FOCAL IS FUAIM: Sliocht as leabhar Colm Breathnach – Con trick “An bhalla Bháin”

Gach seachtain, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht, cloistear sa tsraith seo ‘Focal is Fuaim’ sliocht as leabhar á léamh os ard ag údar an tsaothair atá i gceist. Bíonn téacs an tsleachta le léamh thíos faoi. An tseachtain seo, is é Con trick "An Bhalla Bháin" le Colm Breathnach atá againn

Colm Breathanach1

Scéal Éan an Mheán Lae

(ó bhéalaithris scéalaí de chuid threibh na nÚhúipíoch ón áit ar a dtugtar Florida inniu, sna Stáit Aontaithe)

LE CUIMHNE sheandaoine uilig na dúthaí, mar a deirtear, canann an taitintince ag meán lae. Ní léir fiú an dtugtar taitintince (meán lae) ar an éan mar gheall ar an nós seo aige canadh an tráth san do ló in áit a ionad a ghlacadh i dteannta chliaraithe cleiteacha uile eile an aeir i gclaisceadal bhreacadh an lae, nó an in ómós don éan a thugtar taitintince ar an dtráth san do ló. Ar aon chuma, ní mar sin a bhí riamh de réir na scéalaíochta. Tráth dá raibh, bhí an taitintince ar an mochóirí ba mhochéirithí ar fad as measc na héanlaithe go léir. B’é ba thúisce a labhraíodh le fáilte a chur roimh an ngrian gachmaidean agus le fógairt don saol mór go raibh ina lá arís. Nuair a tháinig an fear bán, áfach, trasna na mara móire ina ollbhád, thug sé leis a choileach agus a chearca féin agus an chéad mhaidean acu sa dúthaigh seo chrom an taitintince agus an coileach ar ghlaoch an neomat céanna. Baineadh siar as gach éan acu. B’ait le lán na beirte acu cén t-éan eile a bhí ag scairteadh agus ag cur isteach ar a ngnáthnós maidine féin. D’eitil an dá éan, mar sin, faoi dhéin a chéile féachaint cé a bhí éirithe comhuaineach leo féin agus a bhí ag dul i mbun ceoil as ord agus d’agalladar a chéile.

“Cé tusa?” a dúirt éan na dúthaí seo leis an éan imirce.

“Mise an coileach,” arsa an coileach, “agus is nós liomsa a bheith ar an gcéad éan a bhíonn ina shuí ar maidean le bánú an lae a chomóradh agus lena chur in iúl don saol éanaigh go bhfuil sé in am péisteanna. Agus cé tusa maran miste leat mé do t’fhiafraí?”

“Mise an taitintince,” arsa an taitintince, “agus is nós liomsa a bheith ar an éan is luaithe a fhógraíonn teacht an athlae sa dúthaigh seo. Agus, ón uair gur sa dúthaigh seo atáimd, molaimse go ndéanfaimis an cheist seo atá eadrainn i dtaobh ciocu againn a dhéanfaidh céadghlaoch na maidine anseo san áit seo a chur faoi bhráid dhia na háite seo, an Spiorad Mór.”

“Déanaimis sin, más ea,” arsa an coileach, “go gcífeam cé aige a bheidh tosach ar an éan eile i mbun scairtí.”

Tháinig an Spiorad Mór ina ndáil, mar sin, nuair a ghlaodar agus chuireadar a gcás faoi réir a bhreithnithe. B’í an bhreith a thug an Spiorad Mór, ón uair gur anoir a thagann an ghrian chugainn sa spéir ar maidean nárbh fholáir gur ó dhúthaigh an choiligh an ghrian ó cheart agus mar sin ba cheart don dtaitintince tús áite a ghéilleadh don gcoileach timpeall ar chúrsaí fógartha an lae.

Agus sin an chúis go labhraíonn an coileach i dtosach armaidean. Maidir leis an dtaitintince, ní mó ná sásta a bhí sé riamh leis an mbreith a thug an Spiorad Mór agus tá sé in éad leis an gcoileach ó shin. Agus seo an taobh a chanann sé um meán lae le gliondar, nuair a chíonn sé clann an choiligh á róstadh os cionn na tine ag daoine le haghaidh bhéile an mheán lae.

Fág freagra ar 'FOCAL IS FUAIM: Sliocht as leabhar Colm Breathnach – Con trick “An bhalla Bháin”'

  • sean o rathaille

    Ardscribhneoir, nior luadh Fontenoy le Liam Mac Coil, scothleabhar freisin. Gaisce agus eacht deanta ag an bhfear seo gan faic eile a scriobh.
    Tugtar aitheantas do na hudair Ghaeilge agus cuidiu airgid in ainm De.
    Duine eile (fealsamh) nar tugadh aon aitheantas do .i. Desmond Fennel, ca’il an tAos Dana etc