Tá físeán buíochais seolta ag muintir Al Mawasi i ndeisceart Ghaza chuig daoine i nGaeltacht na Rinne.
Tá daoine sa Rinn ag tacú go leanúnach leis an bpobal in Al Mawasi le beagnach dhá bhliain.
Tháinig an grúpa Gaeil Ar Son Gaza (@GaeilArSonGaza) le chéile i mí Dheireadh Fómhair na bliana 2023 agus seisear a bhí sa ngrúpa ag an am.
Thosaigh an grúpa Waterford for Palestine (@WaterfordForPalestine) i gceantar Dhún Garbhán thart ar an am céanna agus tá an dá ghrúpa i bpáirt lena chéile anois agus 100 ball gníomhach acu in iarthar Dhéise.
Dúirt an scríbhneoir Áine Uí Fhoghlú, duine de bhunaitheoirí Gaeil Ar Son Gaza, go mbíonn an-tacaíocht acu ón bpobal i gcoitinne do gach gníomh a dhéanann siad ar son na Palaistíne agus ar son mhuintir Gaza, go háirithe. Tá €60,000 bailithe acu go dtí seo ar son carthanachtaí éagsúla, agus tá 15,000 duine á leanúint ar na meáin shóisialta.
D’eagraigh an grúpa maidin chaife i dTigh an Cheoil cois cé i mBaile na nGall sa Rinn le gairid agus cé nár mhair an ócáid ach dhá uair a chloig, bailíodh €4,000. Léiríonn an físeán buíochais a chuir muintir Al Mawasi ar ais chucu le seachtain anuas, go bhfuil an t-airgead ag dul díreach i dtreo na ndaoine, a deir Áine Ní Fhoghlú.
“Léiríonn an deonú is déanaí do phobal Al Mawasi gur féidir linne an fhóirithint dhíreach a sheachadadh go Gaza laistigh de sheachtain.
“Tá ár gcóras féin againn anois agus má thugann daoine airgead dúinne, cuirfidh sé sin béile, cé go mb’fhéidir nach mbeadh ann ach mias anraith lintilí, agus uisce glan i mbéal na scórtha daoine laistigh de roinnt laethanta.
“Tugann sé sásamh dúinn gur féidir linn ár sciar féin a dhéanamh ar son na ndaoine seo atá tréigthe ag rialtaisí an domhain.”
Is deacair a mhíniú cé chomh buíoch is atá an pobal thall as an gcúnamh atá faighte acu ó dhaoine anseo in Éirinn cé nach “ar son an bhuíochais” atá siad á dhéanamh, a deir an file.
“Cuireadh ár muintir féin i nGorta tráth nach fada ó shin agus tuigimid an cinedhíothú níos fearr ná mar a thuigeann éinne eile. Deir ár gcairde i nGaza linn arís is arís go bhfuil an dhlúthpháirtíocht a chíonn siad ó ghnáthphobal na hÉireann ag tabhairt ardú beag spride dóibh in am an éadóchais.”
Tá sé in am gnímh, a deir Áine Ní Fhoghlú agus is é an rud is mó a theastaíonn ó phobal Ghaza ná go scaoilfeadh fórsaí Iosrael isteach na leoraithe atá ag fanacht ag an teorainn agus na mílte tonna bia orthu.
“Ní mór dár rialtas féin smachtbhannaí a chur i bhfeidhm agus gníomh práinneach a dhéanamh ag leibhéal an AE. Níl in aon rud eile ag an bpointe criticiúil seo ach caint fholamh, caint san aer agus gan aon chur leis.”
Fág freagra ar 'Focal buíochais as Gaeilge ó mhuintir Gaza do mhuintir na Gaeltachta'