonlathaithe Sóisialta Holly Cairns gur ‘ceannródaithe i polaitíocht na hÉireann’ iad Róisín Shortall agus Catherine Murphy, iarcheannairí an pháirtí

Fógra déanta ag bunaitheoirí na nDaonlathaithe Sóisialta nach mbeidh siad ag seasamh san olltoghchán

Níl iarcheannairí agus bunaitheoirí na nDaonlathaithe Sóisialta, Catherine Murphy agus Róisín Shortall, chun seasamh sa chéad olltoghchán eile.

Bhí an bheirt Teachtaí Dála ina gceannairí ar an bpáirtí a bhunaigh siad in 2015 nó gur tháinig an Teachta Dála as Corcaigh Holly Cairns i gcomharbacht orthu anuraidh.

Dúirt an bheirt iarcheannairí go raibh sé “in am ligean do ghlúin nua a bheith i gceannas” agus gur pribhléid a bhí ann an deis a fháil obair ar son an phobail.

Dúirt Catherine Murphy, Teachta Dála do Chill Dara Thuaidh, go leanfadh sí uirthi  ag iarraidh an daonlathas sóisialach a chur chun cinn in Éirinn.

Tá Róisín Shortall ina Teachta Dála i mBaile Átha Cliath le breis is 30 bliain agus thug sí seal ina haire stáit nuair a bhí sí i bPáirtí an Lucht Oibre,

Dúirt ceannaire na nDaonlathaithe Sóisialta Holly Cairns gur “ceannródaithe i bpolaitíocht na hÉireann” ab ea comhbhunaitheoirí an pháirtí. Dúirt Cairns gur “iontach” an méid a bhain siad amach sna blianta fada a bhí tugtha acu i mbun na seirbhíse poiblí.

“Ní bheinnse sa pholaitíocht mura mbeadh cinneadh tógtha ag Catherine agus Róisín na Daonlathaithe Sóisialta  a bhunú.

“Spreagadh mór domsa agus do go leor eile a dtiomantas don tseirbhís phoiblí, a gcreideamh gur féidir sochaí níos cothroime a bheith againn agus a ndílseacht iomlán don phrionsabail an daonlathais shóisialta,” arsa Holly Cairns.

Fág freagra ar 'Fógra déanta ag bunaitheoirí na nDaonlathaithe Sóisialta nach mbeidh siad ag seasamh san olltoghchán'

  • Dónall Mór Mac Billings

    Iontach , níos lú de hionadaithe an córais chaipitiligh mheanaicmigh gan Gaeilge !!!