Foclóir Gáidhlig-Béarla aimsithe agus tugtha ar ais do mhuintir Pictou County, Nova Scotia

Ba le máistir scoile a chuir faoi i gceantar ina labhraítí Gáidhlig, an foclóir, a deir staraí áitiúil

image

Táthar tar éis teacht ar fhoclóir Gáidhlig-Béarla atá ar an bhfód le beagnach 200 bliain. Is in Pictou County, Nova Scotia, a baineadh úsáid as an bhfoclóir an chéad lá riamh, siar sna 1820í.

Ba le James Fraser, máistir scoile in Sunny Brae ó 1820 go 1830, an foclóir, a deir staraí áitiúl darb ainm Clyde MacDonald.

“Bhí sé ag teacht go ceantar ina raibh cuid mhaith de na daoine a chuir fúthu ann ina gcainteoirí Gáidhlig. Ba sa bhliain 1802 a tháinig siad anall as Albain,” a deir MacDonald.

Thug McDonald le fios go bhfuil an foclóir sínithe ag Fraser agus dáta curtha aige leis – an 1 Meán Fómhair 1822.

Dúirt McDonald freisin gur i mBéarla a mhúineadh Fraser na gasúir scoile ach thuig sé gurbh í an Gháidhilg a rogha teanga lasmuigh de na ranganna agus theastaigh uaidh muintir na háite a thuiscint.

Dúirt an Dr Michael Linkletter, cathaoirleach Roinn an Léinn Cheiltigh in Ollscoil Naomh Proinsias in Antigonish, Nova Scotia, nach bhfuil foclóirí den saghas seo chomh tearc sin, ach mar sin féin go bhfuil sé seo ar cheann de na chéad fhoclóirí Gáidhlig-Béarla a foilsíodh ag an am.

“Gáidhlig is mó a labhraítí sa chuid seo de Nova Scotia. Bhí treibheanna eile ann, ar ndóigh, ach bhí an ceantar ag éirí níos Gaelaí le haimsir,” a dúirt Linkletter. Dúirt sé chomh maith gur i dtús an naoú haois déag a tosaíodh ar fhoclóirí Gáidhlig a fhoilsiú.

Tuairiscítear gur fhág James Fraser Pictou County sa bhliain 1830 chun aghaidh a thabhairt ar Ontario agus gurb é is dóichí ná gur dhíol sé an foclóir mar aon le scata giúirléidí eile le go mbeadh cúpla punt aige i gcomhair an bhóthair.

Ag caint dó le Tuairisc.ie, dúirt an Dr Linkletter gur misinéir ab ea Fraser agus go raibh an Gháidhlig á labhairt sa réigiún inar chuir sé faoi ó tháinig imircigh anall as Albain sa bhliain 1773.  Thug an Dr Linkletter le fios do Tuairisc.ie gur Peter Macpharlain ab ainm don té a chuir an foclóir i dtoll a chéile agus gur foilsíodh i nDún Éideann é sa bhliain 1815.

Ba le fear as Colorado an foclóir, a chuir i mbosca athchúrsála leabhar é agus thángthas air le déanaí.

Dúirt an Dr Linkletter go bhfuil an Gháidhlig fós beo in Novia Scotia.

“Cé nach labhraítear aon Gháidhlig níos mó sa cheantar ina raibh cónaí ar Fraser, tá sí fós beo beathach in Novia Scotia nó ‘Alba Nuadh’, agus tá Oifis Iomairtean na Gàidhlig (oifig a phléann le gnóthaí Gáidhlig) ar cheann d’oifigí Rialtas Novia Scotia,” a dúirt an Dr Linkletter le Tuairisc.ie.

Cuirfear an foclóir ar taispeáint sa Séipéal Preispitéireach áitiúil in Pictou County.

Fág freagra ar 'Foclóir Gáidhlig-Béarla aimsithe agus tugtha ar ais do mhuintir Pictou County, Nova Scotia'