Cuirigí mise as an áireamh don uachtaránacht, a deir Mary Lou McDonald

Níor chuir ceannaire Shinn Féin as an áireamh é go gcuirfí ceannaire an pháirtí ó thuaidh, Michelle O’Neill, san iomaíocht don toghchán, ach thug sí le fios gur rogha mhealltach a bheadh ann chomh maith tacú le Catherine Connolly

Cuirigí mise as an áireamh don uachtaránacht, a deir Mary Lou McDonald

Ní bheidh ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald ag seasamh i dtoghchán na huachtaránachta.

Dúirt McDonald go raibh sí dírithe ar a bheith ina ceannaire ar an bhfreasúra sa Dáil.

Dúirt sí nach raibh aon rud socraithe go fóill ag Sinn Féin agus cinneadh le déanamh acu an gcuirfidh siad a n-iarrthóir féin chun cinn do thoghchán an 24 Deireadh Fómhair, nó an dtacóidh siad leis an neamhspleách, Catherine Connolly.

Thug ceannaire Shinn Féin an-mholadh don iarrthóir neamhspleách de chuid na heite clé.

Níor chuir McDonald as an áireamh é go gcuirfí ceannaire an pháirtí ó thuaidh, Michelle O’Neill, san iomaíocht don toghchán, ach thug sí le fios gur rogha mhealltach a bheadh ann chomh maith tacú le Connolly.

“B’fhearr liomsa go ndéanfaimis an cinneadh ceart faoi seo. Bíodh is go bhfuil an baol ann go bhfuil an rud céanna á rá arís is arís eile, tá roghanna againn. Ach tá soiléiriú á thabhairt inniu agam nach mbeidh m’ainm féin san áireamh níos mó.

“Tá an rogha i gcónaí againn iarrthóir ó Shinn Féin a bheith againn nó tacú le hiarrthóir eile. Catherine Connolly an t-iarrthóir atá san iomaíocht cheana, agus cinnte sula rachaimid go dtí an Ard-Chomhairle, beimid ag iarraidh bualadh le Catherine agus a foireann feachtasaíochta.

“Tá an-taithí ag Catherine, duine an-neamhspleách ina meon í, agus tá a tiomantas seanbhunaithe don chóir shóisialta ag baile agus i gcéin le moladh.”  Dúirt McDonald nach raibh aon dabht ann ach go mbeadh Catherine Connolly “sa mheá” sa chás nach mbeadh a n-iarrthóir féin ag Sinn Féin.

Dúirt Mary Lou McDonald go gcaithfeadh sí féin a bheith “ar thosach an tslua” ag tabhairt dúshlán an Rialtais.

“Domsa, faoi láthair, caithfidh mé mo chuid iarrachtaí a dhíriú ar an rialtas seo a thabhairt chun cuntais gach lá, agus rogha eile don chéad olltoghchán eile a fhorbairt in éineacht le mo chomhghleacaithe i Sinn Féin agus mo chomhghleacaithe taobh amuigh de Shinn Féin,” arsa Mary Lou McDonald agus í faoi agallamh ar Morning Ireland RTÉ.

Maidir le toghchán na huachtaránachta, dúirt sí nach raibh aon ní curtha as an áireamh ag an bpáirtí, a fhógróidh a chinneadh ar an 20 Meán Fómhair.

Déanfaidh an bheirt atá sa tóir ar ainmniúchán Fhianna Fáil don toghchán, Jim Gavin, iarbhainisteoir fhoireann peile Bhaile Átha Cliath agus an feisire parlaiminte Billy Kelleher cur i láthair dá bpáirtí parlaiminte i dTeach Laighean amárach.

Beidh vóta ann i ndiaidh na n-óráidí.

Fág freagra ar 'Cuirigí mise as an áireamh don uachtaránacht, a deir Mary Lou McDonald'