
Labhairt
- Ag obair le do pháirtí, tosaigh ag caint faoin méid atá le feiceáil sa phictiúr seo.
Scríobh
- Roghnaigh aon bheirt sa phictiúr seo.
- Scríobh an comhrá a bheadh eatarthu.
Ábhar machnaimh
- Cén fáth a bhfuil an chóisir seo ann?
- Cén fáth a bhfuil siad siúd ann?
- An bhfuil aithne acu ar éinne eile?
- Ar tharla aon rud aisteach, conspóideach?
Scafláil teanga:
- An chóisir (focal baininscneach) ach tús na cóisire (tuiseal ginideach).
- An gabhar á róstadh
- Dubh le daoine
- Ar bís
- An ghrian ag dul faoi
- Gealgháireach
- Den chéad scoth
- Spéaclaí gréine
- An-ghiúmar
- Íde béil
Cuimhnigh gur féidir focail eile a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
Aithris agus éisteacht
- Nuair atá an comhrá scríofa agaibh déanaigí é a aithris.
- Ansin bog ar aghaidh go dtí duine eile agus déan do chomhrá, agus a c(h)omhrá siúd, a aithris.
Fág freagra ar 'FOGHLAIMEOIRÍ: Meascán Mearaí'