Tugadh scata mic léinn le chéile an tseachtain seo caite d’fhonn dánta a aithris os ard ar Shráid na Siopaí. Bhí idir dhánta Gaeilge agus dánta Béarla i gceist, mar atá le feiceáil agus le cloisteáil anseo.
Bhíothas ag iarraidh aird an phobail a tharraingt ar an gcomórtas ‘A Poem for Ireland’ agus go háirithe ar an dá dhán Ghaeilge atá ar an ngearrliosta sin – ‘Fill Arís’ le Seán Ó Ríordáin agus ‘Filleadh ar an gCathair’ le hAilbhe Ní Ghearbhuigh.
Tá vótaí an chomórtais sin le caitheamh faoin 8 Márta.
Tuilleadh eolais anseo: www.rte.ie/apoemforireland
Bríd
Maith sibh ar fad, a mhic léinn na ndánta.