Cuireadh siar sa chúirt i Londain inniu cinneadh faoi chás Liam Óg Uí Annaidh, an ball den ghrúpa rap Kneecap a bhfuil cion sceimhlitheoireachta curtha ina leith.
I gCúirt Dúiche Westminster inniu, dúirt an Breitheamh Paul Goldspring gur mhaith leis teacht ar réiteach go pras, ach nach dtabharfaidh sé a bhreithiúnas gogceann cúpla seachtain eile.
Beidh an chéad éisteacht eile ar siúl Dé hAoine, an 26 Meán Fómhair.
Ba é seo an dara huair ag Liam Óg Ó hAnnaidh a bheith os comhair na cúirte in Londain Shasana agus cion sceimhlitheoireachta curtha ina leith.
Mhaígh lucht dlí Uí Annaidh gur cúisíodh lá ródhéanach é agus gur chóir an cás a chaitheamh amach dá bharr.
Ag tús na héisteachta, chuir an Breitheamh Paul Goldspring in iúl do Chúirt Dúiche Westminster go raibh ateangaire ceaptha chun go bhféadfaí an cás a éisteacht i nGaeilge, mar a bhí iarrtha ag Ó hAnnaidh.
Meastar gurb é seo an chéad uair gur cuireadh ateangaire ar fáil chun cás a éisteacht i nGaeilge i Sasana.
Tá sé curtha i leith Liam Óg Ó hAnnaidh, nó Mo Chara, gur thaispeáin sé brat agus é ar stáitse i Londain mar chomhartha tacaíochta do Hezbollah, eagraíocht a bhfuil cosc uirthi sa mBreatain.
Tharla an eachtra nuair a bhí Kneecap agus Ó hAnnaidh, atá 27 bliain d’aois agus arb as Béal Feirste dó, ar stáitse i bhFóram an O2 i mBaile Kentish, Londain, ar an 21 Samhain 2024.
Séanann Ó hAnnaidh go bhfuil aon ní mícheart déanta aige agus deir sé féin agus lucht Kneecap gurb amhlaidh go bhfuil “carnabhal mearbhaill” ar bun chun aird a tharraingt ón gcinedhíothú in Gaza agus stop a chur le daoine labhairt amach faoi.
Chants of ‘Free Palestine’ and ‘Free Mo Chara’ can be heard outside Westminster Magistrates Court ahead of Kneecap rapper Liam Óg Ó hAnnaidh’s latest court appearance in London.
Live updates: https://t.co/IHbqz577UM pic.twitter.com/I1HC8Fvpd8— The Irish News (@irish_news) August 20, 2025
Agus iad ag fágáil na cúirte tráthnóna, d’impigh Kneecap ar an slua taobh amuigh gan staonadh de bheith ag labhairt amach faoi chás mhuintir na Palaistíne.
Mhaígh Brenda Campbell, abhcóide Uí Annaidh, go raibh an iomarca ama caite, de réir reacht na dtréimhsí a mhair sé mhí, idir an uair ar tharla an eachtra agus an uair a cúisíodh é.
Dúradh gur cúisíodh Ó hAnnaidh lá ródhéanach agus gur chóir an cás a chaitheamh amach dá bharr. Dúradh nach bhfuarthas cead oifigiúil an Ard-Aigne Richard Hermer nuair a cúisíodh an rapálaí ar an 21 Bealtaine.
Tugadh an cead sin an lá dár gcionn, lá i ndiaidh an spriocdháta sé mhí, a dúirt Campbell.
Mhaígh lucht an ionchúisimh gurb amhlaidh gur cúisíodh in am Ó hAnnaidh agus nach gá cead an Ard-Aighne le cúis dá leithéid a thionscnamh. Dúirt an t-ionchúisitheoir Michael Bisgrove nárbh ghá cead a fháil don chúiseamh go dtí go raibh an cosantóir os comhair na cúirte den chéad uair.
Ligeadh amach ar bannaí Ó hAnnaidh nuair a tháinig sé os comhair na cúirte den chéad uair i mí an Mheithimh. Cuireadh cás an rapálaí siar go dtí an lá inniu mar gheall ar an gceist faoi cheart na cúirte an cás a éisteacht.
Bhí a chomhghleacaithe i Kneecap, Naoise Ó Caireallain (Móglaí Bap) agus JJ Ó Dochartaigh (DJ Próvaí) sa chúirt don éisteacht inniu.
Phlódaigh lucht tacaíochta Kneecap agus lucht na meán timpeall ar Ó hAnnaidh nuair a bhain sé amach Cúirt Dúiche Westminster agus thóg sé tamall air a shlí a dhéanamh tríd an tranglam agus isteach san fhoirgneamh.
Bhí slua mór lasmuigh den chúirt chun tacaíocht a léiriú dó agus do chás na Palaistíne. Ghlac ceoltóirí, gníomhaithe ar son na Palaistíne agus gníomhaithe teanga páirt sa léirsiú tacaíochta taobh amuigh den chúirt.
Bhí an feisire parlaiminte as Tuaisceart Bhéal Feirste, John Finucane i measc na gcainteoirí ag an agóid.
“Beimid anseo chomh fada agus is gá agus aon teachtaireacht shoiléir amháin againn, saoirse don Phalaistín, saoirse do Mo Chara. Tiocfaidh ár lá.”
Bhí na céadta lasmuigh den chúirt chun tacaíocht a léiriú don rapálaí. Bhí feisteas á chaitheamh ag go leor acu a léirigh tacaíocht don Phalaistín agus do Kneecap. Bhí bratacha na hÉireann agus na Palaistíne agus plaicird agus póstaeir éagsúla ar iompar ag daoine chun a dtacaíocht do mhuintir Gaza agus don bhanna rap Gaelach a léiriú. Chualathas lasmuigh den chúirt i gcaitheamh na maidine na roisc ‘Free Palestine’ agus ‘Free Mo Chara’.
I measc na ngrúpaí a d’eagraigh na léirsithe bhí an London Irish Brigade agus an Love Music, Hate Racism agus bhí baill de Chonradh na Gaeilge i láthair chomh maith.
Cuireadh in airde lasmuigh den chúirt aréir comhartha sráide bréige a raibh ‘ethnic cleansing in Palestine’ scríofa air.
Bhí go leor póilíní ar dualgas taobh amuigh den chúirt. Tráthnóna inné, Dé Máirt, d’fhógair póilíní Londan go mbeadh an agóid a bhí beartaithe teoranta do phaiste áirithe taobh amuigh den chúirt chun nach gcuirfí isteach “go mór” ar dhaoine.
Mhaígh Kneecap gur cinneadh polaitiúil a bhí ann.
Léiríodh tacaíocht do Ó hAnnaidh sa bhaile chomh maith. Nochtadh múrphictiúr nua de in Iarthtar Bhéal Feirste aréir.
Sa chás nach gcaithfidh an Breitheamh an cás amach ar an 26 Meán Fómhair, déanfaidh Liam Óg Ó hAnnaidh pléadáil a thaifead agus beidh triail ann lá níos faide anonn.
I ráiteas a eisíodh roimh éisteacht an lae inniu, dúirt Kneecap nach raibh sa chás ach “carnabhal mearbhaill” ag rialtas na Breataine.
Dúradh go raibh 9,000 Palaistíneach, gasúir agus mná den chuid is mó, maraithe ag Iosrael ó bhí Ó hAnnaidh sa gcúirt mí an Mheithimh agus gur dúnmharaíodh breis is 1,000 duine a bhí sa tóir ar chúnamh in Gaza.
Dúradh go raibh iarracht ar bun sceimhlitheoir a dhéanamh de Ó hAnnaidh tráth go raibh coireanna cogaidh déanta ag Iosrael agus go raibh airm agus tacaíocht curtha ar fáil ag an mBreatain dóibh.
Tá Ó hAnnaidh á chosaint ag dlíodóirí a bhfuil an-cháil orthu, ina measc Gareth Peirce, a rinne cosaint ar Sheisear Birmingham agus Ceathrar Guildford, agus Blinne Ní Ghrálaigh KC a rinne ionadaíocht ar an Afraic Theas sa chás a thug siad in aghaidh Iosrael sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta anuraidh.
Aonghus
Cé mhéad duine sa slua a bheadh in ann trí amhrán le Kneecap a ainmniú? Fíorbheagán, déarfainn. Is gníomhaithe seachas ceoltóirí iad Kneecap faoin am seo.